Ba chóir don Rialtas sampla na Breataine Bige i leith cearta teanga a leanúint – Ó Clochartaigh

Thug polaiteoir Shinn Féin suntas do réimse na seirbhísí dátheangacha sa chomhthionól agus don líon foirne, 47 ar fad, atá ag Coimisinéir Teanga na Breataine Bige i gcomparáid le cúigear ag Coimisinéir Teanga na tíre seo

image_update_9716c55ecb65c67e_1361818646_9j-4aaqsk
Meri Huws, Coimisinéir Teanga na Breataine Bige

Tá sé ráite ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh gur chóir don rialtas sampla na Breataine Bige a leanúint maidir le seirbhísí pobail a chur ar fáil sa dá theanga oifigiuil.

Dúirt sé an méid seo tar éis dó cuairt a thabhairt inné ar Chomhthionól na Breataine Bige, agus casadh le Coimisinéir Teanga na tíre sin, Meri Huws.

Cé go bhfuil daonra na Breataine Bige níos lú ná daonra na tíre seo agus “cúrsaí eacnamaíochta lag go leor ann,” is léir don Seanadóir go bhfuil tiomantas an stáit don dá theanga náisiúnta “i bhfad níos treise” thall ná mar atá in Éirinn.

Thug sé faoi deara le linn cuairte ar ‘Senedd’ nó Comhthionól na Breataine Bige go n-úsáidtear an Bhreatnais go rialta sa ghnáthobair ansin agus go bhfuil córas ateangaireachta ar fáil do gach duine, an lucht féachana sa ghailearaí san áireamh.

Dúirt Ó Clochartaigh gur thug sé suntas go mbíonn fáil ar leagan dátheangach den cháipéisíocht ar fad a úsáidtear, agus fiú bíonn an méid a deirtear i mBéarla sna díospóireachtaí ar fáil freisin i mBreatnais sna tuairisci oifigiúla go léir lá arna mhárach.

Is amhlaidh an scéal le coistí an chomhthionóil thall nuair a thagaid le chéile le haghaidh cruinnithe; cuirtear na seirbhísí teanga céanna ar fáil dóibhsean “gan cheist, gan choinníoll”. A mhalairt de scéal atá anseo, áfach: “Cuirtear bac ormsa labhairt i nGaeilge sna comhchoistí Oireachtais an chuid is mó den am”, arsa Ó Clochartaigh.

Dúirt sé gur ábhar iontais d’fheisirí na Breataine Bige a chloisteáil nach raibh an soláthar céanna i dTithe an Oireachtais.

Thagair an Seanadóir Ó Clochartaigh don líon foirne atá ag obair ag Coimisinéir Teanga na Breataine Bige, Meri Huws, 47 ar fad, i gcomparáid le cúigear ag Coimisinéir Teanga na tíre seo. Dúirt sé go gcabhraíonn an bhreis foirne sin leis an gCoimisinéir dea-chleachtas polasaithe Breatnaise a spreagadh, “seachas an iomarca béime a bheith ar phóilíneacht teanga”.

D’áitigh Ó Clochartaigh gurbh fhiú don Rialtas sampla na Breataine Bige a leanúint agus “aghaidh dáiríre a thabhairt ar chearta teanga na saoránach”. Ba cheart freisin, dar leis, acmhainní cuí a sholáthar d’áisineachtaí stáit anseo le gur féidir leo seasamh le cearta reachtúla teanga.

Maidir le cearta teanga do lucht na Gaeilge sna sé chontae, measann Seanadóir Shinn Féin gur cheart do Rialtas Westminster na cearta céanna agus an tacaíocht chéanna a thabhairt dóibhsean is a thugann siad do lucht na Breatnaise.