Ba chóir plean frithvíris nua an rialtais a phlé sula gcuirfear i bhfeidhm é

Ní bheidh rath ar an rialtas nua má leanann Fine Gael, agus Varadkar go háirithe, le rith aonair

Ba chóir plean frithvíris nua an rialtais a phlé sula gcuirfear i bhfeidhm é

Tá míshuaimhneas agus imní ar airí rialtais, ar Theachtaí Dála agus orainn go léir beagnach. Spreag na beartais nua a fógraíodh Dé Máirt lear mór gearán nua ach ba léir an míshásamh forleathan le tamall.

Faoin tráth seo, tá ár bhformhór tinn tuirseach den ghalar a shroich an tír leathbhliain ó shin beagnach, an 29 Feabhra. Ní easaontódh duine stuama ar bith leis an rabhadh a thug an Príomhoifigeach Sláinte Ronan Glynn nach n-imeodh an víreas corónach leis toisc go bhfuilimid tuirseach de. Faraor, níor mhaolaigh tuirse cantal riamh.

Chuir doiléire agus débhrí an rialtais laige gan chúis ina gcás agus na beartais nua á bhfógairt acu Dé Máirt. Mar shampla, dúradh go mbeadh teorainn 15 duine feasta ar thionóil lasmuigh, ach go mbeadh cead i gcónaí ag 50 duine freastal ar bhainiseacha, a thionóltar laistigh de ghnáth.

Mar shampla eile, dúirt an Taoiseach gur faoi dhaoine aosta a bheadh sé cinneadh a dhéanamh faoi dhul ar saoire anseo in Éirinn, ach dúirt an Dr Glynn nach molfadh sé féin dóibh fanacht in óstáin.

Chuir na meáin leis an míthuiscint ar bhealaí eile. Mar shampla, dúradh go soiléir sa ráiteas inar fhógair an rialtas na beartais nua gur chóir do dhaoine seirbhísí iompair poiblí a sheachaint dá bhféadfaidís. Ach fágadh an coinníoll ar lár i mórán tuairiscí agus cuireadh imní gan chúis ar mhórán dá n-uireasa.

Mar bharr ar mhí-ádh an rialtais, thug foinsí i bhFine Gael le fios go raibh siad míshásta leis an gcomhairle a chuir an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) faoi bhráid an rialtais. Thugadar le fios chomh maith go ndúirt Leo Varadkar le linn chruinniú an rialtais Dé Máirt nár chóir cruinniú rialtais a reáchtáil ó tharla gur socraíodh go reáchtálfaí cruinniú d’fhochoiste sláinte an rialtais an lá sin.

Is leor dhá fhocal mar chur síos ar ealaín den sórt seo: rógaireacht mhífhreagrach. Ní bheidh rath ar an rialtas nua má leanann Fine Gael, agus Varadkar go háirithe, le rith aonair dá leithéid.

Anuas arís ar mhí-ádh an rialtais, labhair Eamon Ryan go neamhaireach agus gan ráiteas réamhullmhaithe aige ag preaschomhdháil an rialtais. Bhain sé an bonn de theachtaireacht an rialtais arís an lá dár gcionn nuair a d’admhaigh sé nach raibh codanna éagsúla de bheartais nua an rialtais ag teacht lena chéile.

Sin ráite, dá laige agus dá dhoiléire an míniú a rinne airí ar bheartais an rialtais, ní féidir neamhshuim a dhéanamh dá mbun-éirim. Tá an coróinvíreas ag leathadh níos tapúla ná mar a bhí mí ó shin. Tá go leor daoine á n-iompar féin, mar a dúirt Micheál Martin, amhail is nach baol dóibh féin an víreas nó amhail is gur féidir leo dul sa seans leis gan a bheith in aon bhaol. Is léir an fhreagracht atá ar gach duine sa tír cloí leis na buntreoracha maidir le ní na lámh, casachtach chúramach agus an scaradh sóisialta.

Mar sin féin tá an míshuaimhneas atá ar mhórán intuigthe, ar bhonn sláinte agus eacnamaíochta. Is maith an rud é mar sin go bhfuil straitéis ghearrthéarmach agus fhadtéarmach le déileáil le Covid-19 á réiteach faoi láthair ag an rialtas. Dúirt an Taoiseach go bhfoilseofaí an straitéis sin, ar ar thug sé ‘léarscáil seasmhachta agus téarnaimh’, roimh an 13 Meán Fómhair.

Beidh cur síos sa straitéis ar na slite ina ndéileálfar le cúrsaí sláinte, eacnamaíochta agus sóisialta fad a bheidh an víreas sa tír. Deimhníodh arís mar sin gur srianadh seachas díothú an víris atá beartaithe, cé go bhfuil diancheisteanna á gcur i gcónaí faoi chur chuige dá leithéid.

Cén dochar dosheachanta a dhéanfar má leantar leis? Cén feabhas atá beartaithe ar an gcóras tástála agus rianaithe ionas go mbeidh faisnéis thábhachtach ar fáil gan mhoill? Ar chóir dianstaidéar a dhéanamh gan mhoill ar na beartais a theastódh chun an galar a dhíothú nó a ghlanadh ar fad as an tír, mar atá mar aidhm ag an Nua-Shéalainn agus ag an gCóiré Theas, agus polasaí dá réir a chur chun cinn anseo?

Beidh dianphlé ar na roghanna thuas riachtanach sa tír go dtí go mbeidh vacsaín ar fáil. B’fhearr tús a chur leis an díospóireacht go luath. Ba chóir don rialtas deis a thabhairt dúinn uilig aidhmeanna agus costas an chur chuige atá beartaithe acu a phlé sula gcuirtear i bhfeidhm é. Ní féidir agus ní cóir cur is cúiteamh ar roghanna chomh tábhachtach a chur ar an méar fhada.

Fág freagra ar 'Ba chóir plean frithvíris nua an rialtais a phlé sula gcuirfear i bhfeidhm é'