Ba í Éire iomlán thuaidh agus theas Éire Albert Fry

Ba é mian seasta síoraí Albert Fry daoine a aontú le chéile seachas iad a chur in árach a chéile

Ba í Éire iomlán thuaidh agus theas Éire Albert Fry

Cuimhní geala ar fad atá agam ar Albert Fry, an Gael dílis uasal ceolmhar atá imithe uainn.

Is maith is cuimhin liom an t-am ar shocraigh mé féin, mo bhean chéile agus an bheirt ghasúr a bhí againn ag an am cuairt a thabhairt ar Oileán Leodhais in Albain. Freastal ar chruinnithe de Chomhairle Nan Eilean Siar a bhí ar intinn agamsa.

D’imigh linn sa gcarr beag a bhí againn. Shocraíomar an oíche a chaitheamh i nDún Dealgan agus a dhul as sin go calafort Latharna ar maidin.

Bhí sé ina chogadh dearg i mBéal Feirste agus bhí imní orainn go rachadh muid trí cheantar arbh fhearr dhúinn fanacht glan air. Ní raibh de leigheas ar an scéal ach glaoch ar Albert Fry.

Níor loic sé orainn ar bhealach ar bith. Mhínigh sé cén bealach ab fhearr dhúinn a theacht isteach i mBéal Feirste agus gheall sé go mbeadh sé ansin le muid a threorú go dtí an calafort. Bhí freisin agus an-fháilte aige romhainn.

Bhí muid ina chuideachta cúpla geábh ina dhiaidh sin i gCumann Chluain Aird. Ba é Rí an Chumainn é, gúrú ceart.

Ní bhíodh stopadh ar bith air ach ag spreagadh daoine le Gaeilge a labhairt agus amhráin a chasadh. Go caoin, cineálta, stuama a dhéanadh sé é.

Bhí ardmheas aige ar mhuintir na Gaeltachta, go mór mór ar mhuintir Rann na Feirste. Ach ba í Éire iomlán thuaidh agus theas Éire Albert.

Nuair a cailleadh é dúirt Mícheál Mac Aonghusa san iris seo nach ndéanfadh seisean dearmad ar an uair a ndeachaigh sé féin, mise, an tSiúr Córa Ní Ghamhna agus Albert ar chuairt eolais don Ghearmáin Thoir nuair a bhí na Cumannaigh i gceannas ansin.

An chuimhne is mó atá agamsa ar Albert an iarraidh sin an freagra a thug sé ar léachtóir sa gceol clasaiceach as Ollscoil Humboldt a tháinig chomh fada linn. Theastaigh uaithi a fháil amach cén chaoi a gcuirtear an ceol Gaelach ó dhuine go duine agus ó ghlúin go glúin.

Tharlódh sé, a dúirt Albert, go mbeadh grúpa ceoltóirí maithe ag casadh i dteach tábhairne agus go dtiocfadh ceoltóir nach mbeadh ach ag tosú ag foghlaim an cheoil go dtí iad. D’fhiafródh sé díobh an bhféadfadh sé cúpla port a chasadh in éineacht leo.

Chuirfidís fáilte Uí Cheallaigh roimhe ach nuair a rachadh sé go dtí an leithreas déarfaidís le chéile gurbh é an trua deacrach nach bhfanfadh sé uathu.

Mar sin féin dá mbeadh sé dáiríre faoin gceol thiocfadh an lá a mbeadh sé féin ina cheoltóir maith agus ceoltóir óg eile ag iarraidh cead cúpla port a chasadh in éineacht leis agus lena chairde.

Leis an nGaeilge a luadh Albert i gcónaí ach bhí polaitíocht aige seachas polaitíocht na Gaeilge amháin. Ní i gcónaí a thaispeánadh sé é mar gurbh é a mhian seasta síoraí daoine a aontú le chéile seachas iad a chur in árach a chéile.

Tá mé féin lánchinnte gur ar an eite chlé a bhí sé. Tá cruthú agam ar sin:

Innealtóir struchtúr a bhí ann. Nuair a rinne sé meastachán ar obair le oifig Pháirtí Cumannach na hÉireann i mBéal Feirste a dheisiú níor ghearr sé costas ar bith ar an bPáirtí.

Labhair sé i nGaeilge faoin gcultúr agus faoin réabhlóideachas ag cruinniú a bhí ag an bPáirtí Cumannach in Iarthar Bhéal Feirste.

Ba é Albert a shocraigh go seolfaí leagan Gaeilge d’Fhorógra na gCumannach i gCumann Chluain Aird.

Cuimhnítear fós ar an gcomhrá a bhí aige le Peadar O’Donnell tar éis cruinnithe faoin Republican Congress in oifig na gCumannach sa mbliain 1984.

Chas Albert cúpla amhrán an tráthnóna sin freisin.

Ba mhaith uaidh.

Fág freagra ar 'Ba í Éire iomlán thuaidh agus theas Éire Albert Fry'

  • Poraic o'hEipicín

    Ar dheis Dé go raibh a Anam uasal.

  • Pat Butler

    Idir seo agus an feartlaoí deas a scríobh Robert McMillan, tá seoladh abhaile ceart tugtha do Albert uasal.

    Chuir sé bláth ar ghéag ‘scene’ cheol tíre Éire na seascadaí, gan dabht.

    Ach, ar eagla go measfaidh éinne go mbá naomh críochnaithe é, rud a chuirfeadh amhaltas ar an bhfear uasal, creidim – cuirim ar an gcomhad é an shout a thug sé domhsa i mo chlársa ‘Gaeil Iarthar Bhéal Feirste’, Féach, 1984, ina ndúirt, ag cúr síos ar easpa Gaolainne Garret Fitzgerald, Taoiseach Éireann –

    ‘Tá fear ina Thoiseach anois, nó in ainm a bheith ina Thaoiseach, nach bhfuil oiread Gaeilge aige a chuirfeadh an madra ón doras’.

    Bhí féith ghrinn, pointeáilteacht, ionraiceas agus cumas sceanaireachta in armlón Albert Fry freisin – nuair ba ghá leis na scileanna sin chun an fhírinne lom iomlán a insint.

    Chreid sé in Éire Aontaithe, rud a chiallódh, a Sheosimh, gan dabht, go mbí Éire iomlán, thuas is Theas, Éire Albert Fry.