Ba chóir do gach comhairle aird a thabhairt ar chinneadh faoi pholasaí ‘Béarla amháin’ – CAJ

Deir an Committee on the Administration of Justice (CAJ) ó thuaidh go léiríonn cás san Ard-Chúirt go bhfuil gá le hacht Gaeilge

Ba chóir do gach comhairle aird a thabhairt ar chinneadh faoi pholasaí ‘Béarla amháin’ – CAJ

Tá ráite ag an Committee on the Administration of Justice (CAJ) gur cheart do chomhairlí uilig an tuaiscirt aird a thabhairt ar chinneadh Chomhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach a bpolasaí ‘Béarla amháin’ ar chomharthaí sráide a tharraingt siar.

Tagann an ráiteas seo ón CAJ sna sála ar an scéala gur tharraing Comhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach siar san Ard-Chúirt an tseachtain seo caite a bpolasaí ‘Béarla Amháin’ ar chomharthaí sráide.

Athrú ó bhonn ab ea é sin ar dhearcadh lucht na comhairle faoin pholasaí, a rabhthas fós ag maíomh cúpla seachtain ó shin go raibh sé “dleathach agus cuí”.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Leas-Stiúrthóir Daniel Holder, a bhí ar dhuine de na daoine a chuir aighneacht faoi bhráid na comhairle ag cur i gcoinne a bpolasaí Béarla amháin, gur léir “gur polasaí mídhleathach agus leithchealach in aghaidh cainteoirí Gaeilge a bhí ann” agus nár cheart go gcaithfí dúshlán cúirte a thabhairt chun an méid sin a chruthú.

Ar an chomhairle féin a thitfidh na costais dlí a bhain leis an chás a tugadh ina n-aghaidh faoin pholasaí conspóideach a chuir cosc ar Ghaeilge ar chomharthaí sráide sa cheantar in ainneoin éileamh ón phobal ar a leithéid agus aontaíonn an CAJ leis an tuairim gur cur amú airgid phoiblí é ag an chomhairle  áitiúil cos a chur i dtaca maidir leis an pholasaí a chuir cosc ar an Ghaeilge ar chomharthaí sa cheantar.  An tseachtain seo caite, dúirt lucht dlí na mná ar ghéill an chomhairle dá dúshlán cúirte go raibh “aiféala” uirthi “gur cuireadh airgead cáiníocóirí amú” ar an chás, go háirithe ag am “ar ardaíodh rátaí sa cheantar comhairle 3%”.

Dúirt Daniel Holder le Tuairisc.ie nárbh é seo an chéad uair gur chuir údarás ó thuaidh acmhainní poiblí amú ag iarraidh bac a chur ar sholáthar a dhéanamh don Ghaeilge.

Dúirt sé gur cheart don chomhairle “próiseas cuí a leanúint anois” agus glacadh le polasaí “a thagann go hiomlán le cearta an duine”.

“Ba cheart go gcuirfeadh comhairlí áitiúla eile san áireamh nach bhféadfaí cosc iomlán a chur ar chomharthaíocht dhátheangach. Go luath sa phróiseas síochána, a tharraing rialtas na Breataine siar an cosc ar a leithéid a chuir parlaimint Stormont i bhfeidhm,” a dúirt sé.

Cé nach ceadmhach “bac iomlán” a chur ar chomharthaíocht dhátheangach de réir na reachtaíochta atá i bhfeidhm faoi láthair, creideann an CAJ go bhfuil an reachtaíocht sin “teoranta go maith”.

“Léiríonn an cás seo go bhfuil gá le hacht Gaeilge, rud a gheall an Bhreatain breis agus deich mbliana ó shin i gComhaontú Chill Rímhinn,” a dúirt Daniel Holder, Leas-Stiúrthóir CAJ.

I mí Feabhra na bliana seo, vótáil baill Chomhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach i gcoinne cead a thabhairt Gaeilge a chur ar chomharthaí sráide sa cheantar.

I mí an Mhárta, chuir an Committee on the Administration of Justice (CAJ) i mBéal Feirste aighneacht chuig Comhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach inar moladh “go láidir” go dtarraingeofaí siar a bpolasaí “mídhleathach” maidir le Béarla amháin a cheadú ar chomharthaí sráide.

Fág freagra ar 'Ba chóir do gach comhairle aird a thabhairt ar chinneadh faoi pholasaí ‘Béarla amháin’ – CAJ'