Ba mhór an tógáil croí cuairt a thabhairt arís ar Ghaeil Bhéal Feirste

Tugadh cuireadh le déanaí dár gcolúnaí páirt a ghlacadh i ndíospóireacht i mBéal Feirste. Chuir a chuairt ag machnamh é faoi na laethanta atá thart agus na laethanta atá romhainn

Ba mhór an tógáil croí cuairt a thabhairt arís ar Ghaeil Bhéal Feirste

Ba mhór an tógáil croí dom féin agus don bhean chéile cuairt a thabhairt arís ar Bhéal Feirste. Bhí muid ann ceathair nó cúig de chuarta cheana ach bhí sé ina chogadh dearg ann an uair sin agus chaithfeá a bheith san airdeall i gcónaí.

Is maith is cuimhin linn an oíche ar thug an ceoltóir Marcas Ó Murchú na gasúir sin againne amach as Cumann Chluain Aird le dhul ag ceannach sceallóga. Níorbh fhada go raibh siad ar ais faoi dheifir: ionsaí a bhí á dhéanamh ar na fórsaí slándála suas uainn.

Tá an tsíocháin i réim anois i mBéal Feirste agus is mór an faoiseamh é.

Dream atá ag déanamh comóradh ar Ghluaiseacht Chearta Sibhialta an Tuaiscirt a thug cuireadh dhúinn. Níor dhearmad siad gur sa tréimhse chéanna a bunaíodh Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta.

Tháinig oíche spéisiúil díospóireachta as sin i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich.

Taispeánadh i dtús báire clár teilifíse a rinne Seán Ó Cualáin, clár dar teideal An Mar A Chéile Muid? ina ndéantar scagadh ar aidhmeanna na Gluaiseachta seo againne, an toradh a bhí ar ár gcuid oibre, gan dearmad a dhéanamh ar an ngéarchéim eacnamaíochta, shóisialta agus chultúrtha atá sa nGaeltacht inniu.

Ar an bpainéal bhí Gormfhlaith Ní Thuairisg, Edel Ní Curraoin,  Feargal Ó hIonnrachtaigh agus mé féin.

Ba í Póilín Ní Chiaráin a bhí ina cathaoirleach orainn. Ní bhfaighfeá in Éirinn inniu cathaoirleach níos meáite ná Póilín.

Bhí an lucht éisteachta gann go maith. Ceathrar agus fiche a chomhair mé sna suíocháin amach romhainn.

Sílim go ndearna Sinn Féin baghcat de chineál éicint ar an ócáid. Tá amhras orthu déarfainn faoin dream atá ag eagrú an chomórtha seo ó thuaidh.

Feictear dóibh gur as an SDLP, as  na ‘Stickies’ agus as na Cumannaigh iad.

Is ea freisin ach ní choinneofaí amach na Sinn Féinigh dá mbeadh fonn orthu a bheith páirteach sa gcomóradh.

Ní shin é a fheileann don soiscéal atá acusan. B’fhearr leo a gcomóradh féin a bheith acu agus a leagan féin a thabhairt ar an scéal ar fad, is é sin gur leanúnachas ar fheachtas na gCeart Sibhialta a bhí sa gcogadh fada fuilteach a thionscain na Sealadaigh.

Is é cur na staire as a riocht é. Ach ar ndóigh tá an SDLP ag déanamh an rud céanna: ní hiadsan ach an oiread a bhunaigh Gluaiseacht na gCeart ó thuaidh.

Tá sé thar am ag duine éicint an fíorscéal a scríobh agus a dhul ar ais aríst go dtí an cruinniú cinniúnach úd i  Machaire Rátha.

Nuair a labhraíodh ar an SDLP chuir mé tuairisc Ivan Cooper, duine de na ceannairí a tháinig chun cinn le himeacht aimsire i nGluaiseacht na gCeart.

An uair sin bhí  Ivan ina bhainisteoir ar mhonarcha léinte i gCathair na Mart. Bhí mise tosaithe ag obair i gclólann Fhoilseacháin Náisiúnta Teoranta ar an mbaile, an áit a gclóbhuailtí an nuachtán Gaeilge Inniu.

Sa teach céanna a bhí an bheirt againn ar lóistín, agus ceathrar fear eile in éineacht linn.

Théadh Ivan ó thuaidh go rialta le bheith páirteach sna léirsithe.

Bhíodh an chuid eile againn ag breathnú orthu ar an teilifís agus ba mhór an caitheamh aimsire againn nuair a d’fhilleadh Ivan a bheith ag spochadh as, ag cur i gcuimhne dhó gur Protastúnach a bhí ann, gur Aontachtóir a bhí ann ó cheart agus gur aige a bhí an muineál a bheith sna Cearta Sibhialta ar chor ar bith.

Ba mhaith ó Ivan ár gcuid bitseála a fhreagairt.

Níor casadh orm ó shin é cé is moite den lá ar cuireadh na daoine a maraíodh Domhnach na Fola i nDoire.

Ach murar casadh orm an iarraidh seo é shocraigh cara leis comhrá teileafóin eadrainn.  Bhí cuimhne an-soiléir ag Ivan ar na laethanta órga sin i gCathair na Mart.

I ndiaidh na díospóireachta tugadh cuireadh dhúinn chuig Cumann Chluain Aird.

Bhí an dream ansin chomh fáilteach agus a bhí siad ariamh.

Bhí comóradh acu ar an ngradam a fuair Radió Fáilte. Cuireadh ceapairí blasta ar fáil, casadh ceol agus dúradh amhráin.

Bhí mé féin chomh seafóideach is gur dhúirt mé stéibh den amhrán sin ‘Cúnnla’.

Tháinig cailín meabhrach chugam ina dhiaidh gur dhúirt sí liom gur amhrán faoi éigniú mná atá ann.

Caithfear litríocht na Gaeilge a niamhghlanadh aríst go gairid, déarfainn.

Iarradh orainn labhairt i gColáiste Feirste lá arna mhárach. Sin áit amháin ar cheart do lucht oideachais na Gaeltachta cuairt a thabhairt uirthi agus foghlaim óna bhfuil ar siúl inti.

Bhí spiorad an Ghaelachais romhainn go láidir ar dhul isteach an doras dhúinn.

Sa mbliain 1991 a bunaíodh í.

Dúradh linn go raibh baint ag Séamus Mac Seáin agus ag Gaeil dhílse eile lena bunú.

Bhí Séamus ag an díospóireacht an oíche roimhe sin agus ba mhór an onóir dúinn casadh leis.

Tá 650 dalta sa meánscoil anois agus 53 múinteoir inti.

Tá macallaí na staire go láidir inti  freisin. Dúradh linn go raibh Wolfe Tone ar an láthair sin fadó agus go ndearna sé cur síos i gceann dá chuid dialann ar a chuairt.

‘Protestant, Catholic and Dissenter’ a thabhairt le chéile an dúnghaois a bhí ag Wolfe Tone.

Tiocfaidh an lá sin fós freisin.

Fág freagra ar 'Ba mhór an tógáil croí cuairt a thabhairt arís ar Ghaeil Bhéal Feirste'