‘Ba chóir go mbeadh na cearta teanga céanna i dTuaisceart Éireann is atá ag muintir na hAlban agus na Breataine Bige’ – An Taoiseach

Dúirt Leo Varadkar i Washington inné gur chóir go mbeadh cearta teanga ar fáil ó thuaidh agus mhaígh sé go bhfuil ‘polaitiú’ déanta ar an nGaeilge ag an DUP agus Sinn Féin

‘Ba chóir go mbeadh na cearta teanga céanna i dTuaisceart Éireann is atá ag muintir na hAlban agus na Breataine Bige’ – An Taoiseach

Tá tacaíocht láidir léirithe ag an Taoiseach don éileamh ar chearta teanga ó thuaidh agus é ráite aige gur chóir go mbeadh na cearta teanga céanna ar fáil abhus is atá ar fáil in Albain agus sa Bhreatain Bheag.

Chomh maith leis sin, chuir Leo Varadkar i leith Shinn Féin agus an DUP go bhfuil “polaitiú” déanta acu ar an nGaeilge agus “uirlis mhargála” déanta acu di san aighneas maidir le hathbhunú fheidhmeannas Stormont.

Ag labhairt dó i Washington inné, mhaígh Varadkar go raibh an pholaitíocht á tabhairt isteach sa phlé faoi chearta teanga ó thuaidh agus gur údar aiféala dó an méid sin.

Dúirt sé gur chóir go mbeadh na cearta céanna ar fáil ó thuaidh den teorainn is atá ar fáil ó dheas agus ag muintir na Breataine agus nár cheart “uirlisí margála” a dhéanamh de na cearta sin.

“Fad is a bhaineann sé le cearta teanga, an rud atá ar fáil do mhuintir na hAlban in Albain agus do mhuintir na Breataine Bige sa Bhreatain Bheag, cén fáth nach bhfuil an rud céanna ar fáil i dTuaisceart Éireann? Má tá an comhionannas pósta ag daoine sa Bhreatain, agus in Éirinn, cén fáth go mbeadh scéal eile ann i dTuaisceart Éireann?” a dúirt an Taoiseach.

Tabharfaidh tacaíocht an Taoisigh do chearta teanga údar dóchais do lucht an fheachtais ar son achta Gaeilge ó thuaidh agus tuairiscí ann go bhfuil Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine chun cáipéis a fhoilsiú go luath in iarracht eile teacht ar réiteach ar an tsáinn pholaitiúil maidir le athbhunú an fheidhmeannais. Is é an t-easaontas idir Sinn Féin agus an DUP mar gheall ar cheist an achta Ghaeilge an dris chosáin is mó sa tsáinn sin.

Cé go ndúirt an Taoiseach nár mhian leis olc a chur ar an DUP, is cinnte go mbeidh an páirtí sin míshásta faoina ráiteas maidir leis an reachtaíocht Ghaeilge agus an pósadh comhghnéis agus iad den tuairim go mbíonn Varadkar ag cur a ladair i ngnóthaí nach mbaineann leis, dar leo.

Tá an Taoiseach ar cuairt ar Stáit Aontaithe Mheiriceá an tseachtain seo, mar a mbeidh cruinniú inniu sa Teach Bán aige leis an Uachtarán Donald Trump.

Fág freagra ar '‘Ba chóir go mbeadh na cearta teanga céanna i dTuaisceart Éireann is atá ag muintir na hAlban agus na Breataine Bige’ – An Taoiseach'

  • Éamonn Ó Gribín

    Caithfidh nach bhfuil morán eolas ag Leo facing scéal seo! Níl na cearta teanga céanna ar fáil sa Bhreatain Bheag agus in Albania, Tá An Béarla agus an Bheatainis ar comhchéim sa Bhreatain Bheag, níl Gaeilge na hAlban agus an Béarla ar comhchéim in Albain!

  • Mánus

    Feicim 26 eilifint sa seomra.

  • An Teanga Bheo

    Cearta Teanga is cearta votáil in Eirinn ag an bpobal ar imirce a Thaoiseach anois mar atá ag pobal na h-Éorpa uilig inniu seachas pobal na h-Éireann i gcéin? cothrom na féinne de réir Bunreacht Éirinn a Leo ?????????????????