Tá cinneadh na Roinne Pobal gan eolas a bhaineann le cinneadh an iar-aire Pobal Paul Givan deireadh a chur leis an sparánacht Ghaeltachta Líofa ag deireadh na bliana seo caite cáinte ag an iar-aire airgeadais Máirtín Ó Muilleoir.
Diúltaíodh d’iarratas a rinne Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise ar chomhfhreagras, meamraim agus cáipéisí eile a bhain le cinneadh conspóideach an t-iar-aire Givan deireadh a chur, i mbéal na Nollag seo caite, leis an deontas Gaeltachta.
Diúltaíodh don iarratas ar an mbonn nach ar ‘leas an phobail’ a bheadh nochtadh an eolais ‘ró-íogair’ sin tráth a bhfuil Scéim Sparánacht Ghaeltachta Líofa ina “ceist bheo” agus tráth a bhfuil idirbheartaíocht iarthoghcháin ar bun.
“Measann an roinn, ós rud é gur ceist bheo í Scéim Sparánacht Ghaeltachta Líofa, gur gá don rialtas an ‘spás sábháilte’ a chosaint atá de dhíth ar oifigigh leis na ceisteanna a phlé agus a chaibidil roimh chomhairle a chur i láthair Airí,” a dúirt oifigeach de chuid na Roinne.
Ach is í tuairim Uí Mhuilleoir gur an mbonn sin, gur “ceist bheo” í ceist na scéime, gur chóir an t-eolas a scaoileadh leis an bpobal.
“Ba chóir go gcuirfí os comhair an phobail gach eolas a bhaineann le cinneadh conspóideach Paul Givan ar sparánachtaí Líofa le go mbeidh an fhírinne lom ag an phobal.
“Leoga, is as siocair gur “ceist bheo” í an Ghaeilge faoi láthair gur chóir cinntí an iar-Aire a bheith faoin spotsolas — bheadh sé thar a bheith suimiúil, mar shampla, fios a bheith ag an phobal cad í an chomhairle a fuair sé sular ghearr sé na sparánachtaí céanna i mbéal na Nollag,” a dúirt sé le Tuairisc.ie.
Agus an t-iarratas faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise á dhiúltú acu an tseachtain seo, mhaígh an Roinn Pobal go “mba réasúnta a mheas go gcuirfí srian ar oifigigh tuairimí macánta, oscailte a chur in iúl” dá dtabharfaí an t-eolas faoi chinneadh Givan do Tuairisc.ie.
Dúradh chomh maith go rabhthas ag diúltú don iarratas chun nach mbeadh imní ar dhaoine tuairimí a chur ar fáil d’Aire agus gur dócha go mbeadh an Ghaeilge ina cuid “ríthábhachtach” san idirbheartaíocht iarthoghcháin” i Márta 2017 agus “ina dhiaidh sin”.
“Nuair a chuirtear leas an phobail sa mheá, is é barúil na Roinne gur treise cúiseanna leas an phobail in éadan an nochta, agus gur le leas an phobail neamhnochtadh na faisnéise,” a dúradh.
Ba í tuairim na Roinne faoin bhfaisnéis a bhaineann le cinneadh Givan maidir leis an scéim líofa go mbaineann an fhaisnéis sin “atá á coinneáil siar” le ceisteanna “íogaire, beo” agus go bhfuil “argóintí ‘spás sábháilte’ ábhartha sa chás seo”.
Concubhar
Nach é an fhírinne sa chás seo go bhfuair Givan ordú Ó cheannasaíocht a pháirtí beart a dhéanamh a chuirfeadh olc ar SF chun iad a spreagadh chun toghcháin nó ábhar margála a thabhairt don DUP? Chinntigh an íonsaí ar Líofa go mbeadh toghchán Oráiste V Glas ann. má chaill an DUP suíocháin chaill an UUP níos mó i gcomhréir leis an líon suíochán a raibh acu roimh an toghchán. Plean é seo tosaíochtaí an DUP