Ba chóir don Rialtas an tigh sa Bhlascaod Mór atá curtha ar an margadh oscailte a cheannach – Ó Muircheartaigh

Is é seo an dara sealúchas sa Bhlascaod atá curtha ar an margadh oscailte ó cheannaigh an Stát formhór shealúchais an chomhlachta Blascaod Mór Teo. in 2009

Ba chóir don Rialtas an tigh sa Bhlascaod Mór atá curtha ar an margadh oscailte a cheannach – Ó Muircheartaigh

Dúirt an craoltóir aitheanta Mícheál Ó Muircheartaigh sa Seanad tráthnóna gur chóir don Rialtas an tigh agus an stráice talún atá ar díol sa Bhlascaod Mór a cheannach.

Mar a tuairiscíodh ar Nuacht an Deiscirt ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar dtús, tá fothrach tí sa Bhlascaod Mór, mar aon leis na goirt agus an coimín a ghabhann leis, fógartha ar díol.

Dúirt an Muircheartach, a bhí ina aoichainteoir speisialta sa Seanad inniu do Bhliain na Gaeilge 2018 gur chuid “dár n-oidhreacht an t-oileán féin” de bharr “na ndaoine a tháinig as”.

“Molaim go gceannódh an Rialtas an stráice talún sin agus úsáid a bhaint as chun scéim éigin Gaeilge a chur sa tsiúl,” a dúirt an craoltóir sa Seanad inniu.

Deir an OPW go bhfuil siad ar an eolas faoin scéal go bhfuil an sealúchas ar díol ach nach bhfuil aon ní le rá acu faoi “ag an tráth seo”.

Tá an fothrach, atá i mBarra an Bhaile, in aice le Tobar a’ Phoncáin, timpeall ceithre acra de ghoirt lastuaidh den mbaile, agus cearta ar dhá acra is daichead de choimín cnoic, ar díol ag an gceantálaí Mike Kennedy sa Daingean.

Treoirphraghas €110,000 atá tugtha don sealúchas.

Tá an tigh seo ar cheann de na tithe is ársa i mbaile an Bhlascaoid. Is ann a mhair muintir Chatháin, go dtugtaí na Muirisí orthu, ó lár an naoú haois déag. Is ar an láthair chéanna a mhair an chéad duine de mhuintir Chatháin a bhog isteach ’an oileáin ag deireadh an ochtú haois déag, Mártan Ó Catháin, fara a bhean Bríde Feiritéar.

Ba ón lánúin seo a shíolraigh na Cathánaigh ar fad a mhair sa Bhlascaod tráth, ina measc Peaidí Mhártain, a bhí ina Rí ar an oileán, agus mac mic dó, Peats Mhicí, Rí deireanach an Bhlascaoid.

Ba le Maras Mhuiris Ó Catháin, duine de shaoithe an Bhlascaoid, an tigh ach ar tréigeadh an t-oileán i 1953. Bhog Maras Mhuiris chun na míntíre, agus mhair i gceann de na tithe nua a thóg Coimisiún na Talún do theaghlaigh an Bhlascaoid, i mBaile na Rátha i nDún Chaoin. Ba ann, leis, a mhair Seán Mharas Mhuiris, go raibh ard-aithne air i gcéin agus i gcóngar mar Faeilí.

Tuigtear gur ag tús na 1970í nó mar sin a cheannaigh na húinéirí reatha an sealúchas ó mhuintir an oileáin. 

Is é seo an dara sealúchas sa Bhlascaod atá curtha ar an margadh oscailte sna blianta tar éis don Stát formhór shealúchais an chomhlachta Blascaod Mór Teo. a cheannach in 2009 ar chostas €2 milliún. Cé gur léirigh cuid d’úinéirí sealúchais eile san oileán roimh an margadh sin, agus ó shin, go raibh suim acu a gcuid a dhíol leis an Stát, agus cé go raibh réamhchomhaontuithe déanta ag Oifig na nOibreacha le cuid acu roimh 2009,  níor cheannaigh an Stát tigh nó talamh sa Bhlascaod Mór ó shin.

Fág freagra ar 'Ba chóir don Rialtas an tigh sa Bhlascaod Mór atá curtha ar an margadh oscailte a cheannach – Ó Muircheartaigh'

  • An Réic

    An ceart ar fad ag an Muircheartach, bail ó Dhia air. Blianta fada ó shin do bhí socruithe déanta ag an OPW le húineirí sealúchais ar an mBlascaoid go gceannódh An Stát na sealúchais uathu ar Euro 68,000 an ceann, dá mbeadh sealbhóirí 17 ngabháltas, as an 25 gabhaltas ar an mBlascaod Mór, sásta margadh a dhéanamh leis an OPW chun an 17 ngabháltas sin a dhíol ar dtús. Blascaod Mór Teoranta a bhi ar an gcomhlacht a raibh únéireacht na 17 ngabháltas acu. Cuireadh na 17 ngabhaltas ar diol ar an Wall Street Journal i 1985…….
    Ar deireadh thiar thall do cheannaigh an OPW na gabhaltais ó BMT ar timpeall Euro 2 mhilliún i 2009. Síníodh conradh, ná raibh thar mholadh beirte, idir an Stát agus BMT agus tá móran ceisteanna le cur mar gheall ar shíniú an chonartha sin. D’fhág an conradh a síniodh gur thug OPW suas le Euro 91,000 ar gach gabhaltas.
    Ach níor cheannaigh an OPW aon ghabhaltas ar an mBlascaoid o shin….cé go bhfuaireadar tairiscintí ó roinnt únéirí gabhaltas…..Dáiríre, tá caite go hainnis ag an OPW leis na húnéirí eile agus gan meas madra léirithe acu orthu agus ar a sinsearacht ar an oilean stairiuil seo. Ba cheart go ndeanfaí fiosrú iomlán ar an scéal….