Ba chóir do TG4 níos lú dá gcuid airgid a chaitheamh ar dhaoine atá níos sine – tuarascáil

Maítear i dtuarascáil nua a rinneadh don BAI go bhfuil ceisteanna casta crua le cur ag TG4 maidir leis na seánraí is cuí díriú orthu agus freastal á dhéanamh acu ar phobal na Gaeilge

Ba chóir do TG4 níos lú dá gcuid airgid a chaitheamh ar dhaoine atá níos sine – tuarascáil

Ba chóir do TG4 níos lú dá gcuid airgid a chaitheamh ar dhaoine atá níos sine agus a bhfuil freastal maith á dhéanamh orthu cheana féin agus é a chaitheamh ar dhaoine óga a mhealladh.

Déantar an moladh sin i dtuarascáil neamhspleách a rinneadh don BAI agus a cuireadh faoi bhráid an Aire Cumarsáide le déanaí.

Deirtear sa tuarascáil go dtuilleann cláir nuachta, drámaí agus sobail ar TG4 lucht féachana íseal ar an infheistíocht a dhéantar iontu.

Deirtear gur lú fós an toradh ó thaobh lucht féachana a bhíonn ar infheistíocht sna seánraí sin i measc daoine faoi 35 bliain.

Maítear sa tuarascáil go bhfuil ceisteanna casta crua le cur ag TG4 maidir leis na seánraí is cuí díriú orthu agus freastal á dhéanamh ar an gcroí-lucht féachana, nó pobal na Gaeilge.

Moltar sa tuarascáil, Annual Review of Funding for Public Service Broadcasters, 2017, go mbainfeadh TG4 agus RTÉ úsáid as slat tomhais nua – ‘audience yield’ –chun a saothar a mheas.

Faoin tslat tomhais sin, dhéanfaí tomhas ar líon na n-uaireanta a chloig féachana a shaothraíonn gach euro a chaitear ar chlár nó ábhar eile.

“Díríonn an cineál seo anailíse aird ar cheisteanna casta maidir le céard í an réimse seánra clár cuí don chroí-lucht féachana [ag TG4], go háirithe nuair a chuirtear san áireamh gurbh fhearr an toradh [ó thaobh lucht féachana] a bhí ag cláir fhaisnéise agus siamsaíochta ná cláir mar a bhí ag nuacht agus drámaíocht, i gcás an lucht féachana iomlán agus iad siúd a bhí faoi 35 bliain,” a deirtear sa tuarascáil.

Moltar sa tuarascáil go gcuirfeadh RTÉ agus TG4 córas i bhfeidhm chun maoiniú a aistriú ó chláir do dhaoine níos sine “a bhfuil freastal maith á dhéanamh cheana” agus é a chaitheamh ar ábhar do dhaoine óga “ar deacair greim a fháil orthu”.

“Chun é seo a dhéanamh beidh cinntí crua le déanamh faoi chaiteachas buiséid, cinntí nach féidir a dhéanamh gan sonraí iontaofa a bheith ar fáil faoin lucht féachana agus luach ar airgead ar gach ardán, ar gach seirbhís, i ngach seánra agus i measc gach grúpa,” a deirtear.

Deirtear áfach nach mór a bheith cúramach gan róbhéim a chur ar an tomhas ‘audience yield’ mar nach ndéanann sé tomhas ar fhiúntas cláir don lucht féachana ná ar spriocanna tábhachtacha eile a bhaineann go dlúth leis an gcraoltóireacht seirbhíse poiblí.

De réir na tuarascála neamhspleáiche nua, a rinne Communications Chambers don BAI, bhí bliain mhaith ag TG4 in 2017.

Ní hamháin gur éirigh le TG4 a ioncam tráchtála a mhéadú, ach d’éirigh leo chomh maith a sciar den lucht féachana a mhéadú cé go raibh laghdú 3% ar a gcaiteachas ar chláir,” a deirtear.

Fág freagra ar 'Ba chóir do TG4 níos lú dá gcuid airgid a chaitheamh ar dhaoine atá níos sine – tuarascáil'

  • Eoghan

    ‘Daoine níos sine “a bhfuil freastal maith á dhéanamh [orthu] cheana” ‘ Agus cad é atá ann mar fhreastal do dhaoine níos sine – Rawhide, Waltons, srl?

  • An Teanga Bheo

    Ach ní feidhir liom a bheith óg de shíor agus céard é óg inniu ?????

  • Gabriel Rosenstock

    Luach ar infheistíocht! Tá gach aon ní á mheas na laethanta seo i dtéarmaí airgid,
    fealsúnacht Thatcher agus Reagan.

  • Daor Mac an tSaoir

    ní minic a deirimse é seo ach … tá mé sásta sa gcás seo nach n-éiríonn le TG4 riamh na moltaí a dhéantar a chur i bhfeidhm hahahahahahahha

  • Padraic de Bhaldraithe

    Níos sine ná cén duine nó cén rud? Is dóigh gurbh é an ceannteideal i mBéarla a bhí i gcúl a chinn ag an eagarthóir.