Bac ar ola, ar theilifís agus ar arm na Rúise beartaithe ag an AE

Ach beannacht na mballstát a fháil, cuirfidh an tAontas Eorpach cosc ar iompórtáil ola na Rúise roimh dheireadh na bliana seo

Bac ar ola, ar theilifís agus ar arm na Rúise beartaithe ag an AE

Tá plean fógartha ag an Aontas Eorpach cosc a chur ar iompórtáil ola na Rúise roimh dheireadh na bliana seo.

Tá an cosc ar ola i measc na smachtbhannaí is déanaí atá beartaithe ag an AE.

Má thugann ballstáit an AE a mbeannacht do na smachtbhannaí nua, díreofar chomh maith ar oifigigh shinsearacha in arm na Rúise a rinne coireanna cogaidh in Mariupol agus in Bucha.

“Tá a fhios againn cé sibh féin agus ní thabharfaidh sibh na cosa libh,” a dúirt Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, agus an séú babhta smachtbhannaí ar an Rúis á fhógairt ar maidin aici.

Faoi na smachtbhannaí nua bhainfí Sberbank, an banc is mó sa Rúis, amach as an gcóras idirnáisiúnta aistrithe bainc, SWIFT. Chomh maith leis sin, chuirfí cosc san AE ar thrí chraoltóir stáit de chuid na Rúise toisc iad a bheith “ina mbolscairí a chuireann le bréaga Putin”.

Dúirt Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh go raibh fonn ar Vladimir Putin an Úcráin “a ghlanadh den mhapa” ach gurb í a thír féin a bhí ag imeacht “go tóin poill”.

“Déanfaimid cinnte de go stopfar ag úsáid ola na Rúise ar bhealach eagraithe,” arsa Ursula von der Leyen.

“Ar bhealach a cheadaíonn dúinne agus dár gcomhghleacaithe bealaí soláthair eile a fháil agus ag an am céanna a bheith an-chúramach go ndéanfar an dochar is lú is féidir don mhargadh idirnáisiúnta.”

Faoin bplean nua bheadh cead ag an Ungáir agus an tSlóvaic ola na Rúise a cheannach go dtí 2023 nuair a rachaidh na conarthaí atá acu leis an Rúis in éag.

Bheadh daoine aonair eile thíos leis na smachtbhannaí is déanaí atá beartaithe ag an AE chomh maith, ceannasaí Eaglais Cheartchreidmheach na Rúise ina measc.

Dúirt an Pápa Proinsias an tseachtain seo nach bhféadfadh Patrarc Kirill a bheith “ina chléireach”, nó freastalaí aifrinn, ag Putin. Tá a thacaíocht iomlán tugtha ag an bPatrarc don Uachtarán agus a ionradh ar an Úcráin.

Idir an dá linn, bhuail an Rúis trí ionad cumhachta i Lviv aréir le diúracáin.

In Mariupol, tá súil ag na Náisiúin Aontaithe agus ag Cumann na Croise Deirge go mbeidh siad ábalta cuidiú le tuilleadh de na sibhialtaigh atá teanntaithe i monarcha cruach Azovstal.

Shroich 100 bean is páiste a tugadh amach as  monarcha cruach Azovstal in Mariupol ag an deireadh seachtaine áit shábháilte san Úcráin inné.

Fág freagra ar 'Bac ar ola, ar theilifís agus ar arm na Rúise beartaithe ag an AE'