Ba leor scátheagraíocht amháin le freastal ar na foilsitheoirí Gaeilge – moladh

Agus é ag labhairt ag cruinniú de Choiste Gaeilge an Oireachtais, mhol stiúrthóir an fhoilsitheora Dalen Éireann go breathnófaí ar an gcóras atá sa Bhreatain Bheag chun tacú le foilsitheoirí

Ba leor scátheagraíocht amháin le freastal ar na foilsitheoirí Gaeilge – moladh

Tá molta ag foilsitheoir leabhar Gaeilge gur chóir smaoineamh ar an gcóras maoinithe atá sa Bhreatain Bheag a thabhairt isteach d’fhoilsitheoirí na Gaeilge.

Agus é ag labhairt ag cruinniú de Choiste Gaeilge an Oireachtais, dúirt Alun Ceri Jones, stiúrthóir Dalen Éireann, go mbeadh ciall le scátheagraíocht amháin a bhunú a chuirfeadh airgead ar fáil chun litríocht i nGaeilge a fhoilsiú.

Dúirt Jones go raibh réimse leathan foinsí maoinithe ar fáil d’fhoilsitheoirí Gaeilge i láthair na huaire ach mheas sé go mbeadh fiúntas ag baint leis an foinsí éagsúla a chur faoi stiúir aon eagraíocht amháin.

Bunaíodh Dalen sa Bhreatain Bheag, áit a bhfuil an margadh do leabhair i mBreatnais “an-láidir”, dar le Jones, agus mhol sé an córas atá i bhfeidhm ansin chun tacú le foilsitheoirí.

Thug Jones le fios gurb í Comhairle Leabhar na Breataine Bige an eagraíocht a bhíonn ag plé le maoiniú na bhfoilsitheoirí den chuid is mó agus go gcuirtear tacaíocht ar fáil “ar an iliomad bealaí, idir mhaoiniú a chur ar fáil d’fhoilseacháin, cluichí a mhaoiniú nó maoiniú a chur ar fáil chun baill foirne a earcú sna tithe foilsitheoireachta móra.”

“Dá mbeadh an córas anseo in Éirinn in ann forbairt ar an mbealach céanna, go mbeadh scátheagraíocht amháin ann a d’fhéadfadh foilsitheoirí agus tairgeoirí a chur i dtreo an mhaoinithe chuí, b’fhéidir go mbeadh sé níos éasca léargas níos leithne a fháil ar céard go díreach is féidir a chur ar fáil.”

Mhínigh Jones nach raibh Dalen, a bhfuil leaganacha Gaeilge de Tintin agus Asterix foilsithe acu, in ann maoiniú a fháil ó Chlár na Leabhar Gaeilge, an scéim de chuid Fhoras na Gaeilge toisc gur aistriúcháin atá á bhfoilsiú acu. Dúirt sé go raibh an tacaíocht a bhí faighte ag an gcomhlacht ón Chomhairle Ealaíon agus ó COGG “an-fhlaithiúil”, áfach.

Mhol an Teachta Dála Gaeltachta Éamon Ó Cuív cheana go bhfágfaí cúram na n-ealaíon Gaeilge faoi Údarás na Gaeltachta nó faoi Roinn na Gaeltachta agus go méadófaí a mbuiséid dá réir.

Ag an gcruinniú i dTeach Laighean, mhol Jones freisin an obair a bhíonn á déanamh ag ÁIS, a bhíonn ag dáileadh leabhar Gaeilge ar na siopaí leabhar ar fud na tíre, ach thug sé le fios gur theastaigh níos mó tacaíochta ó thaobh na poiblíochta a dhéantar ar leabhair i nGaeilge.

“Déanann ÁIS jab iontach i láthair na huaire ó thaobh ábhar a thógáil agus a stóráil sa stór dáileacháin atá acu agus tá ionadaí díolacháin acu ar an mbóthar ach níl ann ach ionadaí amháin. 

“Má bhreathnaíonn muid arís ar an mBreatain Bheag, tá b’fhéidir seisear ag Comhairle Leabhar na Breataine Bige ar an mbóthar, tá ionadaithe acu sna scoileanna, tá ionad dáileacháin acu. Tá córas acu a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm anseo.”

Dúirt Jones gur díoladh beagnach 14,000 cóip ó 2014 de na leaganacha Gaeilge a d’fhoilsigh Dalen de Tintin agus Asterix, ach dúirt sé nach mbeifí in ann a leithéid a bhaint amach gan an tacaíocht mhaoinithe a fhaigheann an comhlacht.

Bhí Jones ag labhairt mar chuid de shraith chruinnithe atá á reáchtáil ag Coiste Gaeilge an Oireachtais maidir le cúrsaí foilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge.

Bhí ionadaithe ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, bunaitheoir Choimicí Gael Aiden Courtney, agus Eoghan Mac Cormaic ó cluiche.ie i láthair ag an gcruinniú Oireachtais freisin.

Fág freagra ar 'Ba leor scátheagraíocht amháin le freastal ar na foilsitheoirí Gaeilge – moladh'

  • Kevin Ó Tuathaigh

    Tá an córas tacaíochta don Bhreatainais an-éifeachtach ar fad, agus tá an teanga an-láidir sa Bhreatain Bheag de dheaca seo. Is iomaí ceachtanna atá le foghlaim ón dtír sin, is léir.