‘Ba chosúil go raibh nimh éigin ag baint linn’ – FF ar an trá fholamh ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe

In Uachtar Ard a gineadh an chomhghuaillíocht a ghlac ceannas gan choinne ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe

‘Ba chosúil go raibh nimh éigin ag baint linn’ – FF ar an trá fholamh ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe

Ceaptar go raibh lorg coimhlint atá ar bun le scaitheamh maith blianta ar an gcaoi ar tháinig Fine Gael, i dteannta ball den Pháirtí Glas agus naonúr comhairleoirí neamhspleácha, aniar aduaidh ar Fhianna Fáil ag an gcéad chruinniú de Chomhairle Chontae na Gaillimhe.

Ghlac Fine Gael, agus aon cheann déag de shuíocháin acu, agus na comhairleoirí éagsúla eile a thug siad leo i gcomhghuaillíocht nua ‘bogha ceatha’ polaitiúil, ceannas gan choinne ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe.  Mar thoradh air sin, toghadh an Comhairleoir Contae Jimmy McClearn, Fine Gael, as Cill Íomair in oirdheisceart an chontae ina Chathaoirleach.

Fágadh Fianna Fáil, an páirtí ba mhó a raibh suíocháin acu, ar an trá fholamh d’ainneoin go raibh chuile chosúlacht ar an scéal théis an toghcháin gur acu a bheadh ceannas ar an gComhairle Contae sna cúig bliana atá amach romhainn.

Bhí chuile chosúlacht ar an scéal i gcaitheamh an tráthnóna Dé hAoine go raibh an Comhairleoir Neamhspleách, Thomas Welby as Uachtar Ard thar a bheith sásta leis an mbeart a bhí déanta.  Ceaptar go raibh an Comhairleoir Welby an-ghníomhach san iarracht leis na neamhspleáigh a shníomh isteach le Fine Gael agus go bhfuair sé an ceann is fearr san stocaireacht pholaitiúil ar an gComhairleoir Séamas Walsh (as Uachtar Ard freisin) a bhí bainteach, a bheag nó a mhór, le hiarracht Fhianna Fáil.  Tharla sé anois agus aríst go mbíodh argóintí tréana poiblí idir an bheirt.

39 Comhairleoir atá ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus theastaigh scór ó aon dream le go mbeadh tromlach acu. Is é an chéad mhámh a bhíonn ag páirtí nó grúpa ar bith a mbíonn tromlach acu ar an gComhairle ná gur ag Comhairleoirí an ghrúpa sin a bheidh an chuid is mó de na ceapacháin ar choistí agus ar eagraíochtaí eile,  taobh istigh agus taobh amuigh den Chomhairle.  Post an Mhéara an ceann is mó a mbíonn fiach air agus sin é an chéad chreach a bhíonn le buachan.

Chuir Fine Gael agus na Neamhspleáigh an Comhairleoir Jimmy McClearn chun tosaigh don phost agus chuir Fianna Fáil an Comhairleoir Albert Dolan, 20 bliain d’aois agus an Comhairleoir is óige uilig acu, san iomaíocht. Ba léir nach raibh ann ach go raibh Fianna Fáil ag cur ‘seó’ suas; b’fhéidir go rabhadar ag iarraidh a thaispeáint go raibh cosúlacht na hóige ar an bpáirtí.   Ach bheadh sé míréadúil a bheith a cheapadh go mbeadh duine chomh hóg sin,  arbh é an chéad lá aige sa gComhairle Contae, in ann ag post an Chathaoirligh fós.

Caitheadh 21 vóta do Jimmy McClearn agus 18 vóta d’Albert Dolan.  Bhí an Chathaoirleacht tugtha leis ag an gComhairleoir McClearn den dara huair ó tháinig sé ar an gComhairle Contae. Bhí an chathaoir aige go deireanach idir Meitheamh 2011 agus Meitheamh 2012. 

De bharr an eagair a bhí curtha ar chomhghuaillíocht an ‘bhogha ceatha’, ní raibh aon dabht ann ach gur ag McClearn a bheadh an geall. 

Ba é an rud ba spéisiúla a bhain leis an vótáil ná an triúr as taobh amuigh den pháirtí a thacaigh le Fianna Fáil:  Dermot Connolly (Sinn Féin), Tomás Ó Curraoin (Sinn Féin Poblachtach) agus Declan Geraghty (Neamhspleách as ceantar Bhéal Átha na Sluaighe). 

Bhí an chosúlacht air go raibh an triúr sin meallta go cinnte ag Fianna Fáil, rud a d’fhág nach raibh uathu ach beirt eile le tromlach a fháil ar an gComhairle.

Céard a tharla gur theip orthu agus leathlámh acu ar an gcathaoirleacht agus ar an gcumhacht sa gComhairle Contae?   

Is beag smid a bhí as Comhairleoir ar bith de chuid Fhianna Fáil nuair a cuireadh an cheist sin orthu ach d’admhaigh cuid acu go raibh cruinnithe corracha acu.

Dúirt Comhairleoir amháin dá gcuid go rabhadar sásta roinnt chothrom a dhéanamh ar na postanna éagsúla – post an Chathaoirligh ina measc – dá dtiocfadh Neamhspleáigh isteach leo nó dá dtiocfadh Fine Gael isteach leo.  “Ach ba chosúil go raibh nimh éigin ag baint linn i súile chuid de na Comhairleoirí,” a deir an duine seo.  Ar an taobh eile den scéal, dúirt Comhairleoirí a bhí bainteach leis an idirbheartaíocht idir na páirtithe go raibh “cúpla grúpa” nach raibh ar an téad chéanna i bhFianna Fáil agus gur dheacair brí a bhaint astu. 

Agus bhí an teannas polaitiúil in Uachtar Ard luaite leis an gcoimhthíos polaitiúil a bhí idir cuid de na Comhairleoirí. 

Ach pé cosaint a dhéanfaidh Fianna Fáil orthu féin, tá rud amháin cinnte: chliseadar go dona gan a bheith in ann ceannas a eagrú ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe tar éis gur éirigh go maith leo sa toghchán.   Chuile sheans go bhfuil cúig bliana ar an gcúlsráid amach rompu anois ar Chnoc na Radharc i nGaillimh.    

Fág freagra ar '‘Ba chosúil go raibh nimh éigin ag baint linn’ – FF ar an trá fholamh ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe'

  • Des O Murchu

    Ta na la, nil na la ta FF Bxxxxd!