Bagairt déanta agóid a eagrú má bhogtar Gaelscoil chuig foirgneamh a bhfuil ‘drochbhail’ air

Dúirt an Seanadóir Barry Ward go mbeadh sé ‘gan chiall’ Gaelscoil Laighean a bhogadh ón áit ina bhfuil sí faoi láthair ar an gCarraig Dhubh go dtí foirgneamh sealadach eile taobh amuigh de cheantar na scoile

Bagairt déanta agóid a eagrú má bhogtar Gaelscoil chuig foirgneamh a bhfuil ‘drochbhail’ air

Pléadh conspóid a bhaineann le suíomh a fháil do Ghaelscoil i mBaile Átha Cliath i dTithe an Oireachtais agus é ráite go bhfuil “drochbhail” ar an bhfoirgneamh nua atá roghnaithe ag an Roinn Oideachais don scoil.

Dúirt an Seanadóir Barry Ward go mbeadh sé “gan chiall” Gaelscoil Laighean a bhogadh ón áit ina bhfuil sí faoi láthair go dtí foirgneamh sealadach eile atá taobh amuigh de cheantar na scoile.

Tá bagairt déanta go bhféadfadh tuismitheoirí dhaltaí na scoile agóid suí a eagrú go dtí go rachaidh an Roinn Oideachais i mbun phlé le pobal na scoile faoin scéal.

Tá obair ar bun ag an Roinn chun foirgneamh buan a fháil do Ghaelscoil Laighean, atá lonnaithe faoi láthair ar an gCarraig Dhubh, ach go dtí go mbeidh sin ar fáil, tá an scoil ag brath ar ionaid shealadacha.

Tá láthair nua faighte don scoil ar Ascaill Eblana i nDún Laoghaire ach níl tuismitheoirí na scoile sásta leis an réiteach sin agus léiríodh imní go mbeadh ar roinnt tuismitheoirí a ngasúir a chur chuig scoileanna Béarla toisc nach mbeadh siad in ann freastal ar an ionad nua i nDún Laoghaire.

Dúirt tuismitheoir amháin go bhféadfaí agóid a eagrú agus suí isteach san fhoirgneamh ina bhfuil an scoil faoi láthair go dtí go n-éistfidh an Roinn Oideachais leo.

Dúirt Noelle Regan, a bhfuil gasúr aici a fhreastalaíonn ar Ghaelscoil Laighean,  ar an stáisiún raidió FM104 go raibh teip iomlán ar an gcumarsáid idir an Roinn Oideachais agus lucht na scoile.

“As a parent myself at the school, if we have to, we will organise a sit-in to refuse to leave Kill Lane until the Department of Education engage with us in civilised dialogue.”

Tuigtear go bhfuil lucht na scoile ag iarraidh fanacht san ionad ina bhfuil siad anois ar Lána na Cille go dtí go gcuirfear foirgneamh buan ar fáil dóibh. Tá sé beartaithe ag an Roinn Oideachais scoil eile a bhogadh isteach san ionad sin, áfach.

Dúirt an Seanadóir Barry Ward, a raibh baint aige le bunú na scoile, gur chuir sé fáilte roimh an scéal ar dtús go raibh ionad nua faighte do Ghaelscoil Laighean i nDún Laoghaire go dtí gur thuig sé nach raibh tuismitheoirí, múinteoirí ná príomhoide na scoile sásta leis an socrú nua.

Dúirt sé go raibh iontas air go raibh an scoil á bogadh ó dheas ó cheantar na Carraige Duibhe/Bhaile an Bhóthair go dtí Dún Laoghaire.

Tá ráite ag an bhForas Pátrúnachta, patrún Ghaelscoil Laighean, go bhfuil an t-ionad ina bhfuil siad faoi láthair róbheag don scoil agus dúirt Ward nach bhfuil an t-ionad nua mórán níos mó. Dúirt sé go raibh an scoil le lonnú ar urlár na talún den fhoirgneamh agus nach mbeadh aon chlós ar fáil do na gasúir.

Mheas sé go gcuirfeadh an t-aistriú ón gCarraig Dhubh go dtí Dún Laoghaire isteach ar phobal na scoile freisin.

“Cuirfidh an t-aistriú go Dún Laoghaire isteach go mór ar thuismitheoirí. Daoine a d’athraigh a saol, a bpost agus a seoltaí ionas go mbeidís in abhantrach na scoile seo, caithfidh siad tiomáint go Dún Laoghaire anois, seachas a bheith ag siúl chun na scoile lena bpáistí mar a bhídís,” arsa Ward.

“Níl aon chiall le cinneadh seo na Roinne Oideachais, an scoil a aistriú fiú ar bhonn sealadach, agus is mór atá sé ag cur as do phobal na scoile,” a dúirt an Seanadóir Ward.

Dúirt an Seanadóir chomh maith go raibh “an t-uafás eolas míchruinn” á chur amach ag na húdaráis faoin scéal.

Dúirt an tAire Stáit Oideachais Josepha Madigan go raibh a fhios ag an scoil ón tús nach mbeidís san ionad ar Lána na Cille ach ar feadh dhá bhliain agus go gcaithfí suíomh sealadach eile a fháil dóibh ansin chun freastal ar an bhfás a bhí le teacht ar líon na ndaltaí.

Dúirt sí gur san ionad i nDún Laoghaire a bheadh an scoil lonnaithe do na scoilbhlianta 2021 agus 2022.

Idir an dá linn, dúirt sí go raibh an Roinn Oideachais tiomanta suíomh buan a fháil do Ghaelscoil Laighean agus go raibh sí ar chlár caipitil na Roinne. Thug sí le fios go raibh an-chuid deacrachtaí ag baint le suíomh a fháil, áfach.

“Tá dúshlán ar leith ag baint le láithreacha a fháil do scoileanna i gceantair ardfhorbartha i gceantair uirbeacha mar a bhfuil talamh gann. Ní haon iontas gur amhlaidh an scéal sa gCarraig Dhubh/Baile an Bhóthair.

“Cé gur aithníodh roinnt láithreacha a d’fhéadfadh a bheith feiliúnach le cuidiú ó Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, ach go dtí seo níl ach dhá láthair acu a bhí feiliúnach agus a bhí ar fáil.

“Tá oifigigh mo Roinne ag plé le hoifigigh na Comhairle Contae faoin dá láthair sin mar roghanna do dhá bhunscoil, ceann acusan Gaelscoil Laighean,” a dúirt Madigan.

Bhí súil ag lucht na scoile go bpléifí ceist na scoile ag cruinniú de chuid Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin an tseachtain seo ach níor ardaíodh an cheist le linn an chruinnithe. Ní bheidh an chéad chruinniú eile de chuid na Comhairle ann go dtí an mhí seo chugainn.

Fág freagra ar 'Bagairt déanta agóid a eagrú má bhogtar Gaelscoil chuig foirgneamh a bhfuil ‘drochbhail’ air'