‘Ba mhaith liom a bheith i mo mhúinteoir Gaeilge lá éigin’ – Joe McHugh

Deir an Teachta Dála Joe McHugh go raibh dul amú ar dhaoine ‘ciniciúla’ a chreid go n-éireodh sé as a bheith ag foghlaim na Gaeilge a luaithe is a d’aistreofaí ó Roinn na Gaeltachta aige

‘Ba mhaith liom a bheith i mo mhúinteoir Gaeilge lá éigin’ – Joe McHugh

Tá ráite ag iar-aire stáit na Gaeltachta Joe McHugh go bhfuil an t-éitheach tugtha do lucht a cháinte aige maidir lena thiomantas d’fhoghlaim na Gaeilge.

Dúirt McHugh go raibh dul amú ar dhaoine ‘ciniciúla’ a chreid go n-éireodh sé as a bheith ag foghlaim na Gaeilge a luaithe is a d’aistreofaí ó Roinn na Gaeltachta é.

A mhalairt a bhí fíor, a dúirt sé, agus fonn ar an Aire Stáit don Diaspora an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud an domhain mar chuid dá phost nua.

Bhain conspóid mhór le ceapachán Joe McHugh ina Aire Gaeltachta toisc nach raibh líofacht sa teanga aige.

Nuair a ceapadh é i mí Iúil 2014, d’fhógair an tAire Stáit go mbeadh sé ag dul ar ‘aistear foghlama’ agus thug sé seachtain ar chúrsa Gaeilge i dTír Chonaill chun tús a chur leis an aistear sin.

Léirigh pobalbhreith a rinne Tuairisc.ie i gcomhar le Millward Brown ag deireadh na bliana 2014 gur mheas 61% den phobal nár chóir don Taoiseach Enda Kenny Aire Gaeltachta a cheapadh nach raibh líofacht sa Ghaeilge aige.

D’fhill McHugh ar Oideas Gael i nDún na nGall inné agus áit anois aige san Ard-Rang ar chúrsa Gaeilge ann, de réir tuairisce ar an Irish Independent.

Ag labhairt dó leis an nuachtán sin, dúirt McHugh gur “iontach an féirín” a bhronn an Taoiseach air nuair a cheap sé ina Aire Stáit Gaeltachta é.

“I didn’t know it at the time but An Taoiseach gave me an enormous gift, a newfound love of our native language,” arsa McHugh.

Dúirt an tAire Stáit don Diaspora gur bhreá leis a bheith ina mhúinteoir Gaeilge amach anseo.

“I’d love to be able to teach Irish one day, even in a local class. I’d love to give it back to others.”

Thug McHugh le fios gur ar labhairt na Gaeilge a dhírigh sé go n-uige seo ach go raibh sé anois chun aghaidh a thabhairt ar ghramadach na teanga.

Dúirt Siobhán Ní Churraighín ó Oideas Gael gur “inspiration” a bhí i Joe McHugh do dhaoine a bhí ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim agus go raibh lucht a cháinte bréagnaithe aige.

Fág freagra ar '‘Ba mhaith liom a bheith i mo mhúinteoir Gaeilge lá éigin’ – Joe McHugh'

  • x

    Fear treitheach, macanta. Molaim e. Ach dul le muineadh na Gaeilge!! Speabhraidi a dhuine.