‘Bagairt eiseach’ don Bhreatnais é gan aon ardú a cheadú do cheadúnas an BBC

Deirtear gur bagairt do S4C agus do Radio Cymru an cinneadh atá déanta ag Rialtas na Breataine gan aon ardú a cheadú ar cheadúnas an BBC

‘Bagairt eiseach’ don Bhreatnais é gan aon ardú a cheadú do cheadúnas an BBC

Tá rabhadh tugtha sa mBreatain Bheag gur “bagairt eiseach” don chraoltóireacht ar fad sa mBreatnais agus do thodhchaí na teanga féin” atá i gcinneadh rialtas na Breataine gan aon ardú a cheadú do cheadúnas an BBC.

Tá rabhadh tugtha ag an Ollamh Richard Wyn Jones, Stiúrthóir Rialachas Ollscoil Caerdydd sa mBreatain Bheag, gur bagairt do S4C agus do Radio Cymru an cinneadh atá déanta ag Rialtas na Breataine gan aon ardú a cheadú ar cheadúnas an BBC.

Ón mbliain seo amach beidh maoiniú iomlán S4C ag teacht ó tháille an cheadúnais agus dá réir beidh aon mhaoiniú a bheidh le déanamh feasta ag brath ar na cinntí maoinithe a dhéanfaidh an BBC faoin maoiniú ó tháillí an cheadúnais teilifíse.   

Mura mbeidh aon ardú ar an gceadúnas, is beag seans go n-ardóidh an sciar den airgead sin a thabharfar do S4C, rud a d’fhágfadh go bhféadfadh go mbeadh air ciorruithe a dhéanamh, a dúirt Wyn Jones.

Dúirt Nadine Dorries, Rúnaí Cultúir na Ríochta Aontaithe, gurb é an chéad fhógra eile faoi tháille cheadúnais an BBC “an ceann deireanach”.

Faoi Rialtas na Breataine atá cúrsaí craoltóireachta faoi láthair seachas faoi rialtas na Breataine Bige.

Agus é ag caint faoina thábhachtaí atá BBC Radio Cymru agus S4C don Bhreatnais, dúirt Richard Wyn Jones, “Ó thaobh na craoltóireachta sa mBreatnais, is iad BBC Radio Cymru agus S4C a bhfuil ann di go bunúsach. Tá siad lárnach d’úsáid agus cur ar aghaidh na teanga.”

“Tá sé an-tábhachtach a rá gurb é BBC Radio Cymru a chraolann 70% den ábhar a chraoltar sa mBreatnais cé go mbíonn an aird ar fad ar S4C.  Is deacair an iomarca béime a chur ar a thábhachtaí agus atá Radio Cymru don teanga agus do lucht a labhartha.”

Chomh maith leis an maoiniú ón gceadúnas cuireann an BBC thart ar luach £20 milliún de chláracha ar fáil do S4C gach bliain.

Cé gur fógraíodh an tseachtain seo ardú £7.5 milliún ar bhuiséad S4C níor mhaolaigh sin ar an imní atá ar dhaoine faoina bhfuil i ndán don stáisiún.

Mhaígh Richard Wyn Jones gur geall le “sciath dhaonna ag Rialtas na Ríochta Aontaithe S4C“.

“ ‘Ar ndóigh tá suim againn i dtodhchaí na Breatnaise. Féach …S4C!’ Ar ndóigh tuigim gurb é an BBC seachas S4C atá faoi ionsaí sa gcogadh cultúir seo. Creidim go bhfógrófar ardú go luath.

“Ach fiú má tharlaíonn sin, caithfimid a bheith géarchúiseach faoi seo. An toradh a bheidh ar an ionsaí seo atá rialtas Johnson a dhéanamh ar bhunphrionsabal na craoltóireachta ná mura dtagann aon athrú ar chúrsaí go mbeidh deireadh leis an BBC mar atá cleachtadh againne air tar éis 2027 – agus fágfaidh sin nach mbeidh aon todhchaí i ndán do S4C.

“Cuimhnigh air, an dóigh leat go bhfágfar S4C mar an t-aon chraoltóir poiblí sa Ríocht Aontaithe a bheidh á mhaoiniú díreach as an Státchiste i Londain? Má chreideann tú é sin, tá droichead agamsa le díol leat!”

Fág freagra ar '‘Bagairt eiseach’ don Bhreatnais é gan aon ardú a cheadú do cheadúnas an BBC'