Ba chuma le muintir na Graonlainne neamhspleáchas a bhaint amach, ach na fadhbanna móra atá acu a bheith réitithe

Ba thábhachtaí do mhuintir na Graonlainne i dtoghchán na seachtaine seo an tsochaí ná an tsaoirse

Ba chuma le muintir na Graonlainne neamhspleáchas a bhaint amach, ach na fadhbanna móra atá acu a bheith réitithe

Nuuk, an Ghraonlainn

Is cosúil go mba mhaith le muintir na Graonlainne go mbeidís iomlán neamhspleách ón Danmhairg am éigin amach anseo, ach ní cosúil go bhfuil saoirse ó choróin na Danmhairge ar bharr liosta mianta na vótóirí sa toghchán atá ar siúl sa tír sin an tseachtain seo.

Ní hé go bhfuil na Graonlannaigh sona sásta mar chuid de ríocht na Danmhairge, ach tá go leor dul chun cinn déanta acu le blianta beaga anuas maidir le neamhspleáchas de shórt a dhaingniú. Vótáil an Ghraonlainn ar son tuilleadh neamhspleáchais ó Chóbanhávan in 2008, agus in 2009 fuair siad a thuilleadh cumhachtaí maidir le cúrsaí dlí, póilíneachta, agus acmhainní nádúrtha. Thairis sin, fógraíodh gurb í an Ghraonlainnis an t-aon teanga oifigiúil sa Ghraonlainn, agus cuireadh an Danmhairgise sa dara háit.

Tá leibhéal measartha saoirse ag an nGraonlainn mar sin, ach is cosúil go bhfuil fadhbanna eile le réiteach ag an tír sula dtugtar aghaidh ar neamhspleáchas iomlán a bhaint amach. Tá an mhí-úsáid ghnéis ar bharr liosta na bhfadhbanna sin; fuarthas amach i dtaighde a rinneadh in 2015 go ndearnadh mí-úsáid ghnéis ina n-óige ar dhuine as gach triúr idir 18 agus 29 bliain d’aois. De réir an taighde sin, dúirt 7% de dhaoine go raibh siad seacht mbliana d’aois nó níos óige nuair a bhí gnéas acu den chéad uair. Cé gur scéal tragóideach é sin, níl ann ach fadhb shóisialta amháin i measc scata fadhbanna, bíodh is go bhfuil baint aici le cuid de na fadhbanna eile ar nós fadhb an alcólachais agus fadhb an fhéinmharaithe.

Mar sin, cé acu ba thábhachtaí i dtoghchán na seachtaine seo; an tsochaí, nó an tsaoirse? Is léir go bhfuil tús áite á thabhairt don tsochaí agus do chomhrialtas idir na trí pháirtí is mó, Siumut (an páirtí daonlathach sóisialta), Inuit Ataqatigiit, páirtí de chuid na heite clé, agus Demokraterne (na Daonlathaigh). Beidh ar an gcomhrialtas sin obair le chéile chun feabhas a chur ar an infreastruchtúr, ar chúrsaí oideachais, turasóireachta agus iascaireachta.

Níor bheag an t-éacht é sin, áfach, agus dúshláin ag baint leis na cúrsaí sin ar fad. I gcás na turasóireachta, mar shampla, is bacanna mór iad iargúltacht na tíre agus easpa infreastruchtúir ar thurasóirí a mhealladh ón Eoraip agus ó Mheiriceá Thuaidh (cé go bhfuil Nuuk níos gaire do Nua-Eabhrac ná Cóbanhávan). Toisc go bhfuil suim ag an tSín agus ag Ceanada i dtionscal mianadóireachta na Graonlainne, tá pleananna ann chun infreastruchtúr na tíre a fheabhsú, trí aerfort sa bhreis a thógáil agus uasghrádú a dhéanamh ar phríomhbhóthar an chósta. Tá imní ar mhuintir na Danmhairge faoi na pleananna seo, áfach, toisc go gcuirfeadh na haerfoirt nua isteach ar airm Mheiriceá sa bhunáit atá acu in iarthuaisceart na Graonlainne ag Thule Air Base.

Tá ceist na teanga i gceist sa Ghraonlainn, fosta, nó sa chás seo, ceist na dteangacha. Cé gurb í an Ghraonlainnis an t-aon teanga oifigiúil atá ag an tír anois, níl mórán cúrsaí ollscoile ar fáil trí Ghraonlainnis. Tá formhór na gcúrsaí in Ollscoil na Graonlainne i Nuuk ar fáil i nDanmhairgis nó i mBéarla, na teangacha idirnáisiúnta, agus cúrsaí eile nach mbíonn an oiread sin tóir orthu a bhíonn ar fáil sa Ghraonlainnis. Fágann sé sin go bhfuil sé de nós ag na Graonlannaigh gan leanúint ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal, sin má éiríonn leo an teastas ardscoile féin a bhaint amach. Má tá rialtas na Graonlainne chun feabhas a chur ar chúrsaí oideachais beidh orthu dul i gcomhar leis an ollscoil chun a chruthú do dhaoine óga gurbh fhearrde dóibh cloí leis an oideachas.

Daonra 50,000 atá sa Ghraonlainn agus tá 40,000 acu atá i dteideal vótáil. Beidh siad ag coimeád súil ghéar ar a ndéanfaidh rialtas nua amach anseo chun dul i ngleic leis na fadhbanna éagsúla sa tír. Má éiríonn leis an rialtas nua réiteach a fháil orthu, luath nó mall tosófar ag amharc i dtreo na Danmhairge le freagra ceart a fháil ar cheist an neamhspleáchais. Ach bunaithe ar an bplé a bhí ar bun ag polaiteoirí na Graonlainne le linn an fheachtais toghchánaíochta, níl an lá sin tagtha fós. Is tábhachtaí leis na vótóirí saol maith a bheith acu ná saoirse ón gcoróin. Údar faoisimh is ea sin don Danmhairg, freisin.

Fág freagra ar 'Ba chuma le muintir na Graonlainne neamhspleáchas a bhaint amach, ach na fadhbanna móra atá acu a bheith réitithe'