Ba dheas le Miriam O’Callaghan ‘seó iomlán’ a chur i láthair as Gaeilge

Tá ráite ag an gcraoltóir mór le rá ó RTÉ nach gcuirfeadh sí as an áireamh é clár iomlán a chur i láthair as Gaeilge dá bhféadfadh sí cur lena líofacht sa teanga

Ba dheas le Miriam O’Callaghan ‘seó iomlán’ a chur i láthair as Gaeilge

D’fhéadfadh go mbeadh láithreoir nua cúrsaí reatha i saol chraoltóireacht na Gaeilge má éiríonn le Miriam O’Callaghan feabhas a chur ar a cuid Gaeilge.

In agallamh faoi chúrsaí Gaeilge a rinne an craoltóir mór le rá de chuid RTÉ leis an suíomh Campus.ie, dúirt sí nach gcuirfeadh sí as an áireamh é go gcuirfeadh sí “seó iomlán trí Ghaeilge” i láthair amach anseo.

“Níl mé sách líofa ná muiníneach le seó iomlán a dhéanamh trí Ghaeilge faoi láthair, ach b’fhéidir go mbeinn amach anseo,” a dúirt sí.

Cé nach bhfuil Gaeilge líofa aici, dúirt O’Callaghan go bhfuil “grá” aici don teanga a bhuíochas lena tuismitheoirí a labhair “go rialta” sa bhaile í agus a raibh “an-mheas” acu uirthi.

Ceistíodh O’Callaghan freisin faoi chaighdeán Gaeilge polaiteoirí agus go háirithe faoin scéal go raibh ar TG4 díospóireacht a chur ar ceal roimh olltoghchán na bliana seo toisc nach raibh dóthain Gaeilge a bheith ag beirt de cheannairí na mórpháirtithe.

“Tá sé iontach nuair atá polaiteoirí ábalta an teanga a labhairt ach ní bheinn ró-dhian orthu siúd nach bhfuil ábalta. Ní raibh an deis chéanna ag gach duine Gaeilge a fhoghlaim mar is cuí agus tá sé níos deacra í a fhoghlaim nuair atá tú níos sine,” a dúirt sí.

Fág freagra ar 'Ba dheas le Miriam O’Callaghan ‘seó iomlán’ a chur i láthair as Gaeilge'