Roghnaithe ag Brian Ó Conchubhair
Cló Iar-Chonnacht €25
Ar chloisteáil dom faoi bhás Mháire Thomáis Pheadair Mhic Eoin an oíche faoi dheireadh sea d’oscail mé Gaillimh – Díolaim Cathrach ar dtús féachaint cén chuid dá saothar a bhí ann.
B’éigean dom a leabhar féin a aimsiú le cumas agus grinneas bhean na cathrach agus na Gaeltachta a chomóradh. Ní taobh le Máire é mar cinneadh gan beathaisnéisí, dírbheathaisnéisí, cuimhní cinn, aistí ná drámaí a chur sa gcomhaireamh sa díolaim seo.
Comóradh a deirtear linn atá sa leabhar “ar litríocht na Gaeilge, ar chathair na Gaillimhe agus ar Ghaillimh 2020”. Nach beag a ceapadh agus í á cur i dtoll a chéile cén bhail a chuirfí ar 2020 ach is léir gur faoi dheifir a rinneadh an obair agus a bhfuil d’earráidí cló sa réamhrá – an chéad phíosa a léann duine go hiondúil.
Mar sin fhéin is fiú an réamhrá cuimsitheach sin a léamh cé nach cathair mar a tuairisc a bhí i nGaillimh m’óige. Níl an mór is fiú agus an doicheall roimh an nGaeilge is cuimhin liom agus mé i mo ghasúr aonteangach agus mo mhuintir ag caitheamh a gcuid airgid sna stórtha ansin maite fós agam.
Maithfidh sibhse mo sheanphort míbhinn faoi bheith ag cailleadh codladh na hoíche mar gheall ar an gcaighdeán nuair ba thairbhí dúinn ar fad níos mó cúraim a dhéanamh don chruinneas bunúsach.
Tá d’ómós ag gabháil d’aon údar teideal cruinn a shaothair a thabhairt i gclár leabhair agus Ceol na nGiolcach a scríobh Pádhraic Óg Ó Conaire, fear nár dhual dó siléig.
Tá ord an chláir ag gabháil ó mheabhair orm féin nó cén fáth nach i ndiaidh a chéile atá saothar scríbhneora a bhfuil níos mó ná sliocht amháin aige/aici sa leabhar?
Fadhb eile a bhí le sárú ag an díolamóir “a laghad scríbhneoirí ban sa leabhar” agus an réiteach a thapaigh sé iarraidh “ar dheichniúr filí mná dánta a scríobh” don díolaim seo. An mise an t-aon chailleach a gcuireann sin as dom?
An amhlaidh go raibh an sprioc róchúng – saothar a bhí suite sa gcathair féin seachas saothar mhuintir na cathrach? Cá bhfios nach deoranta le bé cathair, ballaí is cloch? Muireann Ní Bhrolcháin an chéad duine a rith liom a d’íoc as na srianta sin.
Ach céard atá sa díolaim 436 leathanach seo? 22 píosa próis agus 47 píosa filíochta, ó scríbhneoirí mór is beag le rá agus nóta beathaisnéise faoi na húdair. Tá a bhformhór mór feicthe cheana againn i gcló éigin eile ach ná stopadh sin thú mar i ré seo na smailceanna is iontach an rud díolaim le blaiseadh beag a fháil anois is arís ar do dheis.
Meabhrú atá sa leabhar seo dúinn féin agus don ghlúin óg faoi na scríbhneoirí atá imithe as faisean faoi láthair. Ní bheidh leithscéal feasta ag oidí nua-litríocht dhea-scríofa a aimsiú go héasca dá gcúram agus geallaim dóibh go gceannóidh siad cuid éigin de na leabhair bhreátha as ar tógadh sleachta, cuid acu ar fáil mar ríomhleabhair.
Tá fathaigh mhóra an phróis anseo – Tomás Bairéad, Pádhraic Óg agus Sean-Phádraic Ó Conaire, Dónall Mac Amhlaigh, Breandán Ó hEithir, Micheál Ó Conghaile agus Máirtín Ó Cadhain. Blais arís den fhilíocht ó Sheosamh Ó Guairim, Máire Holmes, Jackie Mac Donncha, Seán Ó Curraoin, Pauline Nic Conaonaigh nó Diarmuid Johnson.
Is fairsing na gnéithe éagsúla den chathair cois Coiribe a spreag údair na díolaime. Meabhraíonn Pádraic Breathnach na rásaí capall dúinn. Scrúduithe agus geáitsíocht ollscoile atá ag Micheál Ó Conghaile agus tá Darach Ó Scolaí ar thóir comharthaí agus ag foghlaim gothaí an scoláire file i gcathair na Gaillimhe. Tá Ruaidhrí Ó Tuathail buíoch nach bhfaca Liam Ó Maoilíosa a “oidhreacht ghoirt”, ‘ealaí gleoite an Chladaigh’ atá ag an tSiúr Finín Ní Choncheanainn agus cuimhní ollscoile agus ‘ceol na gcanúintí ag rince’ atá ag M.F. Ó Conchúir.
Agus samhradh curtha dínn gan aon Ghaeilgeoirí óga thart, tá sliocht againn as Ginger i gCois Fharraige le Caitlín Uí Thallamhain.
Tá an cló sa leabhar breá soiléir soléite agus is beag duine nach meallfaidh ealaín an chlúdaigh. Leabhar é seo a bheadh ina mála ar a mbealach abhaile ag go leor de na daoine sin nár tháinig go Gaillimh 2020 de bharr na haicíde ach tá an Nollaig fós romhainn agus ba mhaith an earra i stoca an díolaim seo d’óg is aosta.
Is géar a theastaíonn sásamh éigin ar 2020 agus muid cuibhrithe go samhradh 2021.
Fág freagra ar 'Ba mhaith an earra i stoca d’óg is aosta díolaim nua Gaeilge as cathair na Gaillimhe'