Ba í fírinne an scéil ná go gcuathas ródhian ar True Detective

Tugadh an iomarca moladh don chéad sraith de True Detective agus fuair an dara ceann cáineadh nach raibh tuillte aige

True-Detective

Chuaigh an chéad sraith de True Detective (Sky Atlantic) i bhfeidhm go mór orainn anuraidh: carachtair théagartha, mhealltacha; aisteoirí cumasacha (McConaughey agus Harrelson), láithreacha iontacha agus mistéir a chuaigh ceangailte ionainn.

Mheasas féin gurbh údar mór díomá an deireadh agus gur buaileadh bob mífhéaráilte ar an lucht féachana dílis. Bhí an oiread sin snáthanna ar foluain go bhféadfaí an tarna sraith a bhaint as. Tugadh le fios ansin gur carachtair, láthair agus scéal nua ar fad a bheadh againn don tarna sraith. Tá íde na muc agus na madraí tughta ag na húdair ar an tarna sraith ó thosach agus géaraíodh ar an gcáineadh sin leis an gclabhsúr aréir.

Táim féin den tuairim go bhfuair an chéad sraith ina hiomláine an iomarca moladh agus go bhfuiltear ródhian ar fad ar an tsraith seo. Níl aon dabht ná go bhfuil máchaillí ar tháirge na bliana seo: róphlódaithe ó thaobh na gcarachtar, carachtracht chiotach agus scéal atá róshaothraithe, róchasta agus a bhraitheann an iomarca ar chomhtharlúintí aite, gan dealramh.

Arís eile, áfach, soláthraítear láthair a chuireann faoi gheasa sinn. Anuraidh bhí bayou Louisiana againn, i mbliana bhí baile Vinci againn (atá cóngarach do Los Angeles agus atá bunaithe ar bhaile Vernon). Ba gheall le carachtar ann féin é Vinci: coiriúlacht, camastaíl, caimiléireacht agus uisce (truaillithe) faoi thalamh aige.

Déantar scéal atá seanchaite go maith a lonnú sa bhaile seo. Dúnmharaítear an bainisteoir cathrach Ben Caspere agus ar nós na ndúradán, cuirtear sraith eachtraí sa tsiúl a chuireann an ceathrar ceann feadhna in adharca a chéile agus ag comhghuaillíocht lena chéile de réir mar a oireann dóibh.

Bíonn na bleachtairí Ray Velcoro (Colin Farrell), Ani Bezzerides (Rachel McAdams) agus Paul Woodrugh (Taylor Kitsch) ag tóraíocht an dúnmharfóra agus ag iarraidh ciall a dhéanamh den chamastaíl ar fad. Tá Frank Semyon (Vince Vaughn) ag iarraidh an bheart a dhéanamh amach as iomaire na coiriúlachta ach gach aon ní ag imeacht ina choinne.

Cé gur eascair cuid d’fhadbanna na sraithe as iarrachtaí cúlraí agus pearsantachtaí an cheathrair a chíoradh chun ár sástachta, ba é castacht an scéil is mó a d’fhág coiscéim bhacaí sa táirge seo. An iomarca sonraí á raideadh chugainn, agus iad á monabhar isteach ina mbuataisí ag na carachtair, tagairtí fánacha do charachtair/nithe nár bhain le hábhar; fo-phlotaí a d’imigh ar bhóléigear, comhtharlúintí gan dealramh agus comhráití liobarnacha sa scríbhinn. 

I ndeireadh na dála, ní raibh aon bhaint ag dúmharú leis an gcamastaíl a bhí ag tarlú comhthreomhar leis fan na slí. Deirimse castróvaics leat.

Ní dóigh liom go bhféadfaí aon locht a fháil ar aisteoireacht na meithle. De bharr nach raibh ann ach ocht gclár, agus ceathrar príomhcharachtar, ní raibh an scóp céanna ann is a bhí anuraidh le dráma beirte Harrelson agus McConaughey.

Tá a shaol aisteoireachta ar fad, nach mór, caite ag Vaughn in iomaire an ghrinn agus na hainnise. Tugann sé faoi charachtar eile ar fad anseo agus éiríonn leis an teacht i láthair bagarthach cuí a sholáthar. Bhí Farrell agus McAdams os cionn a mbuille ach bhí carachtar beagfhoclach Kitsch fágtha in áit na leathphingine formhór an ama.

Ag an bpointe seo, ní fios an bhfuil HBO chun tabhairt faoin tríú sraith. Má táid, caithfidh Nic Pizzolatto luí amach air féin má theastaíonn uaidh filleadh ar bhuaicphointí na chéad sraithe.

Fág freagra ar 'Ba í fírinne an scéil ná go gcuathas ródhian ar True Detective'