‘Ba cheart go mbeadh fáil ag gach duine ar eolas bunúsach fúthu féin’ – Evanne Ní Chuilinn

Craolfar clár ar TG4 anocht a thugann léargas ar an uchtú in Éirinn, scéal a bhíonn ‘casta agus pianmhar go minic’

‘Ba cheart go mbeadh fáil ag gach duine ar eolas bunúsach fúthu féin’ – Evanne Ní Chuilinn

Thug an craoltóir aitheanta spóirt Evanne Ní Chuilinn faoi ‘thuras pearsanta’ chun tuiscint níos fearr a fháil ar scéal an uchtaithe in Éirinn do chlár faisnéise nua a chraolfar ar TG4 anocht.

Scéal “casta agus pianmhar go minic” is ea é scéal an uchtaithe sa tír seo, a deir Ní Chuilinn, a uchtaíodh nuair a bhí sí ina leanbh.

Chaith Ní Chuilinn, cainteoir líofa Gaeilge, an chéad cheithre mhí dá saol in áras máithreacha agus leanaí sular uchtaigh a cuid tuismitheoirí i gCill Chainnigh í.

Sa chlár nua, Uchtú, cuireann sí agallamh ar shaineolaithe dlí, ar ghníomhaithe agus ar dhaoine ar fhág na droch-chleachtais a bhain leis an uchtú in Éirinn a lorg orthu.

I measc na ndaoine sin, tá Sheila O’Byrne, bean a chaith tréimhse san áras máithreacha is leanaí céanna inar fhan máthair bhreithe an chraoltóra. Cuirtear síos ar an saol a bhí ag na máithreacha san institiúid sin agus ar an phian a d’fhulaing Sheila O’Byrne nuair a rugadh mac di.

Deir Ní Chuilinn gur “am tráthúil é” do chlár faisnéise den chineál seo toisc an rialtas a bheith ag iarraidh dul i ngleic leis na deacrachtaí a tháinig chun solais maidir le cleachtas an uchtaithe in Éirinn.

Le linn an chláir, déanann an craoltóir spóirt, ar máthair í féin a bhfuil beirt pháistí aici, iarracht eolas a fháil amach faoin am a chaith sí san áras máithreacha agus leanaí, eolas nach bhfuil ar fáil di go réidh.

Creideann Ní Chuilinn go bhfuil géarghá le reachtaíocht nua chun a chinntiú go mbíonn fáil ag daoine a uchtaíodh ar eolas pearsanta fúthu féin.

“Ba cheart go mbeadh fáil ag gach duine ar eolas bunúsach fúthu féin.  Is ceart bunúsach é sin,” a dúirt Evanne Ní Chuilinn

– Craolfar Uchtú anocht ag a 9.30 ar TG4

Fág freagra ar '‘Ba cheart go mbeadh fáil ag gach duine ar eolas bunúsach fúthu féin’ – Evanne Ní Chuilinn'