Ba Chúchulainn na linne é…

Bhí ár gcolúnaí ar an taobhlíne mar bhall de lucht bainistíochta Chorcaí nuair a d’imir Henry Shefflin a chéad chluiche craoibhe sinsearaí i 1999. Tá sé faoi dhraoícht ó shin aige

Is cuma leis faoi na Cait faoi láthair, níl ar intinn Henry Shefflin ach cluiche ceannais Bhaile Héil i bPáirc an Chrócaigh inniu. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tá a gheansaí idirchontae caite ar leataobh ag an imreoir is mó cáil Henry Shefflin sa tír i ndiaidh sé bliana déag ar fhoireann sinsear Chill Chainnigh.

Dála gach imreoir eile ní genius déanta a bhí ann agus é ag tosú amach, ach chuir faobhar ar a chuid imeartha le haimsir nó go raibh sé ina iomaitheoir fíochmhar agus ina imreoir scafánta ardsciliúil. Tá a phearsantacht mín, séimh, deas lasmuigh de pháirc na himeartha ach athraíonn san nuair a thrasnaíonn sé an líne bhán, tráth nach mbíonn aon rud eile ar a aire ach bua a fháil.

Aon imreoir a tháinig ar ais níos mó ná uair amháin ó ghortuithe tromchúiseacha, caithfidh go bhfuil lasair láidir taobh istigh de.

Bhí mé ar an taobhlíne mar bhall de lucht bainistíochta cúlseomra Chorcaí nuair a d’imir Henry Shefflin a chéad chluiche craoibhe sinsearaí i 1999.

Ní raibh fhios agam an tráthnóna Mheán Fómhair fliuch sin go mbeadh corriarracht craobhacha Éireann ár Maestro cois Laoi féin, Christy Ring, sáraithe aige sara mbeadh deireadh déanta, gan trácht ar a oiread bonn agus gradam atá carnaithe aige. Téir go dtí a leathanach Wikipedia agus bíodh éad agus gliondar ort.

Seo fear a rinne a sheacht ndícheall chun bheith, ní go maith, ach ar fheabhas i ngach cluiche a d’imir sé. Bhí na scileanna go léir aige mar gur oibrigh sé de shíor orthu. Bhí ar a chumas spás a cruthú agus a úsáid go cliste. Bhí sé cróga. Bhí sé dian nuair a bheadh gá leis. Bhí sé an-éirimiúil. B’imreoir foirne den chéad scoth é. Bhí sé láidir. Bhí sé ina cheannaire. Ar na hócáidí is mó tábhacht, léirigh sé socracht agus stuamacht.

Bhí ar a chumas scóranna a chruthú agus a fháil ó na huilinn is géire.

I bhfianaise a bhfuil buaite aige, is é an t-imreoir is rathúla riamh é i stair na hiomána. Ach an féidir a rá gurb é an t-imreoir is fearr a rug greim ar bhata fuinseoige riamh? Ní dóigh liom gur féidir é sin a rá go deifnídeach.

Luaigh mé ainm Christy Ring níos luaithe ach ní fhaca mé ag imirt é nuair a bhí se i mbarr a réime. Chuala mé ainmneacha Mick Mackey agus Nicky Rackard luaite mar déithe na hiomána, go minic, le linn m’óige. Ach ní fhaca mé ag imirt iad. Creidim go raibh siad thar barr.

Chonaic mé Charlie agus Gerald McCarthy, George O’Connor, Eddie Keher, Seanie McMahon, Brian Lohan agus Brian Whelehan agus iad ag déanamh éachtanna thar thréimhse fhada. Chonaic mé leithéidí DJ Carey, John Mullane agus Brian Corcoran agus iad ina ríthe in imeacht na mblianta.

An féidir a rá go raibh Tommy Walsh agus J.J Delaney ar comhchéim le Shefflin? Mar cheannairí agus imreoirí tábhachtacha, luachmhara, caithfidh mé a rá go raibh.

Dar ndóigh, rud an-tábhachtach a bhí mar chúlra i saol iomána Shefflin ná go raibh foirne iontacha ag Cill Chainnigh i rith na ré órga ar imir sé.

Gan amhras ar bith, rinne Henry obair na gcapall agus léirigh sé na sárbhuanna a bhí ann thar thréimhse fhada agus is féidir a rá go seasann sé ar bharr an liosta mar an laoch iomána is mó gradam, ach ní dóigh go bhfuil sé ceart a rá gurb é an t-imreoir is fearr riamh é.

Ní dóigh liom gur féidir é sin a rá faoi aon imreoir.

Cinnte, bhí sé thar barr agus braithfimid uainn é. Ba Chúchulainn na linne é agus beidh sé thar a bheith deacair d’aon imreoir a ghaiscí a bhualadh san aimsir amach romhainn.

Go maire sé an céad.

Fág freagra ar 'Ba Chúchulainn na linne é…'

  • PólÓ

    D’fhág tú Nicky English ar lár ón alt seo.

  • padraig o donnchu

    Sea teitear thar foir leis an bplamas agus leis an aibheil sna nuachtain, ‘An Ri’ (seachas Anraoi) ag SBB mar shampla. Seafoid a ra gurb e an t-iomanai ab fhearr riamh e, conas a fheadfai comparaid choir a dheanamh idir e agus na rithe iomanaiochta a bhi ann riamh anall? Nach cluiche eile ar fad iniiu e fiu o bhi tu fein ag imirt a John?
    Cathain a chitear pointe a chur a la John Fenton o lar an ghoirt le buille fan talun? Sin scil ata imithe as an saol ar fad anois. Fiu agus an t-imreoir os comhair an bhaire amach agus deis iontach scorala aige caithfidh se an sliotar a ardach chun i a bhualadh.
    Agus soicindi luachmhara a gcailliuint aige is minic a leann an seans air.
    Is san aer a d’imriodh an Sioflanach a chuid iomana dala na gCat ar fad geall leis. Agus an pas laimhe uilioch sin a chleachtaionn siad at a t’reis an cluiche a mhilleadh an cluiche dar liom.
    Ni bhuafar orthu no go dti go gcleachtofar an stroc fan talun athuair.

  • Teaimín

    Bhí sé go maith ach bhuaigh sé na deich mbonn ar fhoireann cumasach a bhí faoi stiúir an bhainisteora is fearr a facthas ariamh. Tá sé féin ag cur lena chuid miotaseolaíochta anois, é ag glaoch ‘press conference’, a leithéid de ghaileamaisíochta ag imreoir amaitéarach de chuid CLG! Agus daoine a’ rá nach raibh aon ghaisce faoi! B’uaisle ar an bpáirc imeartha JBM, DJ agus Joe Cooney agus imreoirí breátha eile nach iad. Bhíodh Seiflinn go minic ag sáraíocht ar an réiteoir agus é gairgeach go maith i mbun imeartha. Bíodh an fheamainn aige é féin is a chuid bonn!