Ba chun leas na Sasanach é gan a gcluiche a bhuachan anocht

Caithfidh Albain an ceann is fearr a fháil ar an gCróit anocht chun an chéad bhabhta eile a bhaint amach ach d’fhágfadh bua ag Sasana go mbeadh ar fhoireann Gareth Southgate ceann de na boic mhóra a imirt sa dara babhta

Ba chun leas na Sasanach é gan a gcluiche a bhuachan anocht

Jack Grealish. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Poblacht na Seice v Sasana – 8pm

D’fhág torthaí na gcluichí aréir go bhfuil áit bainte amach cheana féin ag Poblacht na Seice agus Sasana sa chéad bhabhta eile de EURO 2020. Tá tábhacht fós le cluiche na hoíche anocht, áfach, agus bua ag teastáil ó Shasana chun an chéad áit sa ghrúpa a bhaint.

Aisteach go leor, seans go mbeadh sé chun leas na Sasanach críochnú sa dara háit sa ghrúpa. Má bhuann siad an cluiche anocht, beidh orthu aghaidh a thabhairt ar an bhFrainc, an Ghearmáin nó an Phortaingéil sa chéad bhabhta eile ach má chríochnaíonn siad sa dara háit i nGrúpa D, is in aghaidh na bhfoirne a chríochnóidh sa dara háit i nGrúpa E – An tSualainn, An tSlóvaic, An Spáinn nó An Pholainn – a bheidh Sasana.

Ní fhéadfaí talamh slán a dhéanamh de go dtabharfadh na Sasanaigh na cosa leo in aghaidh Phoblacht na Seice fiú dá mdéanfadh forieann Gareth Southgate a míle dícheall. Measadh go raibh deis ag foireann Gareth Southgate an chraobh seo a bhaint ach leamh go maith a bhí taispeántais na foirne go dtí seo.

Níl aon chúl géillte ag na Sasanaigh go dtí seo ach níl ach an t-aon cheann amháin scóráilte acu agus níor éirigh leo mórán deiseanna a chruthú ach oiread. Tá cuid mhaith den mhilleán á chur ar Harry Kane, a bhfuil cuma na tuirse air, ach is beag atá déanta ag na fir timpeall air ach an oiread agus is géar a theastódh croitheadh a bhaint as cuid acu.

Beidh athrú amháin ar a laghad le déanamh ag Southgate anocht mar tá Mason Mount ag féinleithlisiú mar gheall go raibh gartheagmháil aige le Billy Gilmour na hAlban, comhghleacaí Mount ag Chelsea. Fuair Gilmore toradh deimhneach ar thástáil don Covid-19 an tseachtain seo. Tá imreoir eile de chuid Chelsea agus Shasana, Ben Chilwell, curtha as an áireamh do chluiche na hoíche anocht freisin tar éis dó féin agus Mount bualadh le Gilmour ar an bpáirc i ndiaidh an chluiche comhscóir Dé hAoine seo caite.

Tá go leor ag éileamh go n-imreodh Southgate Jack Grealish ón tús agus d’fhéadfaí Phil Foden a bhogadh siar in áit Mount chun spás a fháil dó. Údar iontais eile nach bhfuil seans ar bith tugtha do Jadon Sancho go fóill agus ní drochsmaoineamh a bheadh ann eisean nó imreoir eile de chuid Borussia Dortmund, Jude Bellingham, a chur chun páirce ón tús inniu.

Chruthaigh na Seicigh go maith sa chomórtas go dtí seo. Bhíodar faoi bhrú sa chéad chluiche in aghaidh na hAlban ach bhuadar 2-0 agus d’fhág an comhscór in aghaidh na Cróite go mbeidh siad ag dul ar aghaidh go dtí an chéad bhabhta eile. Trí chúl atá aimsithe ag Patrik Schick agus tuigeann Sasana go mbeidh orthu súil ghéar a choinneáil air.

Má thiteann na Seicigh siar ón tús anocht sa tóir ar an gcomhscór, tá an baol ann go ligfidh siad do Shasana teacht sa mhullach orthu. B’fhearr dóibh mar sin cloí leis an gcur chuige a bhí acu go dtí seo agus an cluiche a bhuachan, rud a d’fhágfadh na Sasanaigh trína chéile ar fad.

 

Luka Modric. Pictiúr: INPHO/James Crombie

An Chróit v Albain – 8pm

Ba mhór an spreagadh a thug dtaispeántais in aghaidh Shasana d’imreoirí na hAlban ach tá obair fós le déanamh más leo teacht slán ó Ghrúpa D. Caithfidh na hAlbanaigh an bua a fháil i gcluiche na hoíche anocht chun an beart sin a dhéanamh.

Buille atá ann d’fhoireann Steve Clarke nach mbeidh Billy Gilmour ar fáil de bharr an Covid-19. Cé gurbh é an cluiche in aghaidh Shasana an chéad chluiche a thosaigh sé d’fhoireann na hAlban, roghnaíodh an fear óg mar laoch na himeartha agus beidh an fhoireann níos laige gan eisean i lár na páirce. Seans go dtiocfaidh Ryan Christie nó David Turnbull isteach in áit Gilmour ach níl an cumas céanna eile iontu.

Beidh Steve Clarke ag iarraidh taispeántas eile lán fuinnimh inniu chun senafhoireann seo na Cróite a bhualadh. Bhí cuma an-lag ar an bhfoireann sin go dtí seo ach is cinnte go bhfuil an lámh an uachtar ag na Cróitigh ar na hAlbanaigh chomh fada is a bhaineann sé le taithí ar chluichí móra.

Ní haon mhaith do cheachtar foireann cluiche comhscóir ach seans gurb é sin an toradh is dóichí ar an gcluiche seo.

Fág freagra ar 'Ba chun leas na Sasanach é gan a gcluiche a bhuachan anocht'