‘Ba é Oeroeg mo chara…’: curtha ag gol ag úrscéal ar an gcéad leathanach

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: léigh ár gcolúnaí leabhar a bhí ar liosta léitheoireachta na nglúnta daltaí meánscoile san Ísiltír, a thír dhúchais, ach a sheachain sé féin

‘Ba é Oeroeg mo chara…’: curtha ag gol ag úrscéal ar an gcéad leathanach

Bhí turas traenach réasúnta fada romham – dhá uair an chloig go leith ann agus dhá uair an chloig go leith ar ais – agus sular thug mé aghaidh ar an stáisiún, thug mé aghaidh ar sheastán na leabhar. Bhí úrscéal uaim a d’fhéadfainn a léamh ó thús deireadh le linn an aistir.

Threoraigh fórsa anaithnid mo lámh i dtreo Oeroeg.

Oeroeg: an t-úrscéal is iomráití ó pheann Hella Haasse (1918 – 2011), duine de mhórúdair na hÍsiltíre; léite ag chuile dhalta meánscoile sa tír sin ó foilsíodh é thiar sa bhliain 1948 – toisc nach bhfuil sa leabhar ar fad ach 105 leathanach. Ag chuile dhalta meánscoile ach amháin agamsa. Ar an gcuid roghnach den liosta léitheoireachta a bhí Oeroeg nuair a bhí mise ar an meánscoil, agus mar a tharlaíonn liom go minic nuair a bhíonn dúil ag an saol mór i leabhar éigin, chaill mé féin spéis ann.

Ach nach ormsa a bhí an dul amú ag an am. An nóiméad a shuigh mé síos sa traein agus gur léigh mé an chéad abairt ba léir dom nach í giorracht an leabhair an fáth gur roghnaigh oiread de mo chairde meánscoile dá liostaí léitheoireachta é.

‘Ba é Oeroeg mo chara.’

Is mar sin a thosaíonn Oeroeg. An bhféadfadh aon chéad abairt a bheith níos simplí? Ach insíonn sí an scéal ar fad agus tuilleadh. Bhí Haasse róchliste lena rá os ard, ach ar ndóigh is í an bhrí a chuireann an chéad abairt sin in iúl dáiríre ná: ‘ní hé Oeroeg mo chara a thuilleadh’.

Sa chuid eile den leabhar breathnaíonn fear inste gan ainm, Ísiltíreach bán, siar ar a chairdeas le Oeroeg, fear Indinéiseach a d’fhás aníos in éineacht leis ar phlandáil tae in iarthar oileán Iáva, sna hIndiacha Thoir Ísiltíreacha mar a thugtaí ar an gcuid sin den domhan tráth, níos lú ná scór bliain sular fhógair an Indinéis neamhspleáchas ón Ísiltír agus sular bhris cogadh gránna amach.

Scáil na staire sin agus an drochrath a bhí sa chinniúint dá barr don chairdeas idir an bheirt fhear óg a thachtann an léitheoir ón gcéad leathanach. Faoin am go raibh bun an leathanaigh sin bainte amach agam féin bhí mo shúile fliuch agus b’éigean dom m’aghaidh a chur i bhfolach taobh thiar den leabhar ionas nach bhfeicfeadh na paisinéirí eile ar an traein an trí chéile a bhí orm. Seans go bhfuil mé rud beag sochorraithe faoi láthair toisc go bhfuil go leor ag tarlú i mo shaol, ach ní dóigh liom gur éirigh le leabhar mé a chur ag gol ar an gcéad leathanach riamh roimhe seo.

Ní saothar gan locht é Oeroeg agus léirigh roinnt bheag taighde ar an idirlíon nach inniu ná inné a thosaigh an chaint faoi ‘leithghabháil chultúrtha’ agus faoin gceist cé aige a bhfuil an ‘ceart’ scéalta áirithe a insint.

Thiar i 1948 bhí sé á chur i leith Hella Haasse cheana féin nach raibh ‘cead’ aicise, Ísiltíreach bán, scríobh faoi fhear de dhath ón Indinéis – d’ainneoin gur sna hIndiacha Thoir Ísiltíreacha a rugadh Haasse agus gur chaith sí a hóige ar fad sna críocha sin.

Ach is iad an t-aiféala, an náire, an cathú agus thar aon rud eile an cumha a mhothaíonn an fear inste agus é ag cuimhneamh ar a dhlúthchara Oeroeg agus ar thír a óige a dhíbir é – agus an tuiscint fho-chomhfhiosach a bhí ag Haasse féin, seans, go mbeadh daoine ann a déarfadh léi nach raibh cead aici a scéal féin a insint toisc nárbh é sin an taobh ‘ceart’ den scéal ó thaobh na polaitíochta de – is iad na rudaí sin ar fad a thugann cumhacht rúndiamhrach, nach mór osnádúrtha don leabhar; na rudaí sin agus an scríbhneoireacht ghlan, shoiléir agus an cur síos ar thírdhreach na hIndinéise a bhfuil cáil ar Haasse ina thaobh. \

Tá dhá aistriúchán éagsúla ar fáil i mBéarla, The Black Lake agus Forever a Stranger and Other Stories, agus ceann i mBreatnais faoin teideal Fy Ffrind Oedd Wrwg, ach is baolach nach bhfuil leagan Gaeilge ar fáil.

Fág freagra ar '‘Ba é Oeroeg mo chara…’: curtha ag gol ag úrscéal ar an gcéad leathanach'

  • Ciarán

    Bhuel a Alex cathain a mbeidh an leagan Gaeilge ar fáil uait mar sin?!