‘Ba chóir sampla Pheadair Uí Fhlatharta a leanúint agus ceisteanna géara a chur faoi chás na Gaeilge’

Thug an saineolaí idirnáisiúnta ar chearta teanga an tOllamh Colin Williams ‘Léacht Uí Fhlatharta’ in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath inniu

‘Ba chóir sampla Pheadair Uí Fhlatharta a leanúint agus ceisteanna géara a chur faoi chás na Gaeilge’

Peadar Ó Flatharta, ar eagraíodh 'Léacht Uí Fhlatharta' ina ómós inniu

Ba chóir do lucht na Gaeilge sampla Pheadair Uí Fhlatharta a leanúint agus ceisteanna géara a chur faoi chás na teanga agus faoin gcóras atá ann chun fóirithint uirthi.

B’in a bhí le rá ag an Ollamh Colin Williams, saineolaí idirnáisiúnta ar chearta teanga, tráthnóna agus an chéad ‘Léacht Uí Fhlatharta’ á thabhairt aige in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Ba é An Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, a sheol Sraith Léachtaí Uí Fhlatharta, a bunaíodh chun comóradh a dhéanamh ar shaol agus saothar Pheadair Uí Fhlatharta, an fear léinn as Gaeltacht Chonamara a bhásaigh in 2016.

Dúirt Williams gur fear “prionsabal agus gnímh” ab ea Peadar Ó Flatharta nach mbíodh  “stad ná staonadh air” ach ag troid ar son chosaint agus cur chun cinn na Gaeilge. Dúirt sé gurb é an léiriú ab fhearr a bhí air sin ná an chaoi a meabhraíodh Peadar do sheirbhísigh phoiblí agus ranna rialtais “a bhfreagracht as a ngníomhartha, nó níos minice ná a mhalairt a n-easpa gnímh”.

Dúirt an tOllamh Williams ina chuid cainte, gur chreid sé féin agus Peadar Ó Flatharta go diongbháilte gur chun leas aon mhionteanga é go ndéanfaí a cás a chur i gcomparáid le cás mionteangacha eile chun tuiscint a fháil ar na laigí agus na láidreachtaí éagsúla a bhaineann le córas ar bith atá in ainm is mionteanga a chosaint nó a chur chun cinn.

Dúirt Williams go bhfuil sé go láidir den tuairim nár cheart “cur chun cinn na Breatnaise a íobairt ar altóir na reachtaíochta” ach dúirt sé go bhfuil dúshlán mór ag baint leis an gcothromaíocht cheart a fháil idir cur chun cinn agus cosaint aon teanga.

Dúirt sé go bhféadfadh a íogaire is a bhíonn an chothromaíocht sin cúrsaí a chur trí chéile, socruithe mífheidhmiúla a bhunú agus eagraíochtaí a bhfuil na haidhmeanna céanna acu a chur in adharca a chéile.

Dúirt sé gur ceisteanna ábhartha iad seo do lucht na Gaeilge chomh maith.

“Mar fhocal scoir, fillfidh mé ar Éirinn agus cuirfidh mé roinnt ceisteanna crua, mar a dhéanfadh Peadar féin, faoin gcóras anseo. Aithnítear nach furasta fáil réidh le buanna bunúsacha an chórais sin. Tuigtear freisin gur údar misnigh an líon mór foghlaimeoirí Gaeilge, d’ainneoin go mbíonn amhras agus cáineadh á léiriú anois agus arís faoi seo.

“Ach conas a dhéileáiltear anseo leis an gceangal idir cur chun cinn agus reachtaíocht, idir cumas agus gnáthúsáid laethúil na teanga, idir cuspóirí an chórais agus dearcadh an tsaoránaigh sin atá dátheangach nó ilteangach. Mar bharr air sin, conas atá ag éirí le hinimircigh, nuachainteoirí agus na daoine a bhfuil bá acu leis an teanga i mélange ilteangach an tsaoil seo?”

D’impigh Williams ar dhaoine leanacht leis an obair a bhíodh ar bun ag Peadar Ó Flatharta agus díriú ar cheisteanna maidir le cé aige a bhfuil an chumhacht, cé aige a bhfuil na smaointe is fearr agus conas polasaithe a dhéanamh de na smaointe sin.

Dúirt an sochtheangeolaí gur mithid chomh maith teacht ar thuiscint ar conas a chur ar a shúile don mhóramh gurb é an leas coitinn freastal ar riachtanais lucht labhartha na mionteanga.

“Agus dá n-éireodh linn an méid sin a dhéanamh chuirfí le seasmhacht agus le saol na gcainteoirí mionteanga, agus léireofaí, agus gníomhartha agus briathra Pheadair mar inspioráid againn, an fiúntas agus an chóir a bhaineann i gcónaí leis an aitheantas, leis an éagsúlacht agus leis na cearta agus muid ag iarraidh go mbeadh meas níos mó ar dhínit an duine,” a dúirt an tOllamh Colin Williams.

Fiontar agus Scoil na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, mar a mbíodh Peadar Ó Flatharta ina Cheann Scoile, a d’eagraigh ‘Léacht Uí Fhlatharta’ agus bhailigh comhghleacaithe, scoláirí agus cairde an Fhlathartaigh le chéile chun éisteacht le léacht Colin Williams, ‘A Sigh Between Two Sorrows: Reflections on Language Policy’ .

Fág freagra ar '‘Ba chóir sampla Pheadair Uí Fhlatharta a leanúint agus ceisteanna géara a chur faoi chás na Gaeilge’'

  • pleidhce

    ‘meas níos mó ar dhínit an duine’??? …in Éirinn??? …