‘Ba thúisce a chuirfeadh na gasúir an Nollaig ar ceal ná fanacht ón Oireachtas!’ – Gormfhlaith Ní Thuairisg

Sa tsraith seo, ceistítear roinnt daoine aitheanta faoina gceangal le hOireachtas na nGael. An geábh seo, Gormfhlaith Ní Thuairisg, an craoltóir aitheanta le Raidió na Gaeltachta

‘Ba thúisce a chuirfeadh na gasúir an Nollaig ar ceal ná fanacht ón Oireachtas!’ – Gormfhlaith Ní Thuairisg

1. Céard is cuimhin leat faoi do chéad Oireachtas?

Ní dheachaigh muid chuig an Oireachtas  nuair a bhí mé óg – ní raibh aithne agam ar mhórán teaghlach a chuaigh. Ach d’éisteofaí i gcónaí leis ar an raidió. Thosaigh mise ag freastal ar an Oireachtas mar gur thosaigh mo chuid gasúr ag cur isteach ar chomórtais agallaimh beirte agus lúibíní leis an scoil. B’in sé nó seacht de bhlianta ó shin – anois, ba túisce a chuirfidís an Nollaig ar ceal ná fanacht sa mbaile.

2. An rud is fearr faoin Oireachtas?

Freastal ar imeachtaí agus comórtais ina mbíonn óg agus aosta ag baint sásamh agus gáire ar an ábhar céanna. Is fíorbheagán ócáid sa lá atá inniu ann, ina mbíonn gach aoisghrúpa ag glacadh páirt sa rud céanna – agus ag baint an chraic agus an spraoi céanna as a bheith ar stáitse agus ag féachaint ar dhaoine eile i mbun na ceirde. Sin ceann de an gnéithe is tábhachtaí agus is sainiúla faoin Oireachtas, feictear dom.

Agus ar ndóigh comhrá le seanchairde, daoine nach bhfeicim ach corruair agus roinnt daoine a fheicim chuile lá ach nach mbíonn am agam suí síos in éineacht leo ach le linn na cúpla lá saoire sin!

3. An rud is measa faoin Oireachtas?

An brú a bhaineann leis an iarracht gach trá a fhreastal – comórtais páistí agus daoine fásta, casadh le daoine – agus buille oibre a dhéanamh más gá! Ach sin cuid den spraoi freisin.

4. Cill Airne arís?

Mar a dúirt duine le gairid liom “tá a fhios agam go díreach cé a chasfar orm i gCill Airne, cén beár ina mbeidh siad, cá mbeidh mise, cén áit a mbeidh na comórtais…” Ní gá gur rud maith é sin. Feictear dom go bhfuil sé in am féachaint ar roinnt bailte eile – tuigim go bhfuil dúshláin ag baint leis do chriú an Oireachtais… ach má tá an Fhleadh Cheoil in ann é a dhéanamh, meas tú an mbeadh an tOireachtas?

5. Comhairle don té atá ag freastal ar a chéad Oireachtas…

Má tá tú sách óg agus sách cróga, glac páirt i gcomórtais! Mura bhfuil, déan freastal orthu – sin iad croí na féile.

6. Club na Féile nó Corn Uí Riada?

Faraor, ní do mo leithéidse Club na Féile níos mó! Fágfaidh mé ag an dream níos óige é –  Corn Uí Riada domsa agus oíche go maidin ina dhiaidh!

7. Dá mbeifeá i bhfeighil ar an Oireachtas, céard iad na hathruithe a dhéanfá?

Tá an-rath ar na comórtais do dhaoine óga le roinnt blianta agus is maith sin. Ach caithfear iad a chur in oiriúint don fhás sin chomh maith. Feicim i mbliana go bhfuil breis agus 30 istigh ar chomórtas agallamh beirte faoi 12 agus 45 istigh ar an amhránaíocht faoi 12. Níl sé sin féaráilte ar ghasúir, ar thuismitheoirí ná ar mholtóirí – níl sé ceart go mbeadh sé beagnach dodhéanta  féachaint ar chomórtas ó thús go deireadh. Bheadh sé éasca na comórtais mhóra sin a bhriseadh síos ina gcomórtais níos lú de réir aoise – tá na sonraí aoise ag an Oireachtas cheana fhéin – agus ní bheadh de chostas air ach cúpla bonn breise! Bheadh faitíos orm, mura dtugtar aird air seo, go n-éireodh daoine óga bréan de agus nach leanfadh siad ar aghaidh agus iad sna déaga, nuair a thagann titim thobann ar an líon iomaitheoirí.

8. Céard is comhartha Oireachtas maith ann?

An t-atmaisféar i lobby an Ghleneagle tráthnóna Dé hAoine nuair atá Rónán Beo ar an aer agus an t-atmaisféar san áit chéanna tar éis Chorn Uí Riada ar an Satharn – insíonn sin go leor.

9. Céard iad na seifteanna atá agat le teacht slán as an Oireachtas?

Ná téigh amach chuile oíche! Ól neart uisce! Imigh ón Oireachtas ar a laghad lá amháin agus oíche amháin -téigh ag siúl sa bpáirc náisiúnta, aimsigh teach ósta deas i gCill Airne. Éalaigh as an ‘bpressure cooker’!

10. Cén tOireachtas ab fhearr leat agus cén fáth?

An ceann nuair a bhronn scríbhneoir anaithnid rogha lúibíní agus agallamh beirte barrúla, deisbhéalacha ar mo chuid gasúr dhá mhí roimh an am, agus rinne siad iad a chleachtadh iad féin, gan chomhairle, gan chúnamh, gan troid, sula ndeachaigh siad ar stáitse. Thosaigh mé féin ag ól fíon dearg ag a sé a chlog tráthnóna Dé hAoine agus le chuile ghloine, d’éirigh mo chuid cainte níos tráthúla agus mo chuid tuairimí níos grinne. Chuaigh mé a chodladh faoi dheireadh ag a trí agus nuair a d’éirigh mé ar maidin, NÍOR smaoinigh mé ar chomhrá fada, gan bhrí, a bhrú mé ar chréatúr bocht neamhurchóideach sa Seomra Glas an oíche roimh ré, ach chuaigh mé amach ag rith agus mo chloigeann chomh glan soiléir le ceann naíonáin.An oíche dár gcionn bhuaigh mé Corn Uí Riada.*

*Deir siad liom nár tharla sé seo. Tá siad mícheart. Nach bhfuil a fhios acu nach raibh cuimhne mhíchruinn nó áibhéil riamh i scéalta faoin Oireachtas?

Fág freagra ar '‘Ba thúisce a chuirfeadh na gasúir an Nollaig ar ceal ná fanacht ón Oireachtas!’ – Gormfhlaith Ní Thuairisg'