Ba cheart dul ar aghaidh le ‘Plean B’ d’ionad nua in Indreabhán mura féidir teacht ar chomhréiteach – Cumann Forbartha Chois Fharraige

Deir Cumann Forbartha Chois Fharraige gur chóir don Roinn ‘iarracht amháin eile’ a dhéanamh teacht ar chomhréiteach le Coláiste Lurgan maidir le forbairt ionaid nua oideachais ag láthair an choláiste in Indreabhán

Ba cheart dul ar aghaidh le ‘Plean B’ d’ionad nua in Indreabhán mura féidir teacht ar chomhréiteach – Cumann Forbartha Chois Fharraige

Deir Cumann Forbartha Chois Fharraige gur cheart dul ar aghaidh le ‘Plean B’ Roinn na Gaeltachta d’ionad nua óige agus oideachais sa cheantar mura féidir teacht ar chomhréiteach le Coláiste Lurgan faoin scéal.

I ráiteas a chuir Cumann Forbartha Chois Fharraige amach ar maidin dúradh gur chóir don Roinn “iarracht amháin eile” a dhéanamh roimhe sin teacht ar chomhréiteach le Coláiste Lurgan maidir le forbairt an ionaid nua ag láthair an choláiste in Indreabhán.

“B’fhearr leis an gCumann Forbartha go ndéanfaí iarracht amháin eile teacht ar réiteach le stiúrthóirí Choláiste Lurgan Teo faoin dá phíosa talún a theastódh le go bhféadfaí Plean A a chur i gcrích, seachas Plean B atá níos lú.

“Sa gcás nach féidir teacht ar réiteach le Coláiste Lurgan Teo., glacann an Cumann Forbartha leis, gur fearr leanacht ar aghaidh le Plean B, ná an infheistíocht stáit agus an deis a chailliúnt Ionad Oideachais agus Óige a fhorbairt ar mhaithe leis an gceantar, Ionad a bheadh ar fáil don Choláiste Gaeilge, don óige agus d’eagraíochtaí eile sa bpobal,” a dúradh sa ráiteas.

Tá an Roinn ag iarraidh dhá phíosa talún a cheannach ó Mhicheál Ó Foighil chun an foirgneamh nua a thógáil ag láthair an choláiste in Indreabhán i nGaeltacht Chois Fharraige. Mura n-éiríonn leo socrú a dhéanamh faoin talamh sin a cheannach roimh dheireadh na míosa, chuirfí plean nua i bhfeidhm, a deir an Roinn.

Ach deir Micheál Ó Foighil, úinéir Choláiste Lurgan, nach mbeidh “baint ná páirt” aige féin leis an fhorbairt má chuireann an Roinn ‘plean B’ i bhfeidhm.

Tá sé curtha i leith na n-údarás ag Ó Foighil nach bhfuil i ‘bplean B’ na Roinne maidir le forbairt an ionaid óige ach ‘kite-flying’, nó scaipeadh scéil féachaint cén glacadh a bheidh leis.

Faoin phlean nua, bheadh an t-ionad i bhfad níos lú ná mar a bhí beartaithe. Bheadh an líon céanna seomraí ann ach bheadh an príomh-halla níos lú agus áit do níos lú daoine ann dá bharr.

Dúirt Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta, Aodhán Mac Cormaic, go mbeadh rogha fós ag Coláiste Lurgan a bheith mar phríomhthionónta san fhoirgneamh le linn an tsamhraidh mura ndíolann Coláiste Lurgan an talamh leis na húdaráis.

Dúirt sé, áfach, gur shíl sé nach mbeadh aon fhadhb ann teacht ar choláiste eile dá mba ghá.

Seachas ceist na talún, is í an chnámh spairne is mó atá idir na húdaráis agus Coláiste Lurgan ná cé a bheadh freagrach as bainistíocht an fhoirgnimh “ó cheann ceann na bliana”.

D’fhoilsigh an Roinn dréachtphlean bainistíochta maidir le reáchtáil an ionaid agus é curtha faoi bhráid grúpaí pobail. Tá go dtí deireadh na míosa ag daoine moltaí a dhéanamh faoin bplean.

Faoin phlean bainistíochta don ionad, tá sé i gceist ag an Roinn coiste comhairleach a bhunú agus bainisteoir a cheapadh don ionad a bheadh i mbun reáchtáil an fhoirgnimh ó cheann ceann na bliana. Bheadh “cead eisiach” á thabhairt do Choláiste Lurgan an foirgneamh a úsáid do na cúrsaí samhraidh gach bliain.

Deir Coiste Stiúrtha Chumann Forbartha Chois Fharraige go gcuireann siad fáilte “i bprionsabal” roimh phlean bainistíochta na Roinne.

“Tá Cumann Forbartha Chois Fharraige sásta a bheith páirteach sa gCoiste Comhairleach atá beartaithe chun cabhrú le bainistiú is le riaradh an Ionaid nua nuair atá sé tógtha,” a dúradh.

Tá amhras ann faoina bhfuil i ndán d’fhorbairt Ionad Óige agus Pobail ar láthair Choláiste Lurgan in Indreabhán le tamall mar gheall ar aighneas idir Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta ar thaobh amháin agus úinéir Choláiste Lurgan ar an taobh eile.

Deir feidhmeannaigh na Roinne agus an Údaráis go bhfuil siad dhá bhliain ag plé an scéil le húinéir Choláiste Lurgan, Micheál Ó Foighil, agus gur gá dul ar aghaidh leis an bhforbairt. Tá an baol ann, a deir siad, go mbeadh orthu an €6 milliún atá curtha ar leataobh don togra a chaitheamh áit éigin eile.

Deir siad gur dócha anois gur in 2024 a bheadh an foirgneamh tógtha.

Deir Micheál Ó Foighil gur scéal scéil atá ‘i bPlean B’ na Roinne agus go mbeadh sé “thar a bheith dúshlánach” cead pleanála a fháil don ionad atá beartaithe faoin phlean eile.

“Níl ann ach Plean A. Plean B, níl ann ach kite-flying, inseoidh mé an fhírinne ghlan duit,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Foighil go raibh an Roinn agus Údarás na Gaeltachta “théis bogadh” i dtreo phlean Choláiste Lurgan don ionad agus nach raibh “an oiread sin de bhearna” eatarthu maidir leis “na mórcheisteanna”.

“Ach caithfear dul tríd na sonraí…níl a fhios againn céard atá muid a shíniú,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Ba cheart dul ar aghaidh le ‘Plean B’ d’ionad nua in Indreabhán mura féidir teacht ar chomhréiteach – Cumann Forbartha Chois Fharraige'