Ba cheart go mbeadh Cill Dara róláidir do Laois

Imreofar trí chluiche peile, i gCraobh Laighean agus i gCraobh Uladh, tráthnóna

Ba cheart go mbeadh Cill Dara róláidir do Laois

Kevin Feely: INPHO/Lorraine O'Sullivan

Laois v Cill Dara, Páirc Uí Chonchúir, 3.00p.m.

Is mór an difear idir an séasúr a bhí ag Cill Dara agus an séasúr a bhí ag Laois go dtí seo in 2017. Agus iad ag imirt i Roinn 2 den tsraith, bhain Cill Dara ardú céime amach, agus chuaigh siad chomh fada le cluiche ceannais na sraithe, cluiche a chaill siad in aghaidh na Gaillimhe. Ar an lámh eile, níor bhuaigh Laois ach dhá chluiche i Roinn 3 agus beidh siad ag imirt sa roinn is ísle sa tsraith in 2018.

Tabharfaidh an bua a bhí ag Laois in aghaidh an Longfoirt i gCraobh Laighean cúpla seachtain ó shin misneach d’fhoireann Peter Creedon ach beidh sé deacair acu tráthnóna agus dul chun cinn mór déanta ag Cill Dara faoi cheannas Cian O’Neill.

Bhain siad ardú céime amach i mbliana don dara huair as a chéile sa tsraith agus leithéidí Sean Hurley agus Paddy Brophy tagtha abhaile i mbliana ón seal a chaith siad san AFL san Astráil. Tá Kevin Feely, a bhí ag imirt sacar i Sasana ar feadh tamaill, fillte ar an bpainéal i mbliana chomh maith. Ba é ceann de na himreoirí is fearr a bhí ag Cill Dara sa tsraith agus idir é féin agus leithéidí Niall Kelly, ba cheart go mbeadh siad róláidir do Laois.

Rogha Tuairisc.ie: Cill Dara

An Lú v An Mhí, Páirc Pharnell, 3.00p.m.

Aon uair a chastar na foirne seo ar a chéile, déantar tagairt do chluiche ceannais Laighean 2010 agus cúl Joe Sheridan. Cé go raibh an Lú i bhfoisceacht cúpla pointe dá gcomharsana an lá sin níl cluiche craoibhe buaite acu in aghaidh na Mí ó 1975.

Beidh siad muiníneach go maith tráthnóna óir bhí feachtas sraithe láidir acu agus ardú céime faighte acu ó Roinn 3. Bhí bua maith freisin acu sa chraobh cheana féin in aghaidh Chill Mhantáin. Ba iad Ryan Burns agus Eoin O’Connor príomhscórálaithe an Lú sa chluiche sin agus beifear ag brath go mór orthu beirt arís tráthnóna.

Ní bheidh sé éasca in aghaidh na Mí áfach, agus iad ag imirt go maith faoi cheannas a mbainisteora nua Andy McEntee. Chríochnaigh siad sa tríú háit sa tsraith, pointe amháin taobh thiar de Chill Dara, agus tá sé mar sprioc ag McEntee i mbliana cluiche ceannais Laighean a bhaint amach.

Rogha Tuairisc.ie: An Mhí

An Dún v Ard Mhacha, Páirc Esler, 2.00p.m.

Tá an Dún sa tóir ar a gcéad bhua sa chraobh ó 2014 agus a gcéad bhua ar Ard Mhacha ó 1992. Ag tús an tséasúir, bhí an chuma ar fhoireann Eamonn Burns go raibh siad i gcruachás arís. Chaill siad an chéad dá chluiche sa tsraith agus d’fhág roinnt imreoirí an painéal.

Tá cúrsaí feabhsaithe ó shin áfach agus choinnigh siad a stádas i Roinn 2. Beidh aiféala ar Kieran McGeeney nach mbeidh Ard Mhacha leo sa tsraith sin in 2018 ach chlis orthu in am breise in aghaidh Thiobraid Árann sa chluiche deireanach den tsraith.

Is é seo an chéad chluiche acu ó chaill siad an ceann sin agus tá cúigear roghnaithe ag McGeeney – Blaine Hughes, Aaron McKay, Paul Hughes agus Oisín O’Neill – nár imir cheana sa chraobh. Is mór an buntáiste dóibh go bhfuil Jamie Clarke ar ais i measc na dtosaithe.

Rogha Tuairisc.ie: Ard Mhacha

Fág freagra ar 'Ba cheart go mbeadh Cill Dara róláidir do Laois'