Ba chosúil go raibh ré órga i ndán d’ailtirí an Chomhaontaithe – an SDLP agus an UUP…

Fuair a gceannairí Gradam Síochána Nobel i 1998 ach tá an UUP agus an SDLP in ísle brí le fada agus vótóirí éiginnte faoina ról i saol an lae inniu

Ba chosúil go raibh ré órga i ndán d’ailtirí an Chomhaontaithe – an SDLP agus an UUP…

Tá bóithrín na smaointe plódaithe an deireadh seachtaine seo, cothrom an ama a ndearnadh Comhaontú Aoine an Chéasta. Ní nach ionadh tá formhór na ndaoine ar an gconair sin buíoch as saothar míorúilteach na síochána agus an chomaoin a chuir lucht a aontaithe orainn.

Glactar leis sa bhaile agus i gcéin gur eascair an comhaontú as fís agus abhcóideacht John Hume do shochaí chomhroinnte i dTuaisceart Éireann le gnéithe uile-Éireann agus idirnáisiúnta. Glactar leis freisin go raibh David Trimble cróga agus é faoi bhrú millteanach ó chairde agus naimhde. I 1998, an bhliain a bhfuair an bheirt acu Gradam Síochána Nobel ba chosúil go raibh ré órga i ndán dá bpáirtithe, saoir agus ailtirí an Chomhaontaithe, an SDLP agus an UUP.

Mór idir na haimsirí. Tá an dá pháirtí in ísle brí, iad féin agus vótóirí éiginnte faoina ról i saol an lae inniu.

Ba iad SDLP agus UUP a rinne an obair throm maidir leis an gcóras polaitiúil in Stormont. I ndorchadas na hoíche fuair ceamaradóir lasmuigh d’ionad na gcainteanna íomhá trí fhuinneog sheomra an SDLP a thug leide go raibh dul chun cinn déanta. Bríd Rodgers, cathaoirleach fhoireann idirbheartaíochta an SDLP agus Séamus Mallon, leascheannaire an pháirtí, ag breith barróg ar a chéile le ríméad agus faoiseamh mar go raibh bailchríoch curtha acu féin agus an UUP ar mhargadh chun Tionól reachtach a bhunú in Stormont. Fuarthas leide faoin mbrú a bhí ar David Trimble lá arna mhárach nuair a chonacthas Jeffrey Donaldson, duine d’fhoireann idirbheartaíochta an UUP ag siúl amach, é sin sa mhullach ar an íde béil a bhí á spalpadh ag an DUP faoi fheall.

San toghchán Tionóil a lean dearbhú an Chomhaontaithe sna reifrinn thuaidh agus theas, d’éirigh thar barr leis an UUP agus SDLP. Ghnóthaigh Trimble agus UUP 28 suíochán as an 108 le 21.3% de na vótaí céad rogha. Bhí sciar níos mó de na vótaí ag Hume agus SDLP, 22% ach líon níos lú suíochán, 24. Ba iad an dá phríomhpháirtí iad, i dteideal na chéad agus leaschéad-aireachtaí agus deis acu, ceapadh, chun cúrsa bisiúil a leagan amach don mhílaois nua.

Céard a tharla? I dtoghchán an Tionóil anuraidh fuair an dá pháirtí in éineacht 20.3% den vóta céad rogha, níos lú ná leath an 43.3% a bhí acu in ’98. Ní anuraidh a thosaigh an meath. Tá sé ar siúl le scór bliain ach léiríonn na figiúirí cé chomh géar is atá sé. Naoi suíochán Tionóil a fuair an UUP in 2022, titim aon suíocháin ón toghchán roimhe. Bhí an SDLP taobh le hocht suíochán, titim ceithre cinn agus gan de rogha acu dá bhfillfeadh Stormont ach a dhul sa bhfreasúra.

An é gur lig an dá pháirtí sin a rámha le sruth? An raibh siad chomh traochta sin nuair a rinneadh an Comhaontú nach raibh fuinneamh acu chun a dhul i ngleic leis an saol nua? Arbh fhíor do Shéamus Mallon nuair a deireadh sé go ndearna Tony Blair, Príomh-Aire na Breataine éagóir orthu – le neamhshuim – nuair a dhírigh sé ar ‘na páirtithe achrannacha’ a mhealladh chun lánpháirtíochta sa phróiseas? Tá an port céanna ag seanfhondúirí an UUP. Tá cuid den cheart acu.

Ba iad Sinn Féin a bhí i gceist i dtosach i bhfianaise na bhfadhbanna a chothaigh gluaiseacht na poblachta nuair a dhiúltaigh siad a gcuid arm a dhíchoimisiúnú ar feadh i bhfad. Chothaigh sé sin guagacht in Stormont go minic agus bhain se an bonn de David Trimble. Tháinig an dá rialtas i gcabhair ar an DUP i gCill Rímhinn nuair a d’athraigh siad na coinníollacha chun an chéad-aire a cheapadh. D’fhág an cor sin an UUP agus SDLP in áit na leathphingine agus chuidigh sé leis an DUP agus Sinn Féin an bhéim a leagan ar iomaíocht eatarthu chun a bheith ar thús cadhnaíochta.

Bhí an t-athrú i gcinniúint na bpáirtithe le sonrú go luath i saolré an Chomhaontaithe. In 2001 i dtoghchán Westminster chuaigh Sinn Féin chun tosaigh ar an SDLP den chéad uair. Chaill an UUP ceithre shuíochán as 10 gcinn agus ghnóthaigh an DUP trí cinn. Tá creimeadh déanta go seasta ar an UUP agus SDLP ó shin chun sochair an DUP agus Sinn Féin.

Gan dabht ghoid a gcéilí comhraic cuid d’éide na seanpháirtithe, Sinn Féin go háirithe ag seinm an-chuid de sheanphoirt an SDLP. Agus le sé nó seacht de bhlianta tá tacaíocht á sceitheadh chuig Alliance freisin. Tá an DUP, Alliance agus Sinn Féin níos gníomhaí ar an tsráid, níos eagraithe agus níos dúthrachtaí i mbun bolscaireachta. Agus i mbun is i mbarr gach véarsa tá siad soiléir faoina leagan amach. San ré iarChomhaontaithe tá ceist nach bhfuil freagartha ag an UUP ná SDLP ‘céard le haghaidh tú?’.

Fág freagra ar 'Ba chosúil go raibh ré órga i ndán d’ailtirí an Chomhaontaithe – an SDLP agus an UUP…'