Ba mhór idir ‘Oireachtas’ TG4 agus ‘Pioc My Rugbaí Faoi 17 agus mo Volvo Gléasta Chun Féasta’

Bhí blianta ann nuair ba le RnaG amháin príomhfhéile na nGael, ach tá kool aid an Oireachtais caite siar ag TG4 le fonn anois

Ba mhór idir ‘Oireachtas’ TG4 agus ‘Pioc My Rugbaí Faoi 17 agus mo Volvo Gléasta Chun Féasta’

Aimsir Oireachtais déanaimid craos le sean-nós, agallaimh bheirte, scéalaíocht, lúibíní, seoltaí leabhar, seimineáir, béadán, cúlchaint agus pinn (nó lachain) saor in aisce ag an aonach.

Tugtar le fios dúinn, le rian beag den bhuaileam sciath go mbíonn tuairim is 10,000 duine ag tarraingt ar an bhféile le féachaint ar an tuairim is 760 iomaitheoir agus is fiú €5.5 milliún é don gheilleagar áitiúil. Gan amhras déanaimid cúpla piúnt a dhiúgadh ar ár suaimhneas gan dul thar measarthacht!

kool aid an Oireachtais caite siar ag TG4 óir go mbíonn siad rite le brothall ar fad an tráth seo bliana.

Cláracha nuachta speisialta ó Chill Airne ar an gCéadaoin, Déardaoin agus Aoine (dhá cheann acu uair an chloig ar fhad) mar aon le craoladh beo ar an gcomórtas steipeadaíola agus an clár nua Lár Stáitse a bhí dírithe ar na taibhealaíona béil i measc na ndaoine óga.

Lena chois sin ar fad bhí clúdach á dhéanamh ar an idirlíon ar na Gradaim Chumarsáide agus na comórtais don agallamh beirte, scéalaíocht, lúibíní agus amhránaíocht ar an sean-nós (Corn Uí Riada san áireamh). Uaireanta an chloig de chraoltóireacht a luíonn go hiomlán leis an barrshamhail ‘Súil Eile’. Is mór idir seo agus  ‘Pioc My Rugbaí Faoi 17 agus Mo Volvo Gléasta Chun Féasta’.

Seoladh Eimear Ní Chonaola ó dheas don trí oíche agus fé mar a dúirt cheana sa cholún seo ní haon dóithín é clár den saghas seo a chur i láthair. Dhein sí a cúram go slachtmhar, mar is dual di. Bhí sí ar an gcairpéad dearg ar an gCéadaoin le caint a chur ar mhaithe agus mór-uaisle na meán a bhí á gcluimhriú féin dos na Gradaim Chumarsáide. D’fhág seo cuma dhifriúil ar an gclár ná mar a bheadh de ghnáth. Táthar idir dhá cheann na meá fós an maith an múnla é ócáid na meán a phósadh leis an bpríomhfhéile.

Deineadh dreas cainte le Seán Tadhg Ó Gairbhí an tí seo ar seoladh a leabhar faoi TG4 cúpla nóimint roimhe sin sa seomra béal dorais. Go deimhin, faoi mar a bheadh an bua ar an aithne, cuireadh roinnt díobh siúd a chroch leo gradam faoi agallamh ar a  slí isteach, Eoin Warner agus Dara Devaney ina measc. Bhí pacáiste deas curtha le chéile faoi Shéamas Mac Géidigh, ar bronnadh Buaicghradam Cumarsáide Iarbháis air. I mbun marana air féin a bhí TG4 sa phacáiste beag a dhein ceiliúradh ar an stáisiún a bheith bliain is fiche d’aois.

Déardaoin deineadh dreas cainte le

Micheál de Mórdha agus Anne Marie Nic Gearailt

faoin uair go raibh an tOireachtas sa Daingean tríocha bliain ó shin. Tagann saghas cumha ort i ndiaidh na laethanta sin nuair a chuimhníonn tú ar an tionchar a bhíonn ag Féile na Gael ar bhailte agus pobail bheaga. B’iontach an rud é an Fhéile a thabhairt ar camchuairt arís. Tuigeann madraí an bhaile gur fathach agus arrachtach eagrúcháin é. Ina dhiaidh sin féin ba cheart féachaint go dáiríre ar shlite leis an bhFéile a thabhairt ar ais go dtí an nGaeltacht. Scéal thairis ach fonn a níos fiach.

Dhein Seán Mac an tSíthigh pacáiste deas faoina uncail Danny a cailleadh níos luaithe i mbliana agus ba léanmhar an radharc é a bhord scríbhneoireachta. Ba dheas leis an trácht a deineadh ar an gclár faisnéise Song of Granite agus ar an Aoine bhí an scannán faisnéise Murdair Mhám Trasna idir chamáin agus paistí cainte á ndéanamh ag Seán Ó Cuirreáin agus Ciarán Ó Cofaigh.

Bhí súp go cluasa orm ó Chéadaoin go Satharn, agus sin gan trácht ar na míreanna ar fad ar na meáin shóisialta, agallamh leis an gCoimisinéir Teanga (nó Bainisteoir an Óstáin?) ina measc.

Fág freagra ar 'Ba mhór idir ‘Oireachtas’ TG4 agus ‘Pioc My Rugbaí Faoi 17 agus mo Volvo Gléasta Chun Féasta’'