Ba é seo buaic Chumann Lúthchleas Gael – i mbun na hoibre as ar sníodh é…

Ar chuireadh ó CLG fuair os cionn 600 dalta as scoileanna Gaeltachta agus as Gaelscoileanna na tíre deis imeartha ar an Luan san áit inar ghlac Sinéad Aherne agus Stephen Cluxton na coirn uaireanta an chloig roimhe sin

Ba é seo buaic Chumann Lúthchleas Gael – i mbun na hoibre as ar sníodh é…

Scoth na seachtaine ab ea an ceann seo caite ag pobal na hÉireann le bheith ag déanamh mórtais as cuid de na rudaí a thuilleann cáil dóibh. Scairt an ghrian ar ardán na bhfeirmeoirí i gCeatharlach agus bhí Páirc an Chrócaigh i ngar de bheith lán dhá lá as a chéile nuair a d’imir na fir agus na mná cluichí móra peile na bliana.

Mura mbeadh ann ach gur fhágadar an ‘Bobarún Boris’ curtha go leataobh ar feadh scaithimh ar na scáileáin theilifíse, b’fhiú go mór é!

B’fhacthas dom cosúlachtaí móra a bheith idir athimirt na peile agus cluiche ceannais na hiomána. D’athraigh an cúl a scóráil Eoin Murchan comhrac an tSathairn seo caite chomh mór céanna agus a d’athraigh an cárta dearg a fuair Richie Hogan san iománaíocht. Sula bhfágfaidh mé éacht Átha Cliath i mo dhiaidh an dtugann sibhse freisin faoi deara gurb iad peataí chuile dhuine anois iad – ina measc siúd na saoithe a bhí ag tuar seachtain roimhe sin go raibh an pheil scriosta de bharr a gceannais.

Ní chuireann sin a dhath iontais orm.

Chruthaigh imreoirí Jim Gavin an Satharn seo caite gurb iad an fhoireann pheile is fearr dár facthas riamh agus níl le déanamh fiú acu siúd ar beag é a ngean orthu ach bualadh bos ó chroí a thabhairt dóibh.

Ó thaobh na mban tá sé tugtha faoi deara agam go bhfuil idir pheileadóirí agus lucht na gcamán ina measc siúd atá ag iarraidh go gceadófaí tuilleadh fisiciúlachta ina gcluiche. Bheidís in ann go maith aige freisin.

Is iad leithéidí chluichí an tSathairn agus an Domhnaigh seo caite príomhardán Chumann Lúthchleas Gael – iad imeartha i staid atá ag dul thar maoil, ar tí pléascadh le teannas agus le corraitheacht agus sin le feiceáil ag na milliúin ar scáileáin den uile mhéid timpeall an domhain.

Is mór an trua nach raibh feiceáil nóiméid féin acu sin ar imeacht a bhí ar siúl i bPáirc an Chrócaigh ar an Luan seo caite agus a léirigh foinse an iontais a facthas ansiúd an dá lá roimhe.

Léirigh sé freisin cén fáth a bhfuil Cumann Lúthchleas Gael fréamhaithe chomh mór sin i gcroíthe lucht a leanta agus an chúis nach móide go bhfuil aon eagraíocht spóirt eile mar é ar dhroim na cruinne.

Ar chuireadh ó CLG fuair os cionn 600 dalta as scoileanna Gaeltachta agus as Gaelscoileanna na tíre deis imeartha ar an Luan san áit inar ghlac Sinéad Aherne agus Stephen Cluxton na coirn uaireanta an chloig roimhe sin.

Nuair a shiúil mise isteach sa staid bhíodar ar fad bailithe i lár na páirce agus grianghraif á dtógáil. As sin go raibh sé ina ardtráthnóna fuair buachaillí agus cailíní óga as 23 scoil agus club deis a gcuid scileanna a léiriú agus iad i mbun imeartha ar an bhfód céanna a bhfeiceann siad a gcuid laochra á dhéanamh.

Bhailigh ógánach as Gaelscoil Chluain Dolcáin an liathróid sa spota céanna inar ghabh Murchan í agus é ag tabhairt an ruathair faoi chroílár chosaint na gCiarraíoch. Rith daltaí scoile as Iarthar Dhuibhneach i mbróga Bhriain Uí Bheaglaoich agus bhí daltaí as Gaoth Dobhair ar ais ar an láthair inar bhailigh Niall agus Éamon Mac Aoidh a gcuid bonn in 2012.

Agus mé i mo shuí ag breathnú anuas ar an iontas rith sé liom gur dócha nach dtarlódh a leithéid in aon tír eile ar domhan. Ní feasach dom go bhfaigheann daltaí bunscoile i Sasana deis imeartha den chineál céanna in Wembley, ná malraigh na Breataine Bige i Staid na Mílaoise, ná 600 Meiriceánach óg i pé ionad a mbíonn an Super Bowl nó an World Series ar bun.

Ba é seo buaic Chumann Lúthchleas Gael – i mbun na hoibre as ar sníodh é agus a chinnteoidh a shláinte go ceann tamaill eile.

Fad agus a mhairfidh siad ní dhéanfaidh na 600 dalta dearmad ar an Luan seo caite. Chas tuismitheoir amháin as Ciarraí dom a bhí ar an aois chéanna leo siúd i 1982 nuair a thug Páidí Ó Sé ar thuras (neamhoifigiúil ar ndóigh!) ar Pháirc an Chrócaigh iad. Thug an treoraí chuig spotaí éagsúla ar an bpáirc iad – ná háiteacha inar tharla na móreachtraí i gcluichí na linne. Ionann is 40 bliain dár gcionn bheadh an té a bhí ag comhrá liom in ann a chos a leagan san áit ar leag sé an uair sin í.

An scéal céanna a bheidh le n-aithris acu siúd a d’imir i bPáirc an Chrócaigh ar an Luan seo caite. Tá súil agam nach ligfidh siad i ndearmad ach oiread iad siúd a mba é toradh a gcuid oibre a d’fhág go bhfuaireadar seans a dhul ann. Leithéidí Phádraic Uí Chonaire atá i mbun Scéim Oiliúna Peile agus Iománaíochta Ghaeltacht na Gaillimhe, a leathbhádóir i gCorca Dhuibhne Tommy Beag Ó Muircheartaigh agus an té a d’eagraigh cúrsaí i bPáirc an Chrócaigh, Jamie Ó Tuama, Oifigeach Forbartha Gaeilge Chumann Lúthchleas Gael.

Fuil ghorm a thagann as féitheacha Jamie nuair a thugann sé scor dó féin ag plé leis an rásúr agus ag breathnú air agus é ag rith feadh Pháirc an Chrócaigh an lá faoi dheireadh ní foláir ach gur mó taisteal a rinne sé ná a bhí déanta ag a laoch Ciarán Kilkenny dhá lá roimhe.

Maith iad Roinn na Gaeltachta freisin as cuidiú leis an lá agus le maoiniú na scéimeanna ag baile.

Ní bhfaighidh siad luach níos fearr ar aon phingin eile a chaithfidh siad i mbliana.

Fág freagra ar 'Ba é seo buaic Chumann Lúthchleas Gael – i mbun na hoibre as ar sníodh é…'

  • Seán Mistéil

    Buíochas leat, a Mhártain, as aird a tharraingt ar an obair seo ag Jamie Ó Tuama agus an tacaíocht ón Roinn chuige sin.
    600 síol, gan dabht….. Is fada a bhéas cuimhne,,,,,,,,