Cóitseálaithe faoi bhrú agus gan liathróid buailte fós i gcraobhchomórtas na Sé Náisiún

Cé nach bhfuil Corn Domhanda an Rugbaí agus an gleo a bhain leis sin ar fad díreach thart, tá domhan an spóirt ag díriú anois ar thús Chomórtas na Sé Náisiún

Pictiúr: ©INPHO/James Crombie
Pictiúr: ©INPHO/James Crombie

Is cinnte go mbeidh lucht leanta rugbaí na hÉireann ag iarraidh iarrachtaí fhoireann rugbaí na tíre seo sa gCorn Domhanda a chur as a gcuimhne chomh sciobtha agus is féidir leo. Go deimhin, ní ró-iontach a d’éirigh le haon fhoireann ón limistéar seo sa gcomórtas céanna agus tá fonn orthu ar fad dearmad a dhéanamh ar an gCorn céanna déarfainn.

Ó tharla gur éirigh leis na hÉireannaigh comórtas na Sé Náisiún a bhuachtáil le dhá bhliain anuas seans gur orthu sin atá an brú is mó sula dtosaíonn an comórtas. Cé go mbeidh buntáiste an bhaile agus imirt san Aviva acu an Domhnach seo, tá an mí-ádh orthu gur i gcoinne na Breataine Bige, rogha na coitiantachta do chraobh na bliana seo faoi láthair, atá siad. Feicimid linn faoi sin amach anseo.

Ní dóigh go mbeidh Joe Schmidt ag tabhairt mórán airde ar na geallghlacadóirí. Beidh sé siúd dírithe go hiomlán ar fhoireann a roghnú a bheas in ann sprid agus cáil na hÉireann a athnuachan ar an ardán idirnáisiúnta. Ní dóigh mar sin go mbainfidh Joe geit as aon duine nuair a fhogróidh sé a rogha. Seachas cinneadh maidir le leathbhadóir Devin Toner sa dara roinn i sean-áit Paul O’Connell agus an té a bheas mar ionadaí ag Peter O’Mahony, imreoir atá gortaithe, sa líne cúil tosaithe, seans go roghnóidh an fhoireann seo í féin. Fós féin, ar fhianaise na himeartha a chonaic muid le gairid ó imreoirí sinsearacha na hÉireann agus iad ag imirt dá gclubanna, teastóidh athrú ollmhór ar chaighdeán na himeartha leis an láimh in uachtar a fháil ar na Breathnaigh, fiú agus buntáiste an bhaile acu.

Ach roimh an gcluiche sin ar an Domhnach tabharfaidh na Francaigh agus na hIodálaigh faoina chéile i bPáras. Cé nach bhfuil aon duine ag tabhairt mórán seans do na hIodálaigh beidh an-suim sa gcluiche seo de bhrí gurb é an chéad chluiche ag na Francaigh agus cóitseálaí nua, Guy Noves, i gceannas orthu. As Toulouse a tháinig Noves áit a raibh sé mar chóitseálaí ó 1993 i leith agus d’éirigh leo greim a fháil ar an gCorn Eorpach trí huaire le linn dó a bheith i gceannas. Meas tú an mbeidh tionchar den chineál céanna aige ar na Francaigh?

Beidh Eddie Jones, cóitseálaí nua eile i gceannas ar na Sasanaigh agus iadsan ag tabhairt faoi Alba sa gCalcutta Cup Dé Sathairn. Ní éisteoidh lucht leannta rugbaí Shasana le haon leithscéal má theipeann ar Jones agus ar a fhoireann an beart a dhéanamh i Murrayfield. Astrálach é Eddie Jones a tháinig go Sasana ón tSeapáin, an chéad eachtrannach a cuireadh i gceannas ar fhoireann idirnáisiúnta Shasana. Is cinnte nach raibh sé éasca acu an cinneadh sin a dhéanamh, ach seans gur beag rogha a bhí acu de bharr gur náiríodh iad sa gCorn Domhanda.

Is fiú a rá freisin gur cóitseálaí nua ar bhealach é Vern Cotter, an té atá i gceannas na hAlban. Cé go raibh sé i gceannas don Chorn Domhanda, seo é an chéad uair aige i gComórtas na Sé Náisiún.

Fágann sin gur ar an gcóitseálaí atá an brú agus gan liathróid buailte fós i gcomórtas na bliana seo. Iadsan a bheas thíos leis má chliseann ar na foirne, seans dá bhrí sin go bhfuil Warren Gatland na Breataine Bige breá sásta leis féin faoi láthair. Meas tú ceard a cheapann Joe Schmidt faoi sin?

Fág freagra ar 'Cóitseálaithe faoi bhrú agus gan liathróid buailte fós i gcraobhchomórtas na Sé Náisiún'