‘Ba chóir don Rialtas beart de réir a bhriathair a dhéanamh agus mórpholasaí oideachais don Ghaeilge a fhorbairt’

Deir Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge nach bhfuil an tAire Oideachais Norma Foley ag comhlíonadh gealltanais atá sa Chlár Rialtais

‘Ba chóir don Rialtas beart de réir a bhriathair a dhéanamh agus mórpholasaí oideachais don Ghaeilge a fhorbairt’

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Rialtas “beart a dhéanamh de réir a bhriathair” agus mórpholasaí don oideachas Gaeilge a fhorbairt gan mhoill.

Tá a leithéid de pholasaí geallta as Chlár Rialtais, ach is cosúil go bhfuil polasaí de chineál eile á fhorbairt ag an Aire Oideachais Norma Foley in áit an méid a gealladh.

Thagair an tAire Oideachais Norma Foley arís sa Dáil don obair atá ar bun ar pholasaí nua a fhorbairt don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Thug sí le fios go gcabhródh an polasaí le gealltanas sa Chlár Rialtais a chomhlíonadh trí “oideachas d’ardchaighdeán trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil i scoileanna lán-Ghaeilge agus suíomhanna luathoideachais taobh amuigh den Ghaeltacht”.

Ach níl a leithéid de ghealltanas luaite sa Chlár Rialtais a d’aontaigh Fianna Fáil, Fine Gael agus an Comhaontas Glas in 2020. Tá geallúint ann a deir go ndéanfaidh an Rialtas “beartas cuimsitheach a sholáthar don Ghaeilge ó oideachas réamhscoile go hoideachas múinteoirí do gach scoil” – beartas atá á éileamh le fada ag Conradh na Gaeilge ach nach bhfuil tásc ná tuairisc air go fóill.

Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, go gcuireann an eagraíocht fáilte roimh an obair atá ar bun ag an Aire Foley agus a Roinn maidir le polasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a fhorbairt, cé go bhfuil sé den tuairim go gcaithfear dlús a chur léi.

“Dar ndóigh, is é an t-iarAire Oideachais, Joe McHugh a rinne an cinneadh dul ar aghaidh leis an bpolasaí seo i mí na Nollaig 2019 agus tá an Roinn Oideachais ag feidhmiú ar an gcinneadh sin go han-mhall,” arsa de Spáinn.

“Chomh maith leis sin, níl an tAire ag gníomhú maidir leis an bpolasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal mar a gheall Fianna Fáil san olltoghchán agus rud a bhfuil tagairt de sa Chlár Rialtais.”

Deir de Spáinn go gcabhródh polasaí a chlúdódh gach réimse den chóras oideachais dul i ngleic leis na dúshláin atá  roimh an nGaeilge sa chóras agus go bhféadfaí leas a bhaint as cuid de na beartais atá curtha i bhfeidhm ag an Rialtas cheana féin.

“Go bunúsach bheadh an mórpholasaí seo ag cuimsiú an pholasaí reatha don oideachas Gaeltachta, polasaí don oideachas lánGhaeilge agus polasaí don oideachas a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla.” Dúirt sé go raibh Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Aire beart a dhéanamh de réir a briathair agus an mórpholasaí sin a fhorbairt gan a thuilleadh moille.

“Is féidir léi tabhairt faoi na fadhbanna ar fad atá ag teacht chun tosaigh maidir le díolúintí, sonraíochtaí, srl.. le cur chuig comhtháite a fhreagródh do pholasaí eile an Rialtais, go háirithe an sprioc in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021 (leasú) go mbeidh 20% de na daoine a earcófar san earnáil phoiblí faoi dheireadh 2030 inniúil ar an nGaeilge.

“Tá deis dhochreidte ag an Aire agus ag an Rialtas seo a bheith ceannródaíoch ó thaobh na Gaeilge de sa chóras oideachais agus ba mhaith linn go dtapódh siad an deis anois,”a dúirt de Spáinn.

I bhfreagra ar cheist Dála ó Chian O’Callaghan, Teachta Dála de chuid na nDaonlathaithe Sóisialta, dúirt an tAire Foley go raibh grúpa oibre idir-rannach agus coiste stiúrtha bunaithe chun an polasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a fhorbairt.

Dúirt an tAire go reáchtálfaí próiseas comhairliúcháin poiblí sna míonna amach romhainn chun tuairimí na bpáirtithe leasmhara – daoine óga, tuismitheoirí, múinteoirí, príomhoidí agus eagraíochtaí Gaeilge ina measc – a bhailiú.

Tá polasaí don oideachas Gaeltachta i bhfeidhm ó 2017.

Fág freagra ar '‘Ba chóir don Rialtas beart de réir a bhriathair a dhéanamh agus mórpholasaí oideachais don Ghaeilge a fhorbairt’'