Ba dhána an mhaise é Casey a chur as an áireamh

Sa tsraith seo caitear súil chun cinn ar thoghcháin Eorpacha na seachtaine seo chugainn. Toghlach an Láir Tíre-an Iarthuaiscirt atá faoi chaibidil inniu againn…

Ba dhána an mhaise é Casey a chur as an áireamh

Toghcheantar: Lár Tíre – An tIarthuaisceart

Líon na suíochán: 4

Síneann an toghcheantar ollmhór seo ó Chionn Mhálanna i dtuaisceart na tíre go Conamara san iarthar agus soir go Cill Dara. Trí chontae dhéag as trí chúige atá san áireamh agus tá níos mó ná 1.5 milliún duine ina gcónaí ann.

Mar sin measann na príomhpháirtithe go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh scaipeadh maith ar bhonn tíreolaíochta ag a gcuid iarrthóirí. Tá triúr de na feisirí reatha ag seasamh arís – Mairéad McGuinness (Fine Gael), Matt Carthy (Sinn Féin) agus Luke ‘Ming’ Flanagan (Neamhspleách) ach tá cinneadh déanta ag Marian Harkin gan dul san iomaíocht an iarraidh seo. De réir na bpobalbhreitheanna níor cheart go mbeadh stró ar bith ag an triúr feisirí reatha a gcuid suíochán a choinneáil ach tá roinnt nithe go gcaithfear a chur san áireamh an geábh seo.

Ar dtús báire caithfear an cheist a chur an éireoidh le Peter Casey (Neamhspleách), an céatadán ard vótaí (23%) a fuair sé i dtoghchán na hUachtaránachta a fháil arís agus má fhaigheann cé hiad na hiarrthóirí a bheidh thíos leis? Tá go leor daoine den tuairim anois gur píobaire an aon phoirt atá ann agus go bhfuil gean an phobail air imithe i léig de réir mar a chuir siad aithne air.

Ach ní thig é a chur as an áireamh ach an oiread. Bígí ag súil le cleas nó dhó idir seo agus lá an toghcháin chun aird a tharraingt air fhéin.

Ní dócha gur leor an céatadán den vóta atá luaite sna pobalbhreitheanna dó (c. 9%) chun suíochán a ghnóthú ach is fiú a chuimhneamh gur deineadh meastachán faoina luach air i dtoghchán na hUachtaránachta fosta.

Is fiú a chuimhneamh fosta, áfach, gur dócha gur tháinig an Cathasach i dtír ar chinneadh Fhianna Fáil gan iarrthóir a chur chun cinn i dToghchán na hUachtaránachta. Ní bheidh rith an ráis leis sa toghchán seo agus seans go mbeidh sé ag tarraingt ón phota céanna leis an bheirt iarrthóirí atá ag Fianna Fáil.

Ach is cinnte go bhfuil vóta ard agóide sa toghcheantar seo. Cúig bliana ó shin, tráth go raibh an tír díreach ag teacht slán ón gcúlú eacnamaíochta, ba i dtreo na heite clé a chuaigh an vóta sin. Ach tá comharthaí an rachmais le sonrú in Éirinn anois agus lánfhostaíocht nach mór bainte amach againn. Chuile sheans mar sin go leanfaidh Éire an patrún atá le sonrú i dtoghcháin pharlaiminte fud fad na hEorpa, is é sin claonadh i dtreo na heite deise.

Más ea, thiocfadh le Casey cor coise a chur i Flanagan. Ainneoin é a bheith ard sna pobalbhreitheanna, ní gan chonspóid a bhí céad tréimhse Mhing i bParlaimint na hEorpa agus níor cheart go ndéanfaí talamh slán dá shuíochán. Tá sé thar a bheith gníomhach sna meáin chumarsáide agus gheobhaidh sé tacaíocht áirithe i measc vótóirí níos óige. Is é is dóichí ná go mbeidh sé uilig ag brath ar cé acu a bheas chun cinn sa chéad chuntas, óir is doiligh a shamhlú cá bhfaighidh siad a gcuid aistriúchán.

Beidh gach éinne ag coinneáil súil ghéar fosta ar Fhianna Fáil. Theip go tubaisteach orthu sa cheantar seo, a mbíodh tacaíocht láidir acu ann, an uair dheireanach toisc nach ndearna siad bainistíocht cheart ar a gcuid vótaí. Cé go raibh cuóta ag FF, bhí vótaí chéad rogha Pat ‘the Cope’ Ó Gallchóir agus Thomas Byrne (9% agus 8.5%) ró-chóngarach dá chéile agus thit an páirtí idir dhá stól.

An bhfuil an baol ann go dteipfeadh ar a straitéis chéanna arís an iarraidh seo?

Is cinnte nár thuill ceachtar dá n-iarrthóirí – Anne Rabbitte ná Brendan Smith – aon mhórcháil go n-uige seo as an méid atá bainte amach acu i saol na polaitíochta. Mar sin féin, is deacair a shamhlú nach mbeadh suíochán ann do dhuine den bheirt acu. Beifear ag súil go mbeidh duine acu i bhfad chun cinn ar an iarrthóir eile agus gur le haistriúcháin a thoghfar é nó í. Seans maith gur le Smith a bheas an lá ach ní haon chuidiú dóibh an phróifíl íseal atá ag an mbeirt iarrthóirí. Mar sin de, is le hoiread na fríde a bhuafaidh Fianna Fáil suíochán.

Cé nach bhfuil an ghaoth i seolta Shinn Féin mar a bhí cúig bliana ó shin tá tacaíocht láidir acu go fóill cois teorann. Bheifeá ag súil mar sin go ndéanfaidh Matt Carthy an beart arís ach a vóta laghdaithe.

Tá beirt iarrthóirí láidre ag Fine Gael – Mairéad McGuinness agus iar-Rós Thrá Lí, Maria Walsh. Tá an bheirt acu lonnaithe i gcodanna éagsúla den toghcheantar agus beidh an páirtí ag súil go dtiocfaidh siad i dtír ar fhógra an rialtais i leith soláthar leathanbhanda tuaithe. Tá suíochán bainte ag Mairéad McGuinness sna trí thoghchán deireanach agus is minic í ag tráchtaireacht ar na meáin chumarsáide faoin mBreatimeacht. Más fíor do na pobalbhreitheanna, toghfar í gan dua agus d’fhéadfadh go gcuirfeadh scaipeadh farasbarr s’aicisean Maria Walsh san iomaíocht don suíochán deireanach. Is ar éigean go mbainfidh sí é, áfach.

Cé go bhfuil cúrsaí comhshaoil go mór chun cinn san am i láthair, seans go mbeidh iarrthóir Chomhaontas Glas ó Oileán Acla, Saoirse McHugh, sásta le taispeántas maith an iarraidh seo. Is beag dea-scéala a bheas ann do Pháirtí an Lucht Oibre, áfach, agus gan mórán cur amach ag an bpobal ar a n-iarrthóir siúd, Dominic Hannigan. Ní bheidh aon rath ach an oiread ar an iarSheanadóir, Fidelma Healy Eames.

Tuar: Mairéad McGuinness (FG), Matt Carthy (SF), Brendan Smith (FF) agus Peter Casey (Neamhspleách)

Fág freagra ar 'Ba dhána an mhaise é Casey a chur as an áireamh'