‘Ba chóir Acht Gaeilge a thabhairt isteach chun cearta teanga a dhearbhú agus a chosaint’ – An Taoiseach

Ag labhairt dó ar an gclár The Week in Politics ar RTÉ inniu, dúirt an Taoiseach gur chóir reachtaíocht a thabhairt isteach don Ghaeilge ó thuaidh, mar atá déanta ó dheas agus mar atá déanta i gcás na Breatnaise sa Bhreatain Bheag agus na Gàidhlig in Albain

‘Ba chóir Acht Gaeilge a thabhairt isteach chun cearta teanga a dhearbhú agus a chosaint’ – An Taoiseach

Tá ráite ag an Taoiseach Leo Varadkar go mba chóir go mbeadh Acht Gaeilge ann ó thuaidh chun cearta teanga a “dhearbhú” agus a “chosaint”.

Ag labhairt dó ar an gclár The Week in Politics ar RTÉ inniu, dúirt an Taoiseach gur chóir reachtaíocht a thabhairt isteach don Ghaeilge ó thuaidh, mar atá déanta ó dheas agus mar atá déanta i gcás na Breatnaise sa Bhreatain Bheag agus na Gàidhlig  in Albain.

“Is dóigh liom gur cheart go mbeadh Acht na Gaeilge ann i dTuaisceart Éireann. Tugtar aitheantas do chearta ó thaobh na Gaeilge in Éirinn, don Bhreatnais sa Bhreatain Bheag agus don Ghàidhlig in Albain, agus is cinnte gur chóir go mbeadh reachtaíocht teanga ann i dTuaisceart Éireann chun cearta i leith na Gaeilge a dhearbhú agus a chosaint,” a dúirt an Taoiseach Leo Varadkar.

Bhí an Taoiseach in amhras gurb í ceist an Achta Gaeilge ceist ‘one man, one vote’ na linne seo, mar a d’áitigh an t-iriseoir agus údar Eamonn Mallie.

Ba iad na dúshláin ba mhó roimh phobal an Tuaiscirt ná an Breatimeacht agus cúrsaí maoinithe, a dúirt Varadkar.

Tá ceist an Achta Gaeilge ar an dris chosáin is mó maidir leis na hiarrachtaí atá ar siúl Feidhmeannas Stormont a athbhunú agus ceist na reachtaíochta teanga  mar ábhar mór aighnis idir Sinn Féin agus an DUP.

Fág freagra ar '‘Ba chóir Acht Gaeilge a thabhairt isteach chun cearta teanga a dhearbhú agus a chosaint’ – An Taoiseach'