‘Ba ghéar a theastaigh sí uainn’ – cuimhní ar Mháire Mhac an tSaoi

Caitheann scríbhneoirí éagsúla súil ar oidhreacht Mháire Mhac an tSaoi, an mórfhile de chuid na hÉireann a bhásaigh an tseachtain seo in aois a 99 bliain

‘Ba ghéar a theastaigh sí uainn’ – cuimhní ar Mháire Mhac an tSaoi

‘Ba ghéar a theastaigh sí uainn’

Máire Ní Fhinneadha

I seomra ranga cathrach, fir agus mná óga lán muiníne is dóchais ag plé le litríocht is téamaí iarsheascaidí na tíre seo, nach mise a bhí buíoch go raibh bean a ndiongbhála ina réalt eolais acu.

Nach iontach nach taobh le hEibhlín Dubh Ní Chonaill a bhí mná óga ar fhágáil na scoile dóibh agus go raibh tobar Mháire Mhac an tSaoi ag feiminigh óga le taoscadh.

Seo bean a thug cead cainte do Ghráinne agus do Dheirdre agus a gcinniúint á cumadh ag daoine eile. Nach beag déagóir ag filleadh ó chúrsa Gaeltachta nach raibh ‘Jack’ ina gcloigeann?

Cuimhním ar an dán ‘Mairéad sa tSiopa Cóirithe Gruaige’ ina fhainic ar mhná óga na bruach-chathrach. Spléachadh trí pholl na heochrach an dán ‘Pósadh den tSeanadhéanamh’ ar an saol taobh thiar den doras dúnta.

Nach iomaí bean thréitheach thuirseach eile a thuig ‘Cré na Mná Tí’ go binn ach a deir Máire ‘Ní mór duit an fhilíocht chomh maith!’

Port a dtuismitheoirí féin a bhí á léamh acu in ‘Ingeanna Fáis’ – ‘Is mo mhac beag ina amhránaí paip, d’éalaigh as Grease – Cabhair Dé chugainn!’

Ní hé an leiceann eile a iompú a shantaigh na déagóirí sin ach ionracas feargach na línte seo –

‘Tá naí an éada ag deol mo chí’se

Is mé ag tál air de ló is d’oíche

An gárlach gránna ag cur na bhfiacal

Is de nimh a ghreama mo chuisle líonta.’

Ócáid mhór ag na déagóirí a bhí i nDamhsa na nDeibeanna agus bhí ‘Pádraig roimh an mBál’ againn don ócáid shuntasach sin ach truamhéal Nicaragus á mheabhrú dúinn chomh maith.

Bean thar chách ab ea Máire Mhac an tSaoi a bhí meabhrach, daingean, cumasach agus a thug a ndúshlán siúd arbh ait leo bean.

Ach bean í chomh maith a bhí suáilceach gnaíúil agus a bhíodh ar a compord ceart le déagóirí cunóracha an tseomra ranga agus a bhaineadh an-chraic as a cuairteanna scoile agus as ócáidí sóisialta na litríochta.

Ba mhór an díomá do Mháire díothú agus íonghlanadh Ghaeilge na Gaeltachta agus ina cuimhne níl ní is fearr dúinn a dhéanamh anois ach a saothar a athléamh go hamplach.

B’ait an bhean thú, a Mháire Mhac an tSaoi, agus ba ghéar a theastaigh tú uainn.

 

‘Mhúnlaigh sí an teanga níos paiteanta ná éinne againn’

Gabriel Rosenstock

An comhrá deireanach a bhí agamsa le Máire Mhac an tSaoi, bhain sé le cúrsaí filíochta, cúrsaí teanga is cúrsaí aistriúcháin. Bhí na haistritheoirí go léir, Frank O’Connor, Michael Hartnett et al tar éis ‘cat’ a tharraingt isteach sa scéal nuair a d’aistríodar an líne cháiliúil sin ‘mar lúireach dealbh cait ar fhásach fraoigh’. Bhí Máire den tuairim gur briathar a bhí ann, is é sin caith agus an rangabháil chaite (!), cait’.

‘Agus bheadh sé fuaimnithe mar ‘cait’ ag Aogán Ó Rathaille,’ arsa Máire liom ansin.

Thosnaíomar ag caint ar rudaí eile ina dhiaidh sin, ach ar feadh soicind bhí a fhios agam gur ag caint le file agus scoláire, a bhíos, duine a raibh a croí agus a haigne sa teanga. Ba í an teanga a mhúnlaigh í, d’fhéadfá a rá. Mhúnlaigh sise an teanga chomh maith, níos paiteanta ná éinne againn. I dteannta Aogáin atá sí anois, i bhfochair na máistrí teanga go léir, ina measc céimithe ‘Ollscoil Dhún Chaoin’.

PS…D’éirigh Máire Mhac an tSaoi as Aosdána mar agóid nuair a tugadh an gradam Saoi don scríbhneoir Francis Stuart, duine (dar léi) a bhí báúil leis na Naitsithe. Gníomh cróga prionsabálta ab ea é sin.

 

‘Raghadh na súile sin tríot dá ndéarfá aon rud contráilte’

Alan Titley

Nach ait mar a bhíonn aithne agat ar scríbhneoir, ach gur aithne iomrallach í? Is cuimhin liom Margadh na Saoire a léamh sa mheánscoil agus chuaigh a shnoite is a bhí go mór i bhfeidhm orm. Cheapas gur cheart don fhilíocht go léir a bheith mar sin. Agus toisc go raibh dánta dá cuid ar churaclaim na scoile mheasamar go raibh sí i bhfad níos sine ná mar a bhí.

An chéad uair dá bhfaca mé í bhí sí ag aoireacht fear na háite chun a gluaisteán féin (agus Conor) a ardach amach as díog a raibh na rothaí cúil dulta in abar ann i nDún Chaoin tar éis Aifrinn. Abair gur dhein sí sin le húdarás!

Bhí de phribhléid agam a bheith ar chúpla clár raidió agus teilifíse léi i gcaitheamh an ama, agus raghadh na súile sin tríot dá ndéarfá aon rud contráilte. Ina choinne sin, bhí sí i gcónaí béasach agus ciúin caoin ina cur i láthair, agus chífeá na habairtí á ndealbhú aici le cúram ina hintinn.

Ach toisc intinn mar sin a bheith agam, is cuimhin liom uair eile agallamh a cuireadh uirthi féin ar an teilifís, agus trácht á dhéanamh ann ar chúrsaí staire agus polaitíochta. Tháinig ceist an tuaiscirt aníos agus ba dhóigh leat go raibh sí faoi thionchar Pháirtí an Lucht Oibre ag an am. Luaigh sí go raibh díospóireacht ghéar aici lena máthair, Margaret Browne, nuair a bhris ‘na trioblóidí’ amach. Dúirt sí san allagar gur ardaigh a máthair a méar agus gur dhírigh uirthi agus dúirt: ‘Ní fhaca tusa riamh saighdiúirí na Breataine ar shráideanna Bhaile Átha Cliath!’ Chuir sin deireadh leis an bplé.

 

‘Banríon na gconsan…’

Aifric Mac Aodha

Banríon na gConsan a thugadh na seanfhilí ar an litir ‘s’ mar nach ndéanfadh sí comhardadh ach léi féin amháin.  An ‘s’ sin, s an tSaoi, i gcroí a hainm féin – intinn neamhspleách, mórscríbhneoir, bean chineálta. Is mór an méala dúinn a bás.

 

Pribhléid a bhí ann aithne a chur uirthi

Darach Ó Scolaí

Is trí Louis de Paor a casadh Máire Mhac an tSaoi den chéad uair orm. Bhí sí ag obair ar leabhar do Louis agus do Rannóg an Léinn Éireannaigh i nGaillimh agus shocraigh sé í a thabhairt chugainne, Leabhar Breac, lena foilsiú.

Nuair a bhí Cérbh í Meg Russell? i gcló chuamar go teach Mháire i mBinn Éadair lena seoladh — mé féin agus mo dheartháir Caomhán, an dearthóir, Louis, Gearóid Ó Tuathaigh agus buíon as an ollscoil. Ócáid chiúin a bhí ann ó bhí a fear, Conor Cruise O’Brien tinn ag an am, agus é ar an leaba thiar sa seomra. Dúirt sí ansin liom go labhródh muid arís faoi leabhar eile a bhí á scríobh aici.

Níor thuigeamar chomh dona is a bhí an scéal lena ‘Conchobhar’, mar a thugadh sí air. Ar an mbealach siar go Conamara dúinn an oíche sin a d’airíomar scéala a bháis.

An bhliain ina dhiaidh sin a chuir sí scríbhinn Scéal Ghearóid Iarla chugam. Chaitheas lá nó dhó ina cuideachta i dteach a hiníne san Uaimh ag ceartú profaí — go deimhin is do mo cheartú-sa a bhí sí: ‘Sciorrann focal ó shagart!’ ar sise go cineálta liom uair amháin.

Bhuaigh Scéal Ghearóid Iarla Gradam Uí Shúilleabháin an bhliain sin agus bhí ócáid mhór ann di i mBaile Átha Cliath. Agus is ina dhiaidh sin a tháinig sí chugainn le Marbhnaí Duino. Pribhléid a bhí ann aithne a chur uirthi.

 

‘Tabhair abhaile luach do shaothair…’

Máirín Nic Eoin

Is mar fhile is mó a bheidh cuimhne ag muintir na hÉireann ar Mháire Mhac an tSaoi, agus tá dánta ar leith dá cuid aitheanta mar mhórdhánta i gcanóin na nuafhilíochta le fada an lá. Níl amhras orm ach go mbeidh athléamh agus athmhachnamh á ndéanamh go fóill ar a hionad i scéal na nualitríochta agus go gcuirfear clocha breise de réir a chéile le carn na critice liteartha ina taobh.

Mar fhile, bhris sí talamh nua nuair a d’fhoilsigh sí dán i lár na 1950idí ina bpléitear mianta collaí mná óige agus í i dteannta i gcaidreamh míshásúil. Níl aon fhile Éireannach a phléigh aimpléisí an mháithreachais mar a rinne sise, agus tá a cuid dánta faoin ngaol agus faoin teannas idir na glúnta ar mhórdhánta na Gaeilge faoi chúrsaí teaghlaigh. Tá an chomaoin a chuir traidisiún na Gaeilge, idir litríocht agus bhéaloideas, ar a saothar aitheanta le fada ag criticeoirí. Bhí an ionramháil chruthaitheach a rinne sí ar ghuthanna agus ar phearsana ón traidisiún ar cheann dá mórstraitéisí chun ábhar íogair mothálach a láimhseáil ar bhealach drámatúil a sheachnódh léamha cúnga beathaisnéiseacha. Spreag a sampla glúin nua banfhilí agus tá a tionchar le brath go fóill ar an nglúin is óige filí Gaeilge.

Chuir Máire Mhac an tSaoi comaoin nach beag ar nuascríbhneoireacht na Gaeilge freisin mar shaothraí cumasach i réimsí na scoláireachta liteartha, an fhicsin staire, an aistriúcháin agus na critice. Má baisteadh go hóg í sa chreideamh gur sa Ghaeltacht a bhí tobar an dúchais Ghaelaigh, ba í an teagmháil le cultúr na hEorpa (trí fhealsúnacht chultúir a huncail, an Mons Pádraig de Brún, i dtosach agus trína taithí oideachais agus gairme ar Mhór-Roinn na hEorpa ina dhiaidh sin) a thug an mhuinín agus an tsaoirse di an Ghaeilge a roghnú mar mheán cumadóireachta a d’oir dá samhlaíocht agus dá cúram cruthaitheach. Ba dhomhain a bhí a tuiscint ar chastachtaí cultúrtha thraidisiún na Gaeilge féin, áfach, rud atá soiléir ón dúshuim a chuir sí i nGearóid Iarla agus i bPiaras Feiritéar mar phearsana litríochta, béaloidis agus staire. D’aistrigh sí dánta Spáinnise, Fraincise agus Gearmáinise go Gaeilge, agus ní hiontas ar bith é go raibh sé ar a cumas cló dúchasach a chur ar dhán cáiliúil William Shakespeare féin, ‘Fear no more the heat o’ the sun’. Guím suaimhneas síoraí ar anam uasal Mháire leis na línte tosaigh as a leagan álainn Gaeilge den dán sin:

Teas na gréine ort nár ghoille,

Ná sa gheimhreadh fraoch na spéire;

Níl anso do riar a thuilleadh,

Tabhair abhaile luach do shaothair…

Fág freagra ar '‘Ba ghéar a theastaigh sí uainn’ – cuimhní ar Mháire Mhac an tSaoi'