Bagairtí ar oibrithe calafoirt cáinte ag an Aontas Eorpach

Tá imní faoi shábháilteacht oibrithe calafoirt agus an-teannas ann faoi Phrótacal Thuaisceart Éireann

Bagairtí ar oibrithe calafoirt cáinte ag an Aontas Eorpach

Tá na bagairtí a rinneadh ar an bhfoireann atá ag obair ag calafoirt an Tuaiscirt Éireann cáinte go láidir ag an gCoimisiún Eorpach.

D’iarr an Coimisiún ar oifigigh de chuid an Aontais Eorpaigh a bhíonn ag obair in éineacht lena macasamhail sa Tuaisceart gan dul ag obair inniu.

Tá imní faoi shábháilteacht oibrithe calafoirt agus an-teannas ann faoi Phrótacal Thuaisceart Éireann.

“Níl aon amhras faoi ach gurb í sábháilteacht na ndaoine an rud is tábhachtaí,” a dúirt urlabhraí an Choimisiúin, Eric Mamer.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin ar maidin gur mór an t-údar imní an scéal ag calafoirt Latharna agus Bhéal Feirste. Cháin sé na bagairtí a bhí á ndéanamh in aghaidh na n-oibrithe.

“Scéal é atá gránna agus bagrach. Ar ndóigh déanfaimid gach ar féidir linn chun an teannas a mhaolú.”

Tá cainteanna ar siúl inniu ag Póilíní an Tuaiscirt le háisíneachtaí páirte ó tharla na seiceálacha fisiciúla a eascraíonn as an  mBreatimeachta a bheith stoptha ag calafoirt Latharna agus Bhéal Feirste de bharr imní faoi chúrsaí sábháilteachta.

Cháin an Fheidhmeannacht in Stormont na bagairtí agus dúirt “nach bhféadfaí glacadh ná cur suas leo”.

Rinneadh an cáineadh nuair ab éigean don Roinn Talmhaíochta ó thuaidh den teorainn éirí as na seiceálacha a bhí á ndéanamh ag na calafoirt ar earraí bia a bhí déanta as táirgí ainmhithe.

Tá na seiceálacha sin á ndéanamh faoi na socruithe speisialta iarBhreatimeachta a tháinig i bhfeidhm ag tús na bliana seo.

Dháréag a bhí ag obair do Chomhairle Buirge Lár agus Oirthear Aontroma ag na calafoirt agus iad ag cuidiú le hoifigigh na Roinne Talmhaíochta agus le Fórsa Teorann na Ríochta Aontaithe chun na seiceálacha a dhéanamh ar earraí bia agus tógadh ón obair sin iadsan inné.

Dúirt an Chomhairle gur de bharr “an méadú a bhí tagtha ar iompar mailíseach bagrach le roinnt seachtainí”a rinneadh an cinneadh sin.

Cuireadh graifítí ag tagairt do Phrótacal Thuaisceart Éireann in airde sa gceantar an mhí seo caite agus dúradh gur “targaidí” iad na hoibrithe calafoirt.

Fág freagra ar 'Bagairtí ar oibrithe calafoirt cáinte ag an Aontas Eorpach'