Ba shuaite na seacht mbliana a bhí ag Claire Byrne Live

Ba chorraitheach agus ba shuaite an tréimhse a bhí againn ó thaobh cúrsaí reatha ó cuireadh tús le ‘Claire Byrne Live’, clár ar tháinig deireadh leis an tseachtain seo

Ba shuaite na seacht mbliana a bhí ag Claire Byrne Live

Dar liom gur tháinig an fógra go raibh deireadh ag teacht le clár cúrsaí reatha Claire Byrne aniar aduaidh ar mhórán. Cuireadh in iúl dúinn go raibh an láithreoir ag iarraidh níos mó ama a chaitheamh lena muintir mar aon le díriú ar a clár raidió laethúil.  

Tháinig an clár cúrsaí reatha Claire Byrne Live (Dé Máirt, RTÉ1) os ár gcomhair den chéad uair in 2015; gála eile sa tsraith clár ó Question and Answers le John Bowman go Frontline le Pat Kenny. Ní raibh sé os ár gcomhair chomh fada sin mar sin ach ba chorraitheach agus ba shuaite na seacht mbliana iad mar sin féin.  

Bhí dhá olltoghchán ann, dhá reifreann, cíor thuathail Brexit, corraíl na paindéime, cogadh na hÚcráine agus alfraitsíocht Trump agus Boris. Dar liom nach raibh an clár chomh neadaithe sin i nósanna féachana an phobail ach ina dhiaidh sin féin soláthraíodh mórán ábhar cadrála do dhaoine is iad le hais an fhuaraitheora uisce. Luke O’Neill ag fánaíocht i mbolgán plaisteach, pínt i dteach tábhairne McCoys le Joe Duffy, léasadh á thabhairt do Nigel na buinní agus ionsaí ainmheasartha Leo Varadkar ar NPHET is Tony Holohan.  

Lena ceart a thabhairt do Byrne dhein sí a cúram go géarchúiseach, stuama agus go tuisceanach cé go gcuaigh an clár le báiní ar uairibh i rith na paindéime.  

Cuireadh clabhsúr leamh go maith leis an gclár deireanach agus Alison O’Connor, an tOllamh Diarmaid Ferriter agus Martin Warde bailithe isteach sa stiúideo le dreas cainte a dhéanamh fé chúrsaí reatha na seacht mbliana. Faoi mar a rianaíodh thuas ní raibh aon easpa ábhar orthu. Níor tugadh aon tuiscintí nua chun solais; sinn róbháite i gcuid den ábhar le breithiúnas leathstairiúil féin a thabhairt orthu. Do rith sé liom go mb’fhéidir go mbeadh sé níos feiliúnaí, agus marana á déanamh ar chlár cúrsaí reatha, cíoradh a dhéanamh ar nósanna féachana agus foinsí nuachta an lucht féachana; teacht chun cinn láidir na bréagnuachta, go háirithe.  

An cheist anois ná cad é agus cé hé/hí a thiocfaidh i gcomharbacht ar Claire Byrne. Is cinnte go dtiocfaidh sraith éigin óir go bhfuil goile, agus gá, i gcónaí do chlár dá leithéid. B’fhéidir go bhfuilim ábhairín seanfhaiseanta ach b’fhearr liom féin na gimicí ar fad, Luke sa bholgán mar shampla, a fhágaint go leataobh agus filleadh ar mhúnla díreach, neamhthrócaireach Questions and Answers. É sin agus breis ionchuir ó lucht féachana eolgaiseach, míreanna réamhthaifeadta agus dul ar camchuairt anois is arís. Cé nach aon dóithín é fear Chonamara, Cormac Ó hEadhra, is dóigh liom féin gurb í a chomhghleacaí agus Conamarach eile, Sarah McInerney, a shuífidh i gcathaoir Byrne.  

Tá sí ar Prime Time faoi láthair agus bhíodh sí ag déanamh ionadaíochta ar Vincent Browne tráth. Tá gealladh fúithi le tamall agus í chomh géarchúiseach, cumasach – b’fhéidir níos cumasaí fiú – ná a réamhtheachtaí.  

Fág freagra ar 'Ba shuaite na seacht mbliana a bhí ag Claire Byrne Live'