Bád iascaigh agus a criú curtha faoi choinneáil amach ó chósta na Gaeltachta

Chuir an LÉ William Butler Yeats bás iascaigh a bhí cláraithe sa bhFrainc faoi choinneáil thart ar 25 muirmhíle siar ón mBlascaod Mór

Bád iascaigh agus a criú curtha faoi choinneáil amach ó chósta na Gaeltachta

Cuireadh bád iascaigh agus a criú faoi choinneáil amach ó chósta na Gaeltachta i gCiarraí inné maidir le sárú a líomhnaíodh a bhí á dhéanamh ar na rialacháin iascaigh.

Chuir an long chabhlaigh an LÉ William Butler Yeats bás iascaigh a bhí cláraithe sa bhFrainc faoi choinneáil thart ar 25 muirmhíle siar ón mBlascaod Mór.

Thionlaic an  LÉ William Butler Yeats an bád iascaigh i dtír mar ar tugadh ar láimh do An Gharda Síochána an bád agus a criú.

Seo an séú bád a chuir an Cabhlach ar a coinneáil ó thús na bliana.

Fág freagra ar 'Bád iascaigh agus a criú curtha faoi choinneáil amach ó chósta na Gaeltachta'

  • Poraic o'hEipicín

    Is focal Béarla é criú. Foireann an focal Ceart.