‘Ba chóir teacht le chéile anois le bheith ullamh chun an fód a sheasamh ar son stádas na Gaeilge sa chóras oideachais’ –ceannasaí COGG

Tá sé ina imní go mbeidh ceist na Gaeilge éigeantaí i lár an aonaigh athuair de thoradh próiseas comhairliúcháin faoi chóras na hArdteiste atá beartaithe don bhliain 2019

‘Ba chóir teacht le chéile anois le bheith ullamh chun an fód a sheasamh ar son stádas na Gaeilge sa chóras oideachais’ –ceannasaí COGG

Níor mhór do “gach dream atá ag plé le ceist na Gaeilge ag gach leibhéal teacht le chéile anois” chun go mbeifí ullamh chun an fód a sheasamh san athbhliain ar son stádas na Gaeilge sa chóras oideachais.

Sin a bhí le rá ag príomhfheidhmeannach COGG Muireann Ní Mhóráin inné agus é ina imní go mbeidh ceist na Gaeilge éigeantaí i lár an aonaigh athuair de thoradh próiseas chomhairliúcháin faoi chóras na hArdteiste atá beartaithe don bhliain 2019.

Beidh tuairimí an phobail á lorg an bhliain seo chugainn ag an Roinn Oideachais faoin athbhreithniú atá déanta faoi chóras dhíolúine na Gaeilge agus faoi athbhreithniú eile atá á dhéanamh faoi leagan amach na hArdteiste.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie tráthnóna inné, dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn gur léir go mbeadh ceist na Gaeilge i mbéal an phobail arís de thoradh na bpróiseas comhairliúcháin seo agus go raibh an eagraíocht “réidh” chun an cás ar son stádas na teanga sa chóras oideachais a throid athuair.

Dúirt sé go raibh na hargóintí ar son stádas na Gaeilge “an-soiléir” agus go raibh fianaise ann freisin go dtacaíonn an pobal “go láidir” leis an stádas sin a choinneáil. Tá sé i gceist ag Conradh na Gaeilge cuireadh a thabhairt do ghrúpaí éagsúla teacht le chéile go luath chun “plean réamhghníomhach” a bheartú maidir leis na hathbhreithnithe agus na próisis chomhairliúcháin.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo inné tá imní mhór ann go bhféadfadh an bhagairt is mó le blianta do stádas na Gaeilge sa chóras oideachais a bheith ar na bacáin.

Baineann an bhagairt seo le hathbhreithniú atá ar bun ag an Roinn Oideachais agus an Chomhairle Náisiúnta um Churaclaim agus Measúnachta, an NCCA, ar chóras na hArdteiste, athbhreithniú a chuirfidh ceist na Gaeilge éigeantaí i lár an aonaigh athuair. 

Cé nach bhfuil an t-athbhreithniú ach ina thús go fóill, tá ceist na Gaeilge éigeantaí go mór sa treis sa phlé cheana féin agus deir daoine atá ag plé leis an oideachas Gaeilge go bhfuil trí bhagairt shoiléir i gceist do stádas na teanga. 

I measc na nithe atá á bplé mar chuid den athbhreithniú ar an tsraith shinsearach, tá, go laghdófaí líon na n-ábhar a chaitear a dhéanamh don Ardteist, athrú a mbeadh impleachtaí móra aige do stádas na Gaeilge sa chóras.

Anuas air sin, tá plé le déanamh faoi rogha iomlán a thabhairt do dhaltaí na hArdteiste maidir leis na hábhair a shocraíonn siad a dhéanamh sa tsraith shinsearach, moladh eile a bheadh ina chontúirt shoiléir do stádas na Gaeilge ó tharla gurb í an Ghaeilge an t-aon ábhar atá éigeantach ar chúrsa na hArdteiste.

Is é an tríú bagairt don Ghaeilge ná an plé atá ar siúl mar chuid den athbhreithniú faoi rogha ábhar i bhfad níos mó a thabhairt do dhaltaí na hArdteiste ar mhaithe le béim níos mó a chur ar ábhair phraiticiúla agus ar an ngairmoiliúint seachas ar ábhair acadúla amháin.

Fág freagra ar '‘Ba chóir teacht le chéile anois le bheith ullamh chun an fód a sheasamh ar son stádas na Gaeilge sa chóras oideachais’ –ceannasaí COGG'

  • Béarla Roghnach

    Teastaíonn díospóireacht dhátheangach faoin cheist. Níl aonmhaith an cheist seo a phlé le Gaeilgeoirí amháin.
    B’fhearr iarraidh ar USI agus eagraíochtaí óige eile díospóireachtaí faoin cheist a thosú sna coláistí.