Ba mhór an faoiseamh nach raibh ag cur as don Bheainín Bheag ach boladh bréan 

Eachtra sa charr agus boladh bréan a thug siar bóithrín na smaointe mé…

Ba mhór an faoiseamh nach raibh ag cur as don Bheainín Bheag ach boladh bréan 

‘AAaaaa!’ a bhéic Beainín na Naíonáin Bheaga aniar ó chúl an chairr. ‘Boladh bréan! Boladh bréan!’. 

Cheap mé ar dtús go raibh taom aisteach eicínt tagtha uirthi, nó go raibh muid i mbaol an bháis, is ba mór an faoiseamh a bhí ann nach raibh ag cur as di ach boladh bréan. 

‘Oscail na fuinneoga go beo, oscail iad.’ 

Níor chabhraigh oscailt na bhfuinneog leis an mboladh a scaipeadh. A mhalairt ar fad a tharla. Is é an chaoi gur mhéadaigh is gur neartaigh an boladh bréan nuair a d’oscail muid na fuinneoga ar an gcarr. 

‘Dún iad! Dún iad go beo!’ a d’ordaigh mo phaisinéir.

‘Ní fhaighimse aon drochbholadh,’ a dúirt mé. 

Ní hiontas ar bith é nach bhfuair mé aon bholadh, mar tá barúil agam nach bhfuil mo shrón ag obair i gceart na laethanta seo.

Seans gur seanaois atá ann, seans go bhfuil sí imithe ar stailc, nó, is dóigh go mb’fhéidir go bhfuil baint eicínt aige leis an slaghdán atá ag leiciméireacht orm ó lár mhí na Nollag. 

Pé ar bith cén chúis atá leis, feictear dom nach bhfuilim in ann bolú i gceart. Beannacht atá ann uaireanta, an neamhbholú, mallacht uaireanta eile. 

Ar an mótarbhealach ó Ghaillimh go Baile Átha Cliath a bhí muid, is muid tagtha go dtí an cuid sin den tír atá ‘ó dheas de Ghaillimh’ (leid don té a bheadh lag sa tíreolas, is éard é ná aon chuid den tír choimhthíoch sin atá taobh thoir d’abhainn na Gaillimhe, seans go bhfuil cuid agaibh suite ann anois agus sibh á léamh seo.)

B’aisteach an tír dom í an chéad uair a ndearna mé an turas seo nuair a bhí mé dhá bhliain déag d’aois. Ar bhus a bhí mé, mhair mé tríd an gcuid sin de stair na hÉireann sular tháinig an mótarbhealach chomh fada linn. Nuair a chuaigh tú ar thuras trastíre, chonaic tú gach baile beag ar an mbealach. Sheas tú scaitheamh sa gcuid is mó acu. 

Bus de chuid Bus Éireann a bhí mé air, agus mé ag imeacht ó Ghaillimh go Cill Chainnigh i m’aonar. Bhí mé sna flaithis go raibh cead tugtha dom an turas a dhéanamh ar cuairt ar mo chara scoile. 

Mí Iúil a bhí ann agus bhí an t-aoileach, an sciodar, á scaipeadh ar na garrantaí ag na feirmeoirí. Cheap mé go bplúchfaí mé, agus nach dtiocfainn slán is muid ag imeacht linn ar an mbus, gach fuinneog ar oscailt is an doras ar oscailt freisin ar feadh na mílte is na mílte gan faoiseamh. 

An lá cheana, is muid páirceáilte ar cheann de na plazas, tharraing mé anáil isteach trí na polláirí arís. Aha! Sin é. Fuair mé an boladh sa deireadh thiar. Bhí mo shrón ag obair arís.

Shílfeá gur boladh é boladh, é boladh, bíodh sé maith nó bíodh sé olc. 

Ach, nuair a fuair mé an boladh aoiligh sin an lá cheana, níorbh aon drochbholadh a bhí ann. Thug sé ar ais arís mé ar thuras bus i bhfad ó shin.

Is chuimhnigh mé ar bhailte beaga lár tíre, ar cheol na n-éan, ar gharrantaí glasa ag seoladh tharainn, is líon mo chroí le huaigneas.

Fág freagra ar 'Ba mhór an faoiseamh nach raibh ag cur as don Bheainín Bheag ach boladh bréan '

  • Niall na Naoi bPiontaí

    Scéilín suimiúil… ní raibh coinne agam leis an “uaigneas” áfach :-(