‘Ba chóir don Rialtas foghlaim ón mBreatain Bheag faoin tumoideachas’

Deir Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, go raibh an ceart ar fad ag Céad-Aire na Breataine Bige gur chóir d’Éirinn tuilleadh muiníne a chur sa tumoideachas chun an Ghaeilge a chur chun cinn

‘Ba chóir don Rialtas foghlaim ón mBreatain Bheag faoin tumoideachas’

Pictiúr: CPMR Brexit Conference/Flickr.com

Ba chóir don Rialtas cluas le héisteacht a thabhairt do Chéad-Aire na Breataine Bige agus cur go mór le líon na scoileanna Gaeilge sa stát.

B’in a bhí le rá ag Conradh na Gaeilge faoin méid a bhí le rá faoi thábhacht an tumoideachais teanga ag Mark Drakeford, ceannaire na Breataine Bige, agus é ar cuairt ar Éirinn an tseachtain seo caite.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, go raibh an ceart ar fad ag Céad-Aire na Breataine Bige gur chóir d’Éirinn tuilleadh muiníne a chur sa tumoideachas chun an Ghaeilge a chur chun cinn.

“Tá plean faoi leith ann sa Bhreatain Bheag leis an líon páistí atá ag foghlaim trí mheán na Breatnaise a ardú ó 23% go 40% faoi 2050. Tá fís agus sprioc shoiléir ann mar sin sa Bhreatain Bheag agus tá siad ag cur acmhainní taobh thiar den obair a bheidh ag teastáil leis na spriocanna sin a bhaint amach.

“Tá seo ar fad á thiomáint ag an Roinn Oideachais agus an Rialtas trí chéile sa Bhreatain Bheag. Níl aon chur chuige mar seo in Éirinn thuaidh nó theas.”

Dúirt Julian de Spáinn go raibh sé in am ag na rialtais abhus foghlaim ón mBreatain Bheag agus “mórspriocanna” don oideachas trí mheán na Gaeilge a leagan síos.

“Ba chóir, mar shampla, sprioc a leagan síos an líon daltaí atá ag freastal ar an nGaeloideachas ó dheas a ardú ó 6% go 25% laistigh de 20 bliain, agus na hacmhainní cuí a chur ar fáil leis na spriocanna sin a bhaint amach.

“Cé go bhfuil sé luaite sa Chlár Rialtais ó dheas go bhfuil siad ag iarraidh an líon daltaí sa Ghaelscolaíocht a dhúbailt, tá siad ag diúltú scoileanna nua a bhunú agus freastal ar éileamh an phobail,” arsa Julian de Spáinn.

Luaigh sé mar shampla ceantar scoile Bhaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8.

“Níl aon Ghaelcholáiste ansin agus cé go bhfuil tuismitheoirí ó chúig Ghaelscoil ag lorg Gaelcholáiste ón Rialtas le roinnt blianta anuas tá an Rialtas ag diúltú don iarratas seo i gcónaí.”

Dúirt Mark Drakeford nár éirigh go rómhaith leis an mBreatain Bheag ó thaobh teagasc na Breatnaise nó gur cuireadh go mór le líon na scoileanna lán-Bhreatnaise.

“Ach oibríonn an cur chuige tumoideachais sin an-mhaith. Maidir leis an Bhreatnais a mhúineadh mar an dara teanga sa chóras oideachais Béarla, níor éirigh go maith linn,” arsa Céad-Aire na Breataine Bige.

Más rud é go raibh ag teip ar chóras na tíre seo an Ghaeilge a thabhairt do dhaltaí i scoileanna Béarla, bheadh an méid sin ag teacht le teip na Breataine Bige, a dúirt sé.

Fág freagra ar '‘Ba chóir don Rialtas foghlaim ón mBreatain Bheag faoin tumoideachas’'