Ba lá dár saol é an 10 Aibreáin 1998- ná ligtear an gaisce amú

Feall ar an 94% ó dheas agus an 71% ó thuaidh a chaith vótaí ar a shon a bheadh ann ligean dó seargadh cheal dúthrachta

Ba lá dár saol é an 10 Aibreáin 1998- ná ligtear an gaisce amú

Fiche bliain agus an Mháirt seo chugainn glacadh le Comhaontú Aoine an Chéasta. Lá dár saol ab ea é. Gealadh lae nua.

Bhí dóchas agus ardú meanman forleathan cé nach raibh gach éinne sásta. Ní raibh tír tairngire á tuar ach bhíothas ag súil le claochlú ar an saol. Cuireadh na múrtha fáilte roimh an tsíocháin agus d’ainneoin na bhfadhbanna eile ar fad táthar buíoch beannachtach aisti i gcónaí.

Ní rabhthas cinnte go dtí an nóiméad deiridh go ndéanfaí comhaontú. Ba í oíche Déardaoin an sprioc a bhí leagtha síos ag an gcathaoirleach, George Mitchell. Mar is dual do pholaiteoirí Thuaisceart Éireann sáraíodh an sprioc sin. Cé go raibh Príomh-Aire na Breataine, Tony Blair, ag caint ar ‘the hand of history’ cúpla lá roimhe sin bhí a fhios againn ó fhoinsí sna cainteanna nár cheart talamh slán a dhéanamh de go mbeifí in ann margadh a dhéanamh.

Bhí cúrsaí chomh híogair sin nár fhág an Taoiseach Bertie Ahern Stormont ach ar feadh achair an-ghearr le freastal ar shochraid a mháthar a fuair bás an tseachtain sin. Bhí an DUP lasmuigh ag béicíl faoi fheall agus tréas, an UUP agus David Trimble faoi bhrú istigh agus ceisteanna go leor faoi Shinn Féin agus dhíchoimisiúnú an IRA.

Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Is cuimhin liom a theacht abhaile ó Stormont i lár na hoíche Déardaoin chun dhá chuntas éagsúla a ullmhú don Aoine, ceann faoi theip na gcainteanna nó ceann faoi mhíorúilt an réitigh. Sa sneachta lá arna mhárach, Dé hAoine 10 Aibreán 1998 tháinig fuascailt agus faoiseamh nuair a d’fhógair George Mitchell go raibh comhaontú bainte amach. Conradh idirnáisiúnta a bheadh ann idir an Ríocht Aontaithe agus Éire, cláraithe leis na Náisiúin Aontaithe. Chlúdódh sé polaitíocht laistigh de thuaisceart Éireann, an caidreamh idir Éire agus an Bhreatain agus an caidreamh idir réigiúin uile na Ríochta Aontaithe, Éire agus Tuaisceart Éireann.

Ar ndóigh ní raibh an Comhaontú foirfe ach b’iontach an saothar é i bhfianaise a raibh ar siúl le tríocha bliain roimhe, os cionn 3,500 marbh agus na mílte eile leonta. Sa chéad abairt sa réamhrá, an Dearbhú Tacaíochta maítear gur deis stairiúil é an Comhaontú ar ré nua. Dearbhaítear freisin tiomantas do chearta daonna do gach éinne, comhionannas, polaitíocht dhaonlathach shíochánta agus dícheall chun athmhuintearas a chothú. (Tá an téacs ar fáil anseo.)

Níorbh fhada gur léir na deacrachtaí sa pholaitíocht inmheánach i dTuaisceart Éireann. Scoilt an UUP. Shiúil Jeffrey Donaldson amach as na cainteanna ar Aoine an Chéasta – ní fhéadfadh sé glacadh le saoradh na bpríosúnach. Bhí David Trimble faoi ionsaí as sin amach ag Donaldson, Arlene Foster agus roinnt eile a d’imigh go dtí an DUP sa deireadh. Ghlac móramh leis an gComhaontú i reifrinn thuaidh agus theas ach níor mhaolaigh sé sin an brú ar Trimble.

Bhí amhras an UUP faoi Shinn Féin follasach – barántas éilithe ag David Trimble go ruaigfí Sinn Féin as Stormont mura ndéanfadh an IRA díchoimisiúnú. Bhí freagraí éagsúla ag daoine i Sinn Féin faoin díchoimisiúnú, agus roinnt ag rá nach dtarlódh sé choíche cé gur dhúirt duine den lucht ceannaireachta leis an iriseoir seo go ndéanfaí é ‘amach anseo’. Rinneadh, ar deireadh in 2005 tar éis 9/11 i Meiriceá agus nuair ba ghá é le haghaidh margadh a dhéanamh leis an DUP.

Mheas ailtirí an Chomhaontaithe gur ag páirtithe an láir, mar a thugtaí orthu, an UUP agus SDLP, a bheadh an móramh agus go súfaí na mórpháirtithe imeallacha – an DUP agus Sinn Féin ag an am – agus na mionpháirtithe dílseacha isteach sa ghnáthpholaitíocht. Múnla ollpháirtí a bhí i gceist- daonlathas comhshochaíochtúil.

Pictiúr: Leon Farrell/RollingNews.ie

Bhí an réimeas díláraithe in Stormont ag bacadaíl ar feadh na mblianta, diúltú an IRA don díchoimisiúnú ag cothú fadhbanna go seasta agus cos amháin istigh ag an DUP, an chos eile amuigh.

Chaith Tony Blair agus Bertie Ahern blianta ag fosaíocht leo. D’fhás an DUP agus Sinn Féin agus mheath an UUP agus SDLP. Faoi 2006 i gCill Rímhinn is ar mhargadh idir an DUP agus Sinn Féin a bhí an dá rialtas ag díriú. Chuige sin athraíodh Comhaontú Aoine an Chéasta.

Athrú suntasach, tromchúiseach ab ea é a bhain an bonn den mhúnla comhshochaíochtúil. Rinneadh socrú nua faoi conas a thoghfaí an dá Chéad-Aire ionas nach mbeadh ar an DUP vóta a chaitheamh i bhfabhar LeasChéad-Aire ó Shinn Féin. Ó roinn an dá pháirtí sin cumhacht le chéile in 2007 go dtí Eanáir anuraidh ba gheall le riail an dá mhóramh an córas a rith siad in Stormont murab ionann agus córas ollpháirtí. Is léir don dall na heasnaimh. Comhoibriú, comhaidhmeanna ar mhaithe leis an leas coiteann, athmhuintearas? Bí ag caint orthu.

Níor deineadh cúram ceart d’íobartaigh na dTrioblóidí sa Chomhaontú – bhí sé ródheacair. Éagóir ar na híobartaigh is ea an fhaillí sin agus nimh sa tsochaí mar atá ráite sa cholún seo go mion minic. Éacht ab ea an claochlú ar phóilíneacht, ach fágann an folús in Stormont go bhfuil Bord na bPóilíní – an córas monatóireachta – ar leathchois. Anuas air sin tá na heasnaimh ar chóras feidhmiúil i leith oidhreacht na dTrioblóidí ag teacht salach ar phóilíneacht agus ag baint de mhuinín na ndaoine san PSNI. Cor contúirteach is ea é sin, mar is léir ón stair.

Tiocfaidh maithe agus móruaisle ó chian is ó chóngar an tseachtain seo chun an Comhaontú a cheiliúradh. Agus chun na fadhbanna a chíoradh. Is fiú é a cheiliúradh gan dabht. Is fiú é a tharrtháil. Ní mór comharthaí sóirt a éalainge a scrúdú agus leigheas nó cóir leighis a shamhlú.

Ó theip ar na cainteanna idir an DUP agus Sinn Féin ní mór a admháil go bhfuil gá le modh eile chun an tsáinn a réiteach. Tá an scéal níos casta ná mar a bhí i dtús an chéid de bharr an teannais faoin mBreatimeacht agus i ngeall ar ról an DUP mar chosantóir Theresa May in Westminster. Caithfidh an dá rialtas freagracht a ghlacadh; ’sé a ndualgas é faoi théarmaí an Chomhaontaithe. Thairis sin caithfidh siad a admháil go bhfuil gá le cabhair ón taobh amuigh- cathaoirleach neamhspleách nó áisitheoir, duine nach bhfuil sáite san aighneas faoin mBreatimeacht, seans.

Ba mhór an bua é Comhaontú Aoine an Chéasta. Feall ar an 94% ó dheas agus an 71% ó thuaidh a chaith vótaí ar a shon a bheadh ann ligean dó seargadh cheal dúthrachta. Feall freisin ar an ghlúin óg.

Ná cuirtear an gaisce amú.

Fág freagra ar 'Ba lá dár saol é an 10 Aibreáin 1998- ná ligtear an gaisce amú'