Ba é mo laochsa é, mo ghile mear – Dan Donovan ab ainm dó

Bhí bua na healaíne, intleacht ghrástúil, ionracas morálta agus croí mór maith ag Dan Donovan, fathach is saol na hamharclainne

Ba é mo laochsa é, mo ghile mear – Dan Donovan ab ainm dó

Is iomaí duine a chuir go fial le saol na n-ealaíon i gCorcaigh sa dara leath den chéad seo caite. Luaigh Féile Scannán Chorcaí agus ’sé Der Breen is túisce a thagann chun cuimhne. Tá Aloys Fleischmann inaitheanta le Córfhéile Chorcaí, James N. Healy leis an Southern Theatre Group agus John O’Shea le Everyman Theatre. Luafar ainm Sheáin Uí Thuama le Compántas Chorcaí go Lá an Bhráthair.

Do bhí, mar a tharlaíonn, duine amháin cinnte gualainn ar ghualainn le gach duine díobhsan, duine a chuir le téagar, clú agus seasamh na dtograí comhpháirteacha cultúrtha sin uile. Duine a raibh bua na healaíne, intleacht ghrástúil, ionracas morálta agus croí mór maith aige. Bheannaigh agus rialaigh na tréithe pearsanta sin gach aon rud ar leag sé lámh air. Ba é mo laochsa é, mo ghile mear. Dan Donovan ab ainm dó.

Agus Dan ar shlí na fírinne le cúpla seachtain anois, tar éis dó dosaen bliain sa bhreis ar an gceithre scór a chur de, is méanar dúinn an t-éacht a d’fhág sé le huacht a chur ar an gcomhad.

Cuirtear ar an gcomhad freisin é gur bhunaigh Dan Donovan The Southern Theatre Group i gcomhpháirtíocht le James N. Healy agus Frank Sanquest chun na chéad drámaí iontacha sin ó pheann John B. Keane a chur i láthair phobal Éireann. Fuair Sive, Sharon’s Grave, The Highest House on the Mountain, Many Young Men of Twenty, agus cinn eile a gcéad léiriú domhanda, is a gcéad léiriú gairmiúil fá stiúir Dan Donovan. D’aithin Dan a raibh i ndrámaí Keane naoi mbliana fada sula bhfuair John B. a chéad léiriú le hAmharclann na Mainistreach i 1968.

Ní dhearmadfaidh éinne a chonaic í obair Dan Donovan ar Waiting for Godot (Everyman 1968 ), idir léiriú agus aisteoireacht. Thug Dan dúinn an Pozzo ab fhearr dá bhfaca mé ar aon stáitse ar domhan. Agus an Willy Loman críochnúil in Death of a Salesman. Chuir Liam Ó Muirthile i gcuimhne dom an lá fá dheireadh nach bhfaca sé aon léiriú de Krapps Last Tape ab fhearr ná ionchollú Dan, fiú agus leagan John Hurt féin á chur san áireamh.

Is fearr a oireann an teideal ‘fear de chuid an Renaissance’ Dan Donovan ná éinne eile riamh ar m’aithnese. Aisteoir, stiúrthóir amharclainne, léiritheoir, craoltóir, scriptscríbhneoir, fear mór scannán, mairnéalach, leantóir díograiseach na Riverstown Foot Beagles, raconteur, scéalaí, oirfideach, múinteoir, fealsúnaí, staraí – ní raibh aon teora le buanna ildánacha Dan.

D’ainneoin a chumais is a theacht i láthair, b’fhear umhal é gan éirí in airde ná mórchúis d’aon saghas ag baint leis.

Mar a bheadh beach thart ar bhláth, bhailigh cleas óg deisceabal, idir stócaigh is mhná óga thart air. Tnúthánaithe den uile dhisciplín amharclainne agus scáileáin – aisteoirí, scríbhneoirí, scannánóirí óga a bhí ag tosú amach agus muid ar fad ár mealladh isteach in aoibh Dan Donovan. D’aimsíomar ina chuideachta cothú intinne is anama agus túis bheannaithe a bhí gann a dóthain i gCorcaigh na mblianta sin: túis na saoirse, túis an fhiosraithe a ghabh as ár gcraiceann sinn le hiontas. Beannaithe idir fhir is mná, thug an máistir Dan go fial don dalta óg.

Cé a dhéanfaidh dearmad ar Renault 4L iontaofa Dan, cairt an bhata ghiair chrúcaigh sa deais, ina n-iompraíodh sé scata dínn chun na réamhchleachtaí.

Agus ar aghaidh linn ina dhiaidh sin go dtí pluais ghioblach an bhoihéamachais neamhshrianta, Healy’s Hall ar an bPríomhshráid Theas, caol díreach amach os comhair ghrúdlann Beamish. Má bhí fáilte roimh an deoch, ba mhó go mór ná seomra thuas staighre an Group Theatre, ná áit ina gcaithfeá siar na piontaí agus cluas á thabhairt agat le Dónal O’Donovan (nach raibh aon ghaol aige le Dan) agus na St. Louis Blues á bhualadh amach aige lena chuid rifeanna planctha pianó.

Go deimhin, ba é an Group Theatre an fóram is an seanad dúinn, an colosseum is an sorcas. Anseo, i gcuideachta Dan, mhúsclaíodh tuairim amháin ceann eile as a bpléascfadh an tríú ceann ina galbhruith. Chaitheamar siar Eisenstein, Pudovkin agus Kalatovov – athair, mac agus spiorad naomh an chineama Shóivéadaigh mar chéad chúrsa. D’alpamar le fonn ár rogha féin, idir iontais Bhergman agus Fellini; Seán Ó Ríordáin agus Seán Ó Tuama (a d’fhéadfadh a bheith ina sheasamh ag an mbeár in aice leat ó am go chéile), Ibsen agus Chekhov Pinter agus Ayckbourn, Máire Mhac an tSaoi agus Eoghan Ó Tuairisc. Ba iadsan a bhíodh go minic le fáil ar an mbiachlár mar phríomhchúrsa. Gheofá ansin do rogha féin idir Tennessee Williams, Sam Beckett, James Joyce agus John B. Keane mar mhilseog.

Ag béile le Dan ag an mbord mór idirnáisiúnta/Gaelach sin, tugadh an misneach dúinn a chreidiúint go mba shórt miondéithe sinne freisin, nó go bhféadfaimis iompú amach mar sin, ach éisteacht, ceistiú agus foghlaim conas an obair a chur isteach.

Chreideamar, agus muid in aice le Dan Donovan, go rabhamar beannaithe le féidearthachtaí as cuimse.

D’fhoghlaimíomar go raibh an gáire is an gol araon ok. Agus, b’fhéidir an ceacht ba thábhachtaí díobh ar fad, is é sin, go mba mhó go mór ná ok é bheith ag samhlú is ag brionglóidí. Ní raibh an dara rogha ann ach géilleadh don dá aithne san. Iadsan amháin a bhí éigeantach.

D’fhiafraíos de uair amháin, i ndeireadh na bliana 1968 agus Waiting for Godot á ullmhú againn do Everyman, cén sórt mothú a bhraithfeadh Estragon agus líne éigin á rá aige. D’fhan freagra Dan liom ó shin.

‘Téir ag dreideáil, a bhuachaill. Dreideáil’.

Gura maith agat Dan as lear mór againn a chur amach sa saol chun dul ag brionglóidí is ag dreideáil.

Dan, a chara, ar dheis Dé i mbaclainn na sinsear go raibh d’anam dílis, iltíreach, idirnáisiúnta, Gaelach, ógh.

Gurb amhlaidh duit mar sin anois é agus as seo go deo na ndeor is na díleann.

Fág freagra ar 'Ba é mo laochsa é, mo ghile mear – Dan Donovan ab ainm dó'

  • Deirdre Ní Chuanacháin

    Níor raibh aithne agam ar Dan Donovan ach chuala mé a ainm go minic i Cathair Chorcaí thar na blianta mar aisteoir agus mar duine le buanna faoi leith aige. Thug an alt seo léargas dom ar saoil, saothair agus pearsantacht Dan ach níos mó ná san tá Pat Butler bhlaiseadh iontach a thabhairt dúinn san alt is cuimhneamh é atá lán de beocht chomh maith. Is pribhléid dom é a léamh. Go raibh maith agat.

  • alan titley

    Píosa álainn ag Pat. Laoch ba ea é, gan aon agó. Fear cultúir go smior. Ní raibh an oiread san aithne agam air, ach chuaigh a thásc roimis amach, agus bhí caint air riamh anall. Is cuimhin liom é in scata drámaí, cinn Uí Thuama go háirithe. Bhí aithne mhaith ag m’athair air, agus ba mhinic é a thuairisc á cur. Is léir an grá agus an cion in aiste Phat. Ár mbuíochas leat