‘Ba mhaith liom go mbuafadh Maigh Eo Sam, níl aon séanadh agam air…’

Is éard a chorraíonn croí ár gcolúnaí i gcás Mhaigh Eo ná an cumas atá iontu a bheith dóchasach ainneoin na dtubaistí sin ar fad

An é seo an bhliain do Mhaigh Eo? Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan
An é seo an bhliain do Mhaigh Eo? PictiúrL INPHO/Cathal Noonan

Seans go bhfuileadar ann a cheapann gur aisteach an rud ag Gaillimheach a rá gurb í an tsúil a bhíonn chuile bhliain aige gurb iad Maigh Eo a bhuafaidh Craobh Shinsear Peile na hÉireann sa gcás nach iad a chontae féin a dhéanfaidh amhlaidh. Ach, níl aon séanadh agam air. Sin mo mhian agus sin mar atá le fada an lá anois agus sin mar a bheidh.

I dtreise atá sé gaibhte le gach buille atá buailte ar mo chomharsain sna seacht gcluiche ceannais inar chliseadar ó thugadar Sam Maguire leo go deireadh agus gan mé ach bliain d’aois.

Ní baileach go bhfuil an méid a tharla dóibh sna comórtais faoi aois san achar sin chomh duairc céanna – mar sin fén ó 1951 i leith, idir Faoi 21 agus Mionúir, buadh orthu i 16 cluiche ceannais eile.

Fós, ní hé an trua atá agam dóibh de bharr na dtubaistí sin ar fad is cúis le mo chion orthu ná ní hé sin amháin is siocair le mo mhian. Is éard a chorraíonn mo chroí go bhfeictear dom nach bhféadfá ach ómós a bheith agat don chumas atá iontu a bheith dóchasach, ainneoin na dtubaistí sin ar fad.

Táim faoi thionchar freisin, ar ndóigh, ag an oiread de mhuintir Mhaigh Eo a bhí sa meánscoil chónaithe ar a ndearna mé freastal i dTuaim – an líon céanna acu nach mór i gColáiste Iarfhlatha ag an am agus a bhí de mhuintir na Gaillimhe.

Gorlann do pheileadóirí óga ab ea an áit – í i gconaí ar an scoil is minicí a bhfuil Craobh na hÉireann buaite ag a cuid peileadóirí (12 uair), cé gur bhain deireadh na scoileanna cónaithe go leor óna gcumas.

San achar a chaith mise i gColáiste Iarfhlatha, bhuaigh peileadóirí na scoile Craobh Shinsear Chonnacht chuile bhliain idir 1963–1967 agus Corn Uí Ógáin faoi dhó.

Ba as Maigh Eo triúr de na captaein – Frank McDonald as Caisleán a Bharraigh (1963), Martin Shannon as Coillte Mach (’65), agus mo chomhghleacaí féin as Ceann Dáimh in aice Bhéal Átha na Muice, Eugene Rooney (’67). 

Ba iad an Cláiríneach Senan Downes agus scothpheileadóir na Gaillimhe Jimmy Duggan an bheirt chaptaen eile – inseacht ar a raibh le theacht is dócha go mba iadsan a thug Craobhacha na hÉireann abhaile nuair a chinn ar chaptaein Mhaigh Eo, ach féach go raibh muintir an chontae sin ag éileamh go mba leo féin an Duagánach, mar go mba i gClár Chlainne Mhuiris a tógadh é.

Ba i 1966 den chéad uair a chonaic mé duine ag imirt i bPáirc an Chrócaigh a raibh aithne phearsanta agam air –  Rooney ina chúl báire ar mhionúir Mhaigh Eo nuair a bhuaigh siadsan Craobh na hÉireann,  Séamus Hughes as Balla Álainn a bhí in aon rang linn lasmuigh dó; agus  triúr eile as Coláiste Iarfhlatha ar an bhfoireann leo – Bernard Meenaghan, Tom Fitzgerald agus Aidan Kelly.

Trí bliana dar gcionn, nuair a thug Maigh Eo Cluiche Ceannais na Sraithe Náisiúnta leo, bhí Rooney agus Hughes ar an bpáirc arís agus, an babhta seo, ceathrar dá gcomhghleacaithe ina n-iarscoláirí.

Chuala mé ráite é gurab amhlaidh a mhéadaíonn an aithne an tarcaisne, ach ní fíor sá gcás seo. D’fhág 5 bhliana i gcomhluadar ógánaigh as Maigh Éo – ag codladh, ag ithe (agus ag fáil ocrais), ag diabhalaíocht (agus in ainm agus a bheith ag foghlaim), nach bhféadfainn a bheith agam ar a mbunáite ach cion mo chroí.

Tá an iomaíocht pheile idir Maigh Eo agus Gaillimh ar cheann de mhóriomaíochtaí Chumann Lúthchleas Gael – chomh domhain, stairiúil céanna le aon cheann i gCúige Uladh, le hÁth Cliath/An Mhí, Corcaigh/Ciarraí ná le Corcaigh/Tiobraid Árann san iománaíocht.

Mar a tharlaíonn sna coimhlintí sin ar fad atá luaite, bíonn tuile agus trá i gceist.

Nuair a bhuaigh Maigh Eo ar a gcomharsain san athimirt ar Chluiche Ceannais Chonnacht i 1948, ba bheag a cheapadar go mbeadh beagnach scór blianta eile caite sula bhfaigheadh siad an ceann ab fhearr arís orthu – 1967 nuair a bhuaigh siad i bPáirc an Phiarsaigh agus Gaillimh ag cosaint na ‘3 Chraobh as a Chéile’.

Imreoidh Gaillimh in aghaidh Mhaigh Eo arís ansiúd an deireadh seachtaine seo. Ag na cuairteoirí anois atá an forlámhas i gConnachta, craobh sa mbreis acu (45) seachas mar atá ag na Gaillimhigh agus iad ar thóir an 5ú ceann as a chéile, éacht nach ndearna siad ó thús an chéid seo caite.

Comhrac é a bhfuil súil agam leis – ar chúiseanna go leor.

Fág freagra ar '‘Ba mhaith liom go mbuafadh Maigh Eo Sam, níl aon séanadh agam air…’'