Ba chóir athaontú na hÉireann a phlé i gceart i bhfad sula mbeidh aon vóta faoi 

Tá aird tarraingthe ag saineolaithe ar cheist a phléitear rómhinic gan smaoineamh ar na sonraí casta a chaithfí a réiteach

Ba chóir athaontú na hÉireann a phlé i gceart i bhfad sula mbeidh aon vóta faoi 

Tá Sinn Féin ag moladh le cúpla bliain go mbunófaí tionól saoránach ag a bpléifí ceisteanna a chaithfí a réiteach sula reáchtálfaí reifreann ar athaontú na hÉireann.

Níl tionól dá leithéid curtha as an áireamh go hiomlán ag an Taoiseach ná ag an Tánaiste. Níl aon chosúlacht áfach ar a ndúirt siad go dtí seo go bhfeicfear a leithéid sula mbeidh deireadh le saol-ré an rialtais. Chothódh reifreann teannas agus easaontas ó thuaidh, dar leo.

Dála an scéil, cé gur ‘reifreann’ ar aontú a phléitear de ghnáth, ní reifreann amháin ach dhá cheann a theastódh, de réir fhorálacha Chomhaontú Aoine an Chéasta, chun toil na vótóirí sa dá chuid den oileán a chur in iúl.

Níl móramh i bhfabhar aontais á léiriú fós i bpobalbhreitheanna a dhéantar sa Tuaisceart. Mar sin féin is léir do chách an éiginnteacht a spreag an Breatimeacht, éiginnteacht nach rachaidh in éag má leantar leis an ngluaiseacht in Albain i dtreo an neamhspleáchais.

Is é bun agus barr an ábhair go mbeidh sé ina chúis dóchais nó imní (ag brath ar do mhian) as seo go ceann tamaill. Is leor cuimhneamh ar an bpobalbhreith a rinne LucidTalk le gairid a thug le fios gur dóigh le 48% de mhuintir an Tuaiscirt go mbeidh Éire aontaithe faoi cheann deich mbliana ach gur cheap 44 faoin gcéad nach mbeadh.

Ní féidir i bhfianaise tuairimí dá leithéid, an chaint ar reáchtáil reifrinn ar athaontú na tíre a sheachaint.

Tá toradh ar dhianphlé agus ar dhianmhachnamh ar reifrinn athaontaithe a rinne scata saineolaithe ollscoile sa Bhreatain, in Éirinn agus sna Stáit Aontaithe ar feadh 18 mí díreach foilsithe acu. Is fiú go mór é a léamh chun teacht ar thuiscint níos doimhne agus níos leithne ar dhúshlán ar chóir aghaidh a thabhairt air sula dtiocfaidh sé aniar aduaidh orainn.

Deir na saineolaithe polaitíochta agus dlí a scríobh an tuairisc, Working Group on Unification Referendums on the Island of Ireland nach bhfuil siad ar aon tuairim faoi reáchtáil reifreann ar athaontú, ná faoin toradh ab fhearr leo dá reáchtálfaí a leithéid.

Chuaigh siad i mbun oibre toisc gur shíleadar gur cheart machnamh a dhéanamh ar an bpróiseas a bheadh riachtanach i bhfad sula mbeadh reifrinn beartaithe.

I measc na bpríomhphointí, deir na saineolaithe:

– Go gcaithfí glacadh leis, mar is léir ó fhorálacha Chomhaontú Aoine an Chéasta, go réiteodh vóta caoga faoin gcéad + a haon an cheist i reifreann sa Tuaisceart. Shárófaí an Comhaontú, a deir siad, dá ndéarfaí go mbeadh móramh níos mó riachtanach.

– Gur chóir plean a bheith ar fáil sula vótálfaí, plean ina léireofaí cén cruth a bheadh ar an tír i gcás athaontaithe.

– Go mbeadh comhordú, comhthuiscint agus cainteanna idir rialtais na Breataine agus na hÉireann agus ionadaithe ón Tuaisceart riachtanach sula mbeartófaí reifrinn a reáchtáil.

– Gur chóir teacht ar chomhréiteach roimh ré faoin leagan amach polaitiúil a bheadh ar an tír dá n-athaontófaí í. An mbeadh aontas iomlán i bhfeidhm? Nó an mbeadh córas iomlán feidearálach ann? Nó feidhmeannacht dhíláraithe in Stormont?

– Go mb’fhearr, in ionad iarraidh ar dhaoine vótáil ar phrionsabal ginearálta i reifreann, teacht ar chomhthuiscint roimh ré maidir le lear mór ábhar. San áireamh, dar leis na saineolaithe: tacaíocht airgeadais don Tuaisceart ón mBreatain, cúrsaí sláinte, an córas leasa shóisialaigh, cúrsaí Gaeilge, bratacha, stádas rítheaghlach na Breataine, ballraíocht sa Chomhlathas agus i NATO, neodracht, srl.

– Gur chóir a athdheimhniú nach plé a mbeadh toradh cinnte air a chuirfí ar bun ach caidreamh oscailte a mbeadh sé mar aidhm aige rogha neamhchlaonta a chur faoi bhráid na vótóirí.

Mar is léir ón moladh deireanach, is deacair plé a shamhlú a bheadh neamhchlaonta mar atá molta ag na saineolaithe. Mar sin féin tá saothar fiúntach déanta acu. Tá aird á tarraingt acu ar cheist a phléitear rómhinic gan smaoineamh ar na sonraí casta a chaithfí a réiteach sula gcuirfí ceist chomh cinniúnach faoi bhráid an phobail ar an dá thaobh den teorainn.

Ní shíleann siadsan go reáchtálfar reifrinn ar athaontú go luath. Ní hionann sin agus a rá gur chóir ligean don cheist imeacht le sruth, ar fhaitíos go gcaithfí í a phlé faoi dheifir amach anseo.

Fág freagra ar 'Ba chóir athaontú na hÉireann a phlé i gceart i bhfad sula mbeidh aon vóta faoi '

  • An Teanga Bheo

    Cé rinne an an scrios is ionsí ar mó Róisin Dubh i gconaí de shíor