Ba chóir do phríomhoidí ‘fáil réidh’ lena moladh faoi mhúinteoirí gan Ghaeilge

Mhol Gréasán Phríomhoidí Bunscoile na hÉireann (IPPN) go gcuirfí ‘ar fionraí’ an riachtanas Gaeilge chun dul i ngleic leis an nganntanas múinteoirí

Ba chóir do phríomhoidí ‘fáil réidh’ lena moladh faoi mhúinteoirí gan Ghaeilge

Ba chóir do phríomhoidí bunscoile “fáil réidh” lena moladh go dtabharfaí cead do mhúinteoirí gan aon Ghaeilge dul ag múineadh i ranganna bunscoile an stáit.

B’in a bhí le rá ag ceannasaí COGG, Muireann Ní Mhóráin faoi mholadh a rinne Gréasán Phríomhoidí Bunscoile na hÉireann (IPPN) go gcuirfí ar leataobh an riachtanas Gaeilge do mhúinteoirí bunscoile.

Mhol an IPPN ag a gcomhdháil bhliantúil go gcuirfí “ar fionraí” an riachtanas Gaeilge chun dul i ngleic leis an nganntanas múinteoirí.

Is gá d’oidí bunscoile nua ar a laghad grád H4, idir 60-69%, a fháil sa Ghaeilge san Ardteist nó ina mhacasamhail de scrúdú.

Níl an IPPN ag moladh go n-athrófaí an riachtanas iontrála sin, ach tá siad ag moladh go dtabharfaí cead ar bhonn sealadach do mhúinteoirí a cáilíodh lasmuigh den Stát agus nach bhfuil aon Ghaeilge acu múineadh i ranganna bunscoile.

Deir Príomhfheidhmeannach COGG, Muireann Ní Mhóráin, nach bhfuil aon chiall leis an áiteamh go bhfuil ceangal idir an riachtanas Gaeilge agus an ganntanas múinteoirí agus go mbeadh moladh an IPPN “do-oibrithe”.

“Bheadh impleachtaí tromchúiseacha ag an moladh seo mar dá mbeadh múinteoirí sna bunscoileanna gan aon Ghaeilge acu chiallódh sin nach mbeadh ar a gcumas curaclam an stáit a theagasc. Bheadh sé níos tromchúisí anois ó tharla go bhfuil curaclam comhtháite teanga againn agus an Ghaeilge agus an Béarla á dteagasc ar bhealach a dhéanann scileanna á aistriú idir an dá theanga. Dá nglacfaí leis an moladh seo, ní bheadh múinteoirí ábalta an curaclam náisiúnta atá againn a theagasc.

“Níl aon chiall leis a bheith ag cur an locht ar an nGaeilge maidir le heaspa múinteoirí. ’Sí an fhadhb ná cúinsí oibre agus cúrsaí tuarastail na múinteoirí agus go bhfuil oiread múinteoirí thar lear dá bharr,” a dúirt Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach COGG.

Dúradh i ráiteas a chuir an IPPN amach gur “rogha mhaith” a bheadh ann múinteoirí breise a earcú ón Tuaisceart agus ó “thíortha eile arb é an Béarla an chéad teanga iontu”.

“Bíodh is go bhfuil sé an-deacair líon na ndaoine a thomhas, is dóigh go bhfuil líon suntasach múinteoirí ann ar cuireadh oiliúint orthu i dtíortha eile agus nach bhfuil ag obair faoi láthair mar nach féidir leo riachtanas na Gaeilge a chomhlíonadh.

“Fad is gur ann don ghanntanas múinteoirí ionaid ba chóir go mbeadh cead ag na daoine seo múineadh i ngnáthphoist pháirtaimseartha fad is go bhfuil aitheantas na Comhairle Múinteoireachta acu.”

Tá moladh an IPPN cáinte chomh maith ag Maighréad Ní Iarlaithe, riarthóir an ghrúpa tacaíochta do mhúinteoirí ar Facebook ‘Múinteoirí na Gaeilge’. Dúirt sí go bhféadfadh an moladh “dochar dochreidte” a dhéanamh do theagasc na Gaeilge.

“Ní haon réiteach é ar fhadhb na heaspa múinteoirí daoine gan Ghaeilge a chur isteach sna seomraí ranga. Más moladh oifigiúil de chuid an IPPN atá ann bheinn an-bhuartha faoi.

“Dhéanfadh sé dochar dochreidte do mhúineadh na Gaeilge agus do caighdeán Gaeilge na ndaltaí sa bhunscoil agus san iarbhunscoil. Bheadh múinteoirí ag teagasc na Gaeilge agus ní bheadh aon Ghaeilge acu. Ní dhéanann sé ciall ar bith,” a dúirt Ní Iarlaithe. 

Fág freagra ar 'Ba chóir do phríomhoidí ‘fáil réidh’ lena moladh faoi mhúinteoirí gan Ghaeilge'