‘Ba cheart go mbeadh ar gach páiste a thagann chun cónaithe sa Bhreatain Bheag an Bhreatnais a fhoghlaim – Nigel Owens

Deir an réiteoir rugbaí mór le rá Nigel Owens gur cheart go mbeadh ar aon ghasúr a bhogann do dtí an Bhreatain Bheag an teanga a fhoghlaim ‘mar a tharlódh in aon tír eile ar domhan’

‘Ba cheart go mbeadh ar gach páiste a thagann chun cónaithe sa Bhreatain Bheag an Bhreatnais a fhoghlaim – Nigel Owens

Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Tá sé ráite ag an réiteoir cáiliúil rugbaí Nigel Owns gur cheart go mbeadh ar gach gasúr atá ag cur faoi sa Bhreatain Bheag an Bhreatnais á fhoghlaim.

I dtrácht a scríobh sé ar a leathanach Facebook dúirt Owens, ar cainteoir dúchais Breatnaise é, gur cheart go mbeadh meas ar chultúr na tíre ag aon teaghlach a thagann chuig an Bhreatain Bheag.

“Má thagann tú chun cónaithe sa Bhreatain Bheag, bíodh meas agat ar ár modh maireachtála agus glac leis gur chóir don uile pháiste atá ar scoil anseo teanga na tíre a roghnaigh siad cónaí inti a fhoghlaim. Is cuma cén tír atá i gceist. Ba chóir dúinne déanamh amhlaidh freisin sa chás go mbogfaimis go dtí tír ar bith eile ar domhan,” a deir Owens.

Deir sé gur cheart éirí as a bheith i mbun díospóireachta faoi thábhacht na teanga agus chultúr na Breataine Bige agus faoi cé acu an cailliúint don Bhreatain Bheag a bheadh ann dá gcaillfí an mBreatnais.

Chuir Owens pictiúr de JRR Tolkien lena thrácht agus ráiteas ón údar leis:  ‘Welsh is of this soil, this island, the senior language of the men of Britain; and Welsh is beautiful.’

Bhí os cionn 3,500 ordóg tugtha do thrácht Owens ar Facebook tráthnóna inné agus é roinnte beagnach míle uair.

Lean Owens air ag plé an scéil sna tráchtanna a fágadh ar a leathanach, é ag moladh buntáistí an dátheangachais do ghasúir agus ag áitiú gur cheart go ndéanfadh an rialtas níos mó ar son na teanga.

Tá ceist na Breatnaise go mór i mbéal an phobail thall i láthair na huaire agus é molta go mbeadh freagracht iomlán as cur chun cinn na Breatnaise á glacadh chucu féin feasta ag Rialtas na Breataine Bige. Is faoi Oifig an Choimisinéara Teanga a bhí an chúram sin go dtí seo ach tá sé beartaithe deireadh a chur leis an oifig sin.

Tá athbhreithniú á lorg chomh maith ag cainteoirí Breatnaise ar a gcraoltar ar an BBC faoi chás na Breatnaise i bhfianaise clár a craoladh an tseachtain seo caite inar phléigh beirt chainteoirí Béarla ceist na teanga.

Le linn an chláir, cháin Julian Ruck, údar agus iriseoir, an méid airgid a chaitear ar chur chun cinn na Breatnaise agus labhair Ruth Dawson, eagarthóir The Conversation, ar son na teanga.

Bhíothas míshásta go háirithe le cur chuige na díospóireachta ar Newsnight, díospóireacht ar cuireadh tús léi leis an gceist: “Is the Welsh language a help or hindrance to the nation?”.

Fág freagra ar '‘Ba cheart go mbeadh ar gach páiste a thagann chun cónaithe sa Bhreatain Bheag an Bhreatnais a fhoghlaim – Nigel Owens'

  • Hiy

    An nhfeadfai macasamhail Nigel Owens no piarda spoirt ar bith a fhail in Eirinn chun labhairt amach ar son na teanga seo ‘gainne?