Babhta nua de chomórtas aistriúcháin Gaeilge seolta chun daltaí a mhealladh i dtreo na gairme

Roimhe seo, ní bhíodh ach daltaí i scoileanna Gaeilge in ann cur isteach ar an gcomórtas ach, i mbliana, beidh gach meánscoil in Éirinn i dteideal iarratas a dhéanamh ar pháirt a ghlacadh sa chomórtas

Babhta nua de chomórtas aistriúcháin Gaeilge seolta chun daltaí a mhealladh i dtreo na gairme

Tá an tríú babhta de chomórtas aistriúcháin do dhaoine óga seolta agus iarracht á déanamh daltaí meánscoile a mhealladh i dtreo na gairme.

Tá an comórtas Aistritheoirí Óga á reáchtáil ag Aonad an Aistriúcháin Gaeilge sa Choimisiún Eorpach chun deis a thabhairt do dhaltaí in Éirinn triail a bhaint as an aistriúchán agus blaiseadh a fháil de na dúshláin a bhíonn roimh aistritheoirí gairmiúla in institiúidí an Aontais Eorpaigh.

Roimhe seo, ní bhíodh ach daltaí i scoileanna Gaeilge in ann cur isteach ar an gcomórtas ach, i mbliana, beidh gach meánscoil in Éirinn i dteideal iarratas a dhéanamh ar pháirt a ghlacadh sa chomórtas.

Tá an comórtas oscailte do dhaltaí meánscoile in Éirinn, thuaidh agus theas, a bhí 15 bliain nó níos sine ar an 1 Meán Fómhair 2019, agus a bhfuil sé de chumas iontu aistriúchán a dhéanamh ó Bhéarla go Gaeilge, nó ó cheann de 5 theanga Eorpacha eile go Gaeilge.

Bronnfar sé dhuais mar chuid den chomórtas, duais as an aistriúchán is fearr ó Bhéarla i ngach cúige, duais speisialta as an aistriúchán is fearr ó theanga seachas an Béarla, agus príomhdhuais as an aistriúchán is fearr as oileán na hÉireann.

Táibléad Samsung a bhronnfar ar gach buaiteoir agus gheobhaidh buaiteoir na príomhdhuaise an buanchorn chomh maith.

Ba é Domhnall Ó Braonáin as Coláiste Cholmcille in Indreabhán i nGaeltacht Chonamara a bhuaigh an duais mhór sa chomórtas anuraidh.

Bunaíodh an comórtas Aistritheoirí Óga in 2017 chun trí sprioc a bhaint amach, ardchaighdeán Gaeilge a chur chun cinn i measc daltaí scoile, an t‑ilteangachas a spreagadh agus suim daoine óga a mhúscailt i ngairmeacha le Gaeilge.

Tuigtear gur gá níos mó daoine a mhealladh i dtreo an aistriúcháin mar go mbeidh stádas iomlán ag an nGaeilge mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh faoin mbliain 2022 agus tá tuilleadh baill foirne a bhfuil Gaeilge acu á lorg chun an reachtaíocht ar fad a achtófar san Aontas a aistriú go Gaeilge ón uair sin amach, mar a dhéantar i gcás na 23 theanga oifigiúla eile.

Scoileanna ar mian leo a bheith páirteach sa chomórtas, ní mór dóibh clárú faoin15 Eanáir 2020.


Is ar an 3 Márta 2020 a bheidh an comórtas ar siúl agus is sna scoileanna féin a reáchtálfar é.


Tá tuilleadh eolais faoin gcomórtas, faoin bpróiseas clárúcháin agus faoi rialacha an chomórtais le fáil anseo.

Fág freagra ar 'Babhta nua de chomórtas aistriúcháin Gaeilge seolta chun daltaí a mhealladh i dtreo na gairme'