Agus na comórtais idirchontae tagtha chun críche ón deireadh seachtaine seo caite, is féidir le lucht peile agus iomána na tíre díriú go hiomlán ar chraobhacha na gclubanna anois agus cuid mhaith de na comórtais céanna faoi lán seoil i láthair na huaire.
Tabharfar seachtain eile do pheileadóirí Mhaigh Eo le teacht chucu féin i ndiaidh dóibh cluiche ceannais na hÉireann eile a chailliúint sula gcuirfear tús leis an gcraobh sa chontae sin ach beidh cluichí móra i nGaillimh, i gCiarraí, i nDún na nGall i bPort Láirge agus i gcontae na Mí an deireadh seachtaine seo.
Gaillimh
Craobh Idirmheánach Peile na Gaillimhe
Naomh Gabriel v Micheál Breathnach – 7.30pm, Béal Átha na Sluaighe
Dé Sathairn, an 18 Meán Fómhair
Craobh Shinsir Peile na Gaillimhe
Naomh Micheál v An Spidéal – 3pm, Staid an Phiarsaigh
Baile Chláir v An Cheathrú Rua – 3.30pm, Páirc an Mhachaire
Uachtar Ard v Bearna – 4.45pm, Staid an Phiarsaigh
Dé Domhnaigh, an 19 Meán Fómhair
Craobh Shinsir Peile na Gaillimhe
Maigh Cuilinn v Eanach Dhúin – 2.15pm, Staid an Phiarsaigh
Craobh Idirmheánach Peile na Gaillimhe
Áth Cinn v Naomh Anna – 2pm, An Fhairche
Oileáin Árann v Cill Choirín-Cluain Bheirn – 2.15pm, Páirc an Mhachaire
Beidh foirne Ghaeltacht na Gaillimhe san iomaíocht sa dara babhta cluichí i gCraobhacha Sinsir agus Idirmheánacha Peile na Gaillimhe idir seo agus Dé Domhnaigh.
Amárach a bheidh formhór d’fhoirne Chonamara sa Chraobh Shinsir ag dul chun páirce. Is ag 3pm Dé Sathairn a bheidh An Spidéal ag tabhairt aghaidh ar Naomh Micheál. Rinne fir an Spidéil teacht aniar iontach chun Baile an Mhuilinn a chloí sa chéad bhabhta ach beidh dúshlán mór rompu amárach agus iad ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar Naomh Micheál, foireann nár éirigh leo a chloí le cúpla bliain anuas.
Is i Staid an Phiarsaigh freisin (4.45pm) a bheidh an cluiche idir Bearna agus Uachtar Ard. Beidh Bearna ag iarraidh taispeántas níos fearr a thabhairt ná mar a thug siad coicís ó shin in aghaidh Chora Finne. Cé gur bhuaigh Uachtar Ard a gcluiche sa chéad bhabhta, tá siad faoi mhíbhuntáiste agus an t-imreoir idirchontae Mattie Tierney leonta i láthair na huaire.

Is i mBóthar na Trá freisin a bheidh foireann na Ceathrún Rua ag dul chun páirce amárach, iad ag tabhairt aghaidh ar Bhaile Chláir ar Pháirc an Mhachaire ag 3.30pm. Thug Eanach Dhúin greadadh ceart don Cheathrú Rua sa chéad bhabhta agus beidh ar fhir na Gaeltachta feabhsú go mór má tá siad chun foireann óg Bhaile Chláir a shárú.
Is ar éigean a fuair seaimpíní 2020, Maigh Cuilinn, an ceann is fearr ar Bhaile Chláir sa chéad bhabhta ach d’éirigh leo faoi dheireadh. Beidh Maigh Cuilinn anois ag iarraidh céim mhór a thógáil i dtreo na mbabhtaí díbeartha agus bua a fháil ar Eanach Dhúin i Staid an Phiarsaigh Dé Domhnaigh (2.15pm).
Sa Chraobh Idirmheánach, rachaidh fir Chois Fharraige, Micheál Breathnach chun páirce anocht in aghaidh Naomh Gabriel. Bhí bua iontach ag na Breathnaigh ar Áth Cinn sa chéad bhabhta agus beidh Naomh Anna, Leitir Móir ag iarraidh an gaisce céanna a dhéanamh nuair a thabharfaidh siadsan aghaidh ar Áth Cinn Dé Domhnaigh. Beidh Oileáin Árann ag dul chun páirce an lá céanna in aghaidh Chill Choirín-Cluain Bheirn, cluiche thar a bheith cinniúnach don dá fhoireann agus a gcluichí sa chéad bhabhta caillte acu.

Ciarraí
Craobh Idirmheánach Peile Chiarraí Baile Uí Dhonnchú v Piarsaigh na Dromoda – 2.30pm, Baile Uí Dhonnchú An Ghaeltacht v Bhaile an Mhuilinn/Caisleán na Mainge – 2.30pm, Gallaros
Beidh deireadh seachtaine saor ag peileadóirí sinsir an Daingin agus an chéad dá chluiche a bhí acu i gCraobh na gClubanna buaite acu agus beidh Cumann Caide na Gaeltachta ag iarraidh amhlaidh a dhéanamh nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar Bhaile an Mhuilinn-Caisleán na Mainge Dé Domhnaigh i nGallaros (2.30pm). Bhuaigh An Ghaeltacht ar Fhánaithe na Leamhna sa chéad bhabhta coicís ó shin.
Is ag 2.30pm freisin a bheidh Piarsaigh na Dromoda ag imirt as baile in aghaidh Bhaile Uí Dhonnchú. Tá fir Uíbh Ráthaigh sa tóir ar a gcéad mbua i gcraobh na bliana seo.

Port Láirge
Craobh Idirmheánach Camógaíochta Phort Láirge An Rinn vs Modeligo – 6pm, Páirc Uí Shíothcháin Dé Domhnaigh, an 19 Meán Fómhair Craobh Idirmheánach Iomána Iarthar Phort Láirge An Rinn v An tSráidbhaile- 7pm, Páirc Uí Fhearchair
Tá deireadh seachtaine mór roimh lucht na gcamán sa Rinn agus foirne na bhfear agus na mban ag imirt. Cuirfidh foireann camógaíochta na Rinne tús leis an gCraobh Idirmheánach Dé Sathairn nuair a imreoidh siad in aghaidh Mhaigh Dheilge ar Pháirc Uí Shíothcháin.
Ar an Domhnach, beidh foireann idirmheánach na bhfear ag imirt i gcluiche leathcheannais an iarthair in aghaidh an tSráidbhaile. Bhí bua cumasach ag an Rinn ar an bhfoireann chéanna sna babhtaí ceathrú ceannais anuraidh.

Dún na nGall
Craobh Shinsir Peile Dhún na nGall Naomh Conaill v Gleann Fhinne – 2pm, Na Gleannta Dé Domhnaigh, an 19 Meán Fómhair Craobh Shinsir Peile Dhún na nGall Naomh Náille v An Tearmann – 2pm, Tamhnach an tSalainn Seán Mac Cumhaill v Naomh Micheál – 4.30pm, Bealach Féich
Cé nach bhfuil buaiteoir againn go fóill ar Chraobh 2020, cuireadh tús le Craobh Shinsir Peile Dhún na nGall an deireadh seachtaine seo caite agus rachaidh ocht bhfoireann eile chun páirce sa chéad bhabhta an deireadh seachtaine seo.
Cé go bhfuil Naomh Conaill fós ag fanacht ar chinneadh maidir le cluiche ceannais 2020, cluiche a cheap an cumann a bhí buaite acu go dtí go ndearnadh agóid, cuirfidh fir na nGleanntach tús le feachtas 2021 sa bhaile in aghaidh Ghleann Fhinne amárach (2pm).
Amárach a rachaidh Naomh Náille chun páirce in aghaidh an Tearmainn agus beidh Naomh Micheál i gcoinne Sheáin Mhic Chumhaill.

An Mhí
Craobh Shinsir Iomána na Mí Cill Liatháin v Clann na nGeal – 5.30pm, Cill Dealga Dé Domhnaigh, an 19 Meán Fómhair Craobh Shinsir Iomána na Mí Cill Mheasáin v Bhulf Tón – 3.30pm, Dún Doire
Tá cluiche amháin buaite agus cluiche amháin caillte ag Clann na nGael i gCraobh Shinsir Iomána na Mí agus is in aghaidh Chill Liatháin a bheidh fir Ráth Chairn/Bhaile Átha Buí sa tríú babhta Dé Sathairn.
Tá Bhulf Tón leo i nGrúpa B agus beidh siad sa tóir ar a gcéad bhua nuair a imreoidh siad in aghaidh Chill Mheasáin Dé Domhnaigh.
Fág freagra ar 'Babhtaí cinniúnacha d’fhoirne na Gaeltachta agus craobhacha peile agus iomána faoi lán seoil'