Ba mhór i gceist an Aisling Mheiriceánach tamall…

Ar an drochuair, ní dóichí gurb é Bernie Sanders a bheidh ina ionadaí ag na Daonlathaithe i dtoghchán na huachtaránachta

Ba mhór i gceist an Aisling Mheiriceánach tamall…

Bernie Sanders

Chreid Leon Trotsky go dtiocfadh an Cumannachas i réim sna Stáit Aontaithe luath nó mall. Níor tháinig an tuar faoin tairngreacht fós ach is críonna an té a déarfadh nach dtiocfaidh.

B’fhéidir nach Cumannachas iomlán a bheadh ann ach Sóisialachas de chineál eicínt. Féach an dul chun cinn atá déanta ag Bernie Sanders.

Sóisialach daonlathach a thugann seisean air féin. Ar an drochuair, ní dóichí gurb é a bheas ina ionadaí ag na Daonlathaithe i dtoghchán na huachtaránachta ach tá na milliúin vótóirí tugtha ar a thaobh aige agus tá ceist an tSóisialachais ina lán béil ar fud na Stát Aontaithe ar fad anois.

Is iad na daoine óga is mó a thugann aird ar Sanders. Tabhair faoi deara gurb iad na daoine óga is mó atá ag leanacht Shinn Féin sa tír seo freisin.

Sóisialachas agus ní hé córas an rachmais atá na daoine óga thall a shantú, de réir na bpobalbhreitheanna a rinneadh le tamall anuas.

An cliseadh domhanda eacnamaíochta in 2007 a chuir athrú mór ar chúrsaí sna Stáit Aontaithe agus in áiteanna eile ar fud an domhain go deimhin.

Ba mhór i gceist an Aisling Mheiriceánach tamall. Bhí lándóchas ag daoine dá n-oibreoidís go crua go mbeadh saol i bhfad ní ba shócúla ag an gclann a thiocfadh ina ndiaidh. A mhalairt atá ag tarlú inniu: tá go leor de na tuismitheoirí ina suí go te agus a gclann ag streachailt leis an saol.

Insítear scéal faoi mhianadóir sna Stáit Aontaithe a dúirt go raibh súil aige nach mbeadh ar a mhac a dhul síos sna mianaigh go deo mar a bhí airsean a dhéanamh. Bheadh sé thar a bheith sásta anois, a dúirt sé, dá mbeadh post mianadóireachta le fáil ag an mac.

Sa tionscal mearbhia (McDonald’s, srl.) atá cuid mhaith den dream óg ag iarraidh cúpla dollar a shaothrú. Áiríodh in 2013 go raibh céim ollscoile ag 750,000 acu!

Níl baol ar bith nach mbíonn na mic léinn chéanna go domhain i bhfiacha i dtús a saoil agus a maitheasa. Murab ionann agus an cás i dtíortha ‘Sóisialacha’ na hEorpa caitear íoc go daor as an oideachas sna Stáit Aontaithe. Bíonn ar na daltaí iasachtaí móra airgid a fháil.

I staidéar a rinne an Northwestern Mutual Insurance Company fuair siad amach go raibh 33,000 dollar ar meán d’iasacht mic léinn ag 44 milliún Meiriceánach óg ach go raibh fiacha 42,000 dollar orthu luath go leor tar éis dóibh an ollscoil a fhágáil.

Maidir le teach dá gcuid féin a bheith acu sin fadhb mhór eile. Go deimhin tá 22% d’ógánaigh na Stát Aontaithe ina gcónaí sa mbaile in éineacht lena gcuid tuismitheoirí!

Agus cár fhág tú an córas sláinte? Nuair a d’fhiafraigh mé d’fhear de bhunadh Charna atá in Ollscoil Harvard céard a cheap sé faoi chóras sláinte na Stát Aontaithe dúirt sé ar ais liom gan frapa gan taca gur mór an náire é.

“Is againn atá an tír is saibhre sa domhan,” a dúirt sé “agus níl muid in ann córas sásúil sláinte a chur ar fáil don phobal.”

Fear é seo a bhíodh ag cur comhairle ar an Seanadóir Roibeárd Ó Cinnéide faoi chúrsaí sláinte.

Tar éis daichead bliain den nualiobrálachas tá an neamhionannas saibhris agus ioncaim níos measa anois sna Stáit Aontaithe ná a bhí am ar bith ó bhí an Spealadh Mór ann. Sin é a dúirt na heacnamaithe Emmanuel Saez agus Gabriel Zucman as Ollscoil Berkeley i gCalifornia.

Cén t-ionadh go bhfuil na milliúin ag ceistiú chóras an rachmais?

Ní sna Stáit Aontaithe amháin atá sé ag tarlú.

Sea, tiocfaidh ár lá fós. Lá Sóisialach a bheas ann. Mura bhfuil sé in am.

Fág freagra ar 'Ba mhór i gceist an Aisling Mheiriceánach tamall…'

  • Gabriel Rosenstock

    Agus nuair a thiocfaidh an Lá, an imeoidh na brúghrúpaí go léir, iad sin a bhfuil an chumhacht go léir acu? B’fhéidir go bhfuil Lá Sóisialach ag teacht – b’fhearr é ná an nualiobrálachas, cinnte – ach d’fhéadfadh Lá eile ar fad a bheith ar na bacáin chomh maith, Lá gan stát, ná náisiún-stát ar bith. Tá meath ag teacht ar an údarás náisiúnta polaitiúil, dar le Rana Dasgupta agus é ag scríobh dhá bhliain ó shin sa Guardian
    https://www.theguardian.com/news/2018/apr/05/demise-of-the-nation-state-rana-dasgupta
    Ba dheacair easaontú leis.

  • Seosamh Ó Cuaig

    Go raibh míle maith agat a Ghabriel. Tá sé tábhachtach an díopóireacht seo a choinneáil ar bun.